Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

OSPS agus Folláine

Tá OSPS ina ghné lárnach de chlár Folláine na sraithe sóisearaí. Sainaithníonn na sé tháscaire folláine – Gníomhach, Freagrach, Ceangailte, Athléimneach, Meas Orm agus Feasach -– na rudaí atá tábhachtach d’fholláine daoine óga sa tsraith shóisearach. Tacaíonn an cúrsa OSPS le daoine óga chun na sé tháscaire folláine a fhorbairt. Tugann Fíor 2 léargas ginearálta ar na sé tháscaire folláine agus léiríonn Aguisín 2 a mhéid a bhaineann na torthaí foghlama go díreach lena táscairí folláine a fhorbairt.

Fior 2: Táscairí na folláine  

CSPE Wellbeing table

Tá treoirlínte chun tacú le scoileanna le clár Folláine don tsraith shóisearach a phleanáil agus a fhorbairt ar fáil ar https://ncca.ie/ga/an-tsraith-shóisearach/folláine/.

Tabla: Ceisteanna machnaimh don seomra ranga OSPS bunaithe ar tháscairí na folláine

Ceisteanna machnaimh don seomra ranga OSPS bunaithe ar tháscairí na folláine

Gníomhach

Conas atá mo chuid foghlama in OSPS ag cabhrú liom a bheith níos gníomhaí agus níos sláintiúla go fisiciúil?

Freagrach

Conas atá mo chuid foghlama in OSPS ag cabhrú liom roghanna maithe a dhéanamh?

Ceangailte

Conas atá mo chuid foghlama in OSPS ag cabhrú liom féachaint conas a théann mo ghníomhartha agus mo roghanna i bhfeidhm ní hamháin ar mo shaol féin ach ar dhaoine eile freisin?

Athléimneach

Conas atá mo chuid foghlama in OSPS ag cabhrú liom déileáil le gnáth-bhuaicphointí agus íosphointí an tsaoil agus cabhrú liom a fháil amach cá háit ar féidir liom dul chun cabhair a fháil, más gá?

Meas

Conas atá mo chuid foghlama in OSPS ag cuidiú liom an méid seo a leanas a mhothú — go bhfuil meas orm, go bhfuilim san áireamh agus go n-éistear liom? An bhfuil mé ag foghlaim conas meas agus cúram do dhaoine eile a léiriú i mo rang agus laistigh de?

Feasach

Conas atá mo chuid foghlama in OSPS ag cabhrú liom a bheith níos feasaí ar mo chuid smaointe, mothúchán agus iompraíochtaí?

An bhfuilim ag éirí níos feasaí ar na rudaí atá ag imirt tionchar ar mo chuid smaointeoireachta agus iompraíochta?

An bhfuilim ag éirí níos feasaí ar dhearcthaí agus ar mhothúcháin daoine eile agus an bhfuilim in ann comhbhá a léiriú?

An bhfuilim níos ábalta cinntí tuisceanacha a dhéanamh bunaithe ar mo luachanna pearsanta

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.