Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Raitís Foghlama

Léirítear i dTáblaí ar na leathanaigh seo a leanas an chaoi a bhféadfaí OSPS a nascadh le gnéithe lárnacha den fhoghlaim agus den teagasc sa tsraith shóisearach.

OSPS agus na ráitis foghlama

Naisc idir OSPS na sraithe sóisearaí agus na ráitis foghlama

Ráiteas

Samplaí d’fhoghlaim ghaolmhar sa chúrsa

RF 5
Tá feasacht ag an scoláire ar luachanna pearsanta agus tuiscint ar an bpróiseas chun cinnteoireacht ar bhonn morálta a dhéanamh.

Forbraíonn an scoláire féinfheasacht, lena n-áirítear feasacht faoina luachanna pearsanta agus an tionchar a imríonn siad ar chinnteoireacht ó lá go lá. Chomh maith leis sin, faigheann siad tuiscint, agus forbraíonn siad meas ar luachanna, creidiúintí agus eispéiris a d’fhéadfadh a bheith difriúil lena gcinn féin.

RF 6
Tuigeann an scoláire an chaoi a gcuireann luachanna, creidiúintí agus traidisiúin éagsúla leis na pobail agus leis an gcultúr ina maireann sé/sí agus tá meas aige/aici orthu.  

Bíonn deiseanna ag an scoláire plé a dhéanamh ar an gcomhthéacs sóisialta agus cultúrtha níos leithne a imríonn tionchar ar a gcaidrimh phearsanta agus idirphearsanta agus ar chinnteoireacht faoi shláinte agus faoi fholláine.   

RF 11
Gníomhaíonn an scoláire chun a fholláine féin agus folláine daoine eile a chosaint agus a chothú. 

Foghlaimíonn an scoláire conas cinntí a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt dá shláinte agus dá fholláine agus do shláinte agus d’fholláine daoine eile. Faigheann sé eolas agus forbraíonn sé scileanna agus straitéisí a chuidíonn leis déileáil le dúshláin ábhartha an tsaoil agus foghlaimíonn sé faoin áit a mbeidh tacaíocht ar fáil nuair is gá sin.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.