Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Uirlisí úsáide OSPS

Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte

Clúdaítear curaclam leathan in Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) a thacaíonn le páistí agus daoine óga chun foghlaim fúthu féin agus faoi conas caidrimh fholláine a fhorbairt agus a choinneáil. De réir a chéile, tabharfar an t-eolas agus na scileanna is gá dóibh chun cinntí freagracha a dhéanamh maidir lena sláinte agus lena bhfolláine trí chéile.

Pleanáil: Tá sé tábhachtach pleanáil don OSPS ag baint úsáid as an gcuraclam mar threoir duit. Tá torthaí foghlama OSPS na Sraithe Sóisearaí leathan agus solúbtha chun tacú leat foghlaim a phleanáil do riachtanais áirithe, do staid forbartha agus comhthéacs scoile do scoláirí.

Forbairt ghairmiúil: Tá na hábhair sna huirlisí úsáide seo ceaptha chun tacú leat dul chun cinn a dhéanamh in OSPS ó thaobh forbairt ghairmiúil de. D’fhéadfaí úsáid a bhaint astu freisin chun comhráite gairmiúla ar scoil a éascú agus chun forbairt ghairmiúil a bhaint amach ag leibhéal foirne nó ag leibhéal fhoireann na scoile iomláine.

Foilsíodh an OSPS na Sraithe Sóisearaí seo den chéad uair in 2016 agus nuashonraíodh é in 2023.

Nóta: Beidh scoláirí a chuireann tús lena gcéad bhliain i Meán Fómhair 2023 ag déanamh staidéar ar shonraíocht 2023.

front cover of 2023 spec                                front cover of 2016 spec

Féach ar chúrsa 2023                                               Féach ar chúrsa 2016

Tá dhá leagan de na hUirlisí úsáide ann, ceann do chúrsa OSPS 2023 agus ceann do chúrsa OSPS 2016. Tá trí rannán ag na hUirlisí úsáide ar fad. Cliceáil ar an rannán ábhartha den ghrafaic Uirlisí úsáide 2023 nó 2016 chun rochtain a fháil ar na hábhair.

Mé féin mar mhúinteoir aonair OSPS Cuir chuige teagaisc OSPS Áiseanna don teagasc agus foghlaim in OSPS

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.