Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

OSPS agus príomhscileanna

I dteannta lena n-inneachar agus eolas sonrach, cuireann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna ar fáil do scoláirí réimse príomhscileanna a fhorbairt. Díríonn curaclam na sraithe sóisearaí ar ocht bpríomhscil a leagtar amach thíos.

Cuireann an cúrsa seo deiseanna ar fáil chun tacú leis na príomhscileanna uile, ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo.
Sainaithníonn na samplaí thíos cuid de ghnéithe na príomhscile atá bainteach le gníomhaíochtaí foghlama in OSPS. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna ar leith a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga.

Príomhscileanna na sraithe sóisearaí

key skills table

Tábla : Naisc idir OSPS na sraithe sóisearaí agus na príomhscileanna

Príomhscil

Gné na príomhscile

Gníomhaíocht foghlama an scoláire

A Bheith Cruthaitheach  

Roghanna a fhiosrú

Fiosraíonn agus measann an scoláire roghanna i gcomhthéacs na gcinntí a dhéanann sé agus déanann sé machnamh ar thorthaí agus ar iarmhairtí dá bhfuil ann. Spreagtar an smaointeoireacht chruthaitheach agus a bheith oscailte le dearcadh daoine eile. 

A Bheith Liteartha Téacsanna éagsúla a fhiosrú agus a chruthú, lena n-áirítear téacsanna ilmhódacha Spreagtar an scoláire chun a fhoghlaim a léiriú in OSPS ar bhealaí éagsúla: go fisiciúil (amhail mím, dráma), go digiteach (amhail taifeadadh closamhairc, cur i láthair), páipéar-bhunaithe (leabhar gearrthóg, póstaer), sonraí-bhunaithe (cairteacha, graif), nó trí léiriúchán ealaíonta.
A Bheith Uimheartha Faisnéis a bhailiú, a léirmhíniú agus a mheas     Déanann an scoláire machnamh ar shonraí taighde atá ábhartha dá shaol.  I roinnt cúinsí, d’fhéadfadh an scoláire a suirbhéanna nó a gceistneoirí féin a chruthú chun gnéithe sláinte agus folláine ábhartha do dhaoine óga a imscrúdú.

Cumarsáid

Éisteacht agus mé féin a chur in iúl      

Foghlaimíonn an scoláire conas smaointe agus mothúcháin a chur in iúl go soiléir measúil agus forbraíonn sé ionbhá trí éisteacht le dearcthaí agus eispéiris éagsúla agus trí mheas a bheith acu ar mhothúcháin daoine eile.

Faisnéis agus smaointeoireacht a   bhainistiú

Smaoineamh go cruthaitheach
agus go criticiúil

Spreagtar an scoláire amhras a chaitheamh ar thuairimí (a thuairimí féin agus tuairimí daoine eile) agus ar noirm shóisialta. Spreagtar an scoláire le machnamh a dhéanamh ar a fhoghlaim agus í a athbhreithniú i bhfianaise eolas nua agus léargais a shealbhaítear.

Mé féin a bhainistiú

Aithne orm féin

Tríd an bhfoghlaim, forbraíonn an scoláire féinfheasacht agus aithníonn sé a luachanna pearsanta, a láidreachtaí agus a chumais. Tugtar tacaíocht dó chomh maith chun machnamh a dhéanamh ar thionchar an teaghlaigh, na gcomhscoláirí, na meán agus tosca comhthéacsúla eile a imríonn tionchar ar cé hé féin agus na roghanna a dhéanann sé.

Fanacht folláin

A bheith slán

Aithníonn an scoláire na hiarmhairtí is mó a bhaineann le hiompraíochtaí rioscúla mífholláine agus foghlaimíonn sé conas freagairt má tá a shábháilteacht féin faoi bhagairt.

Obair le daoine eile

Dea-chaidrimh a

fhorbairt agus plé le coimhlint

I gcaitheamh na foghlama forbraíonn an scoláire na bunscileanna atá ag teastáil ó chaidrimh shláintiúla, lena n-áirítear scileanna le haghaidh cumarsáid threallúsach agus mheasúil.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.