Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Raitís Foghlama

Ráitis foghlama (RF)

 

Ráiteas

Samplaí d’fhoghlaim ghaolmhar sa chúrsa

RF 11
Gníomhaíonn an scoláire chun a leas féin agus leas daoine eile a chosaint agus a chothú.  

Scrúdaíonn an scoláire an chaoi a n-imríonn a luachanna, dhearcthaí agus iompraíocht tionchar ar a shláinte agus fholláine féin agus ar shláinte agus folláine daoine eile. Forbraíonn sé acmhainní difriúla le tacú le daoine óga cinntí eolacha a dhéanamh dá bhfolláine féin agus d’fholláine daoine eile.

RF 5
Tá feasacht ag an scoláire ar luachanna pearsanta agus tuiscint ar an bpróiseas chun cinnteoireacht ar bhonn morálta a dhéanamh. 

Bíonn an scoláire rannpháirteach i réimse gníomhaíochtaí a chuireann iompraíochtaí freagracha chun cinn agus a chuidíonn leis scileanna a fhorbairt le cinntí pearsanta agus grúpa a dhéanamh a léiríonn meas ar a dhínit féin agus ar dhínit daoine eile.

RF 6
Tuigeann an scoláire mar a chuireann luachanna, creidiúintí agus traidisiúin éagsúla leis na pobail agus leis an gcultúr ina maireann sé/sí agus tá meas aige/aici orthu. 

In OSPS, bíonn deiseanna ag an scoláire tuairimí a phlé, fadhbanna a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh faoin gcaoi a bhféadfaí tabhairt fúthu lena chomhscoláirí, ag cuidiú leis mar sin léirthuiscint a fháil don luach atá ar dhearcthaí difriúla.  Trí chás-staidéir a scrúdú agus trí thabhairt faoi rólimirt, is féidir leis an scoláire foghlaim le níos mó comhbhá a bheith aige le daoine eile agus meas a bheith aige ar luachanna, creidiúintí agus traidisiúin dhifriúla. 

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.