Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Leagann an tsraith shóisearach an-bhéim ar mheasúnú mar chuid den phróiseas foghlama. Sa chur chuige sin, teastaíonn éagsúlacht sa mheasúnú chun a chinntiú go mbíonn an modh/na modhanna measúnaithe a roghnaítear oiriúnach don fheidhm, tráthúil agus ábhartha don scoláire. I measúnú OSPS na sraithe sóisearaí, déanfar optamú ar an deis a bheidh ag an scoláire a bheith ina rannpháirtí machnamhach agus gníomhach ina gcuid foghlama féin, agus beidh an deis ag múinteoirí tacú leis sin.

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Tacaíonn an cúrsa OSPS le héagsúlacht leathan cur chuige i leith measúnaithe. Samhlaítear gur measúnú foirmitheach a bheidh i measúnú OSPS, den chuid is mó, agus cuirfidh an scoláire fianaise ar a chuid foghlama ar fáil trí ilmhodhanna léirithe lena n-áirítear píosaí ó bhéal, i scríbhinn, go físiúil agus píosaí bunaithe ar na healaíona. Sna comhthéacsanna sin, déanfaidh an scoláire, i dteannta lena múinteoirí agus lena gcomhscoláirí, machnamh ar a gcuid foghlama féin agus ar fhoghlaim daoine eile agus tabharfaidh siad breithiúnas orthu trí bhreathnú ar chaighdeán píosaí áirithe oibre, agus aontóidh siad maidir leis na chéad chéimeanna eile dá chuid foghlama, bunaithe ar aiseolas a thugann agus a fhaigheann sé. Sa chaoi sin, is féidir le measúnú foirmitheach tacú leis an scoláire ina aistear foghlama agus ina ullmhúchán don Mheasúnú Rangbhunaithe a bhaineann leis an gcúrsa seo.

Cuirfear dul chun cinn agus gnóthachtáil an scoláire sna gearrchúrsaí, idir mheasúnuithe leanúnacha agus an Measúnú Rangbhunaithe a bhaineann go sonrach leis an gcúrsa seo, in iúl dá thuismitheoirí/chaomhnóirí sa tuairisciú eatramhach agus i bPróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS).

Chun tacú leis sin, beidh teacht ag múinteoirí agus ag scoileanna ar ábhar tacaíochta measúnaithe atá ar fáil ar líne, mar aon leis an treoir le haghaidh an phróisis Athbhreithnithe ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ).

Áirítear san ábhar tacaíochta ar líne réimse de thacaí measúnaithe, comhairle agus treoirlínte a chuirfidh ar chumas scoileanna agus múinteoirí dul i ngleic leis an gcóras measúnaithe agus leis na socruithe tuairiscithe ar bhealach eolach, le muinín agus le cinnteacht.

Anuas air sin, tá ábhair a forbraíodh go sonrach chun tacú le teagasc agus foghlaim OSPS ar fáil in Uirlisí Úsáide OSPS ar https://www.curriculumonline.ie/ga-ie/Junior-cycle/Short-Courses/SPHE/SPHE-RSE-toolkit/.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.