Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Gluais phríomhthéarmaí OSPS

Caidrimh rómánsúla nó dhlúthphearsanta: chun crích na sonraíochta seo tagraíonn sé do chaidrimh a bhfuil cairdeas agus níos mó san áireamh iontu lena n-áirítear mealladh gnéasach agus d’fhéadfadh gean, saobhghrá, dúil, agus collaíocht a bheith ina measc.

Duine Gníomhach: duine a fheiceann agus a aithníonn eachtra dhochrach nó eachtra a d’fhéadadh a bheith dochrach agus ní thugann siad droim láimhe uirthi.

Duine Neamhghníomhach: duine atá ar an láthair nuair a tharlaíonn rud éigin agus feiceann siad an eachtra ach ní ghlacann siad aon pháirt inti.

Féiniúlacht inscne: eispéireas inmheánach aonair a mhothaíonn daoine ag baint lena n-inscne, a thagann, nó nach dtagann, leis an ngnéas a cláraíodh tráth na breithe.

Folláine mhothúchánach: a bheith feasach faoina mothúcháin féin, a bheith in ann na mothúcháin sin a bhainistiú agus a léiriú go cuí agus a bheith in ann déileáil le deacrachtaí agus cásanna strusmhara. Tagann athruithe ar fholláine mhothúchánach agus baineann sé le cumas duine thuas seal agus thíos seal an tsaoil a bhainistiú. Ní hionann í agus an sonas, atá neamhbhuan. Cuireann an cúrsa seo folláine mhothúchánach chun cinn do gach scoláire agus cé nach ndíríonn sé ar fhadhbanna meabhairshláinte ar leith (amhail dúlagar, imní), a dteastaíonn tacaíocht phroifisiúnta uathu thar an seomra ranga, cuidíonn sé leis an scoláire féinfheasacht agus na scileanna a fhorbairt chun a bhfolláine mhothúchánach a thacú agus a chosaint i rith a shaoil.

Gnéas: na tréithe bitheolaíocha agus fiseolaíocha atá fireann nó baineann. Nuair a thagann páistí ar an saol, déantar a ngnéas a chinneadh nó a ‘shannadh’ ar bhonn a gcuid ball giniúna seachtrach den chuid is mó; is iondúil, ach ní i gcónaí, go mbíonn sé seo ina léiriú ar a gcomhdhéanamh hormónach agus crómasómach inmheánach.

Gnéasacht: gnéithe an duine lena n-áirítear gnéas bitheolaíoch, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne, léiriú gnéasach, fantaisíochtaí gnéasacha, dearcthaí agus luachanna a bhaineann le gnéas. Is féidir le gnéithe gnéasachta athrú agus muid ag dul in aois agus nuair a bhíonn caidrimh dhifriúla againn (féach an roth gnéasachta).

Gnéaschlaonadh: cumas an duine do mhealladh mothúchánach agus gnéasach do, agus caidrimh dhlúthphearsanta agus ghnéasacha le, duine d’inscne dhifriúil, nó an inscne chéanna nó níos mó ná inscne amháin. Ní mhothaíonn roinnt daoine mealladh gnéasach nó bíonn leibhéil ísle de mhealladh gnéasach acu, agus tugtar éighnéasacht air seo.

Gníomhaíocht ghnéasach/dlúthchaidreamh gnéis: réimse gníomhaíochtaí lena n-áirítear pógadh, teagmháil, cuimilt agus caidreamh collaí (ina gcineálacha éagsúla) a bhaineann le pléisiúr gnéasach a thabhairt agus a fháil. Féadann na gníomhaíochtaí seo a bheith aonarach nó le daoine eile.

Gníomhaire: duine atá ar an láthair nuair a tharlaíonn rud éigin agus labhraíonn siad amach nó déanann siad rud ar son duine aonair nó ar son cúise, idirghabháil a dhéanamh ar son duine éigin atá i mbaol dochair nó ionsaithe go háirithe. Is geall le Duine Gníomhach é.

Inniúlacht sa tsláinte: na hacmhainní agus na hinniúlachtaí pearsanta atá de dhíth le go bhféadfaidh daoine rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí agus í/iad a thuiscint, a mheas agus a úsáid, ar mhaithe le cinntí a dhéanamh faoi chúrsaí sláinte. Áirítear leis freisin an cumas chun na cinntí sin a chur in iúl, a dhearbhú agus gníomhú ina leith.

Inscne: Na tosca sóisialta agus cultúrtha a théann i bhfeidhm ar a bhfuil i gceist le bheith fireann agus baineann, .i. na róil, iompraíochtaí, gníomhaíochtaí agus tréithe sóisialta a mheasann sochaí ar leith a bheith oiriúnach d’fhir agus do mhná. Is tábhachtach inscne a idirdhealú ó ‘gnéas’, ní a thagraíonn do na tréithe bitheolaíocha agus fiseolaíocha atá fireann nó baineann (féach an sainmhíniú ar ghnéas thíos).

Iompraíocht bhulaíochta: iompraíocht d’aon ghnó a dhéantar arís agus arís le himeacht aimsire ag grúpa nó duine aonair a bhfuil rún acu gortú nó pian a dhéanamh trí theagmháil fhisiciúil, ionsaithe ó bhéal nó ionramháil shíceolaíoch.

Iompraíocht mhí-úsáideach: téarma ginearálta a áiríonn iompraíochtaí éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ionsaitheach go follasach nó faoi cheilt, comhéigneach, smachtaithe, ciapach, imeaglaithe, leithlisithe, nó bagrach. D’fhéadfadh an iompraíocht mhí-úsáideach tarlú ar bhonn aonuaire e nó arís agus arís eile, d’aon turas nó neamhbheartaithe.

Iompraíochtaí andúile: i gcomhthéacs na sonraíochta seo, tagraíonn sé seo d’iompraíochtaí andúile a bhféadfadh daoine óga a bheith ina mbun, ar nós úsáid alcóil/substaintí, cluichíochta, cearrbhachais agus andúil sna meáin shóisialta.

Iompraíocht: tagraíonn sé don bhealach ina n-iompraíonn daoine nó a gcaitheann siad leo féin nó le daoine eile. Is cabhair é breathnú ar iompraíocht mar chontanam. Is féidir le hiompraíocht a bheith oiriúnach, cuidiúil, tacúil, measúil, neodrach, mí-oiriúnach, mí-chuidiúil, mí-thacúil, dímheasúil, nó dochrach (go fisiciúil nó go síceolaíoch) fiú. D’fhéadfaí a áireamh le hiompraíocht dhochrach iompraíochtaí mí-úsáideacha agus iompraíochtaí bulaíochta. Tá féinfheasacht agus tuiscint maidir le tionchar iompraíochta dé dhíth chun ár n-iompraíocht a aithint agus a thuiscint, agus is í an chéad chéim í chun dul i ngleic le hiompraíochtaí is mian linn a athrú.

Léiriú gnéasach: na bealaí éagsúla a léirímid ár ngnéasacht. Cuimsíonn sé cumarsáid agus glacadh le grá, mothúchán a léiriú, pléisiúr a thabhairt agus a fháil, a bheith ar ár gcumas smacht a choimeád ar iompraíocht ghnéasach agus atáirgthe.

Noirm shóisialta: na rialacha neamhscríofa a bhaineann le creidimh, dearcthaí, agus iompraíochtaí a mheastar gurb inghlactha iad i ngrúpa sóisialta nó cultúr áirithe. I gcomhthéacs na hoibre le daoine óga tá sé tábhachtach noirm shóisialta a cheistiú agus critíc a dhéanamh orthu, go háirithe iad siúd atá dochrach, mí-chuidiúil nó nach léiríonn céard is tábhachtach do dhaoine.

Scileanna sóisialta agus mothúchánacha: i gcomhthéacs na sonraíochta seo tagraíonn scileanna sóisialta agus mothúchánacha d’fhéinfheasacht, d’fhéinbhainistíocht, do chinnteacht fhreagrach, do scileanna caidrimh agus d’fheasacht shóisialta mar a leagtar amach sa Chreat Scileanna Sóisialta agus Mothúchánacha CASEL.

Sláinte: staid d’fholláine iomlán fhisiciúil, mheabhrach agus shóisialta agus ní easpa galair nó éiglíochta amháin.

Steiréitíopaí: cur síos a dhéanamh ar dhuine, ar ghrúpa nó ar chultúr atá bunaithe ar réimse gnéithe, iompraíochtaí nó gníomhaíochtaí a ndéantar talamh slán díobh.

Toiliú: croíphrionsabal a bhaineann le gach caidreamh idirphearsanta measúil; is éard atá i gceist leis ná aitheantas agus meas ó thaobh teorainneacha an duine féin agus teorainneacha daoine eile agus deimhniú a dhéanamh i gcónaí mura bhfuiltear cinnte faoi. Déantar toiliú i dtimpeallacht ghnéis a shainmhíniú i ndlí na hÉireann mar seo a leanas: toilíonn duine le gníomh gnéasach má aontaíonn sé nó sí dá d(h)eoin féin agus dá s(h)aorthoil féin gabháil don ghníomh sin.  Is é is aois toilithe ann in Éirinn chun páirt a ghlacadh i gcaidreamh collaí ná 17 mbliana d’aois.

Úsáid substaintí: i gcomhthéacs na sonraíochta seo, tagraíonn úsáid substaintí d’alcól, do nicitín, do vápáil agus do dhrugaí.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.