Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

OSPS 2023: Aidhm agus Réasúnaíocht

Réasúnaíocht

Cuireann Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) spás ar leith ar fáil inar féidir leis an scoláire an t-eolas, an tuiscint, na scileanna, na meonta agus na luachanna a fhorbairt chun tacaíocht a thabhairt dá fholláine fhisiciúil, mhothúchánach, shóisialta agus spioradálta1, anois agus amach anseo.  Tá OSPS bunaithe ar mheas, comhionannas, ionchuimsitheacht, freagracht, dínit, atrua agus comhbhá.

Is tréimhse í an ógántacht ina n-athraíonn daoine óga agus ina mbíonn dúshláin rompu. Faigheann siad tuiscint níos fearr ar bhféiniúlacht agus bíonn siad níos cinnte faoin gcineál daoine atá iontu. Is próiseas feadh an tsaoil é ‘d’intinn féin a bheith agat’ agus braistint shábháilte féiniúlachta a fháil. Is príomhchúram forbartha é  le linn na hógántachta.   Tá eolas agus scileanna de dhíth ar dhaoine óga le cúnamh a thabhairt dóibh tuiscint láidir a bheith acu ar a nádúr féin a fhorbairt, cinntí eolacha agus sláintiúla a dhéanamh, aire mhaith a thabhairt dóibh féin agus do dhaoine eile agus dul i ngleic le dúshláin an tsaoil.

Cuireann an cúrsa seo béim láidir ar fhorbairt scileanna saoil tábhachtacha atá ag teastáil ó dhaoine óga atá ag fás aníos agus an domhan ag éirí níos gasta agus níos casta. Go sonrach, dírítear ar fhorbairt na bpríomhscileanna sóisialta agus mothúchánacha seo a leanas: féinfheasacht, féinbhainistíocht, cinnteoireacht fhreagrach, feasacht shóisialta agus scileanna caidrimh. Léiríodh go socraíonn na scileanna seo cé chomh maith agus a théann daoine i ngleic le timpeallachtaí dúshlánacha atá ag athrú, agus go bhféadann siad tionchar a imirt ar thorthaí tábhachtacha an tsaoil.

Tá Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta (OCG) ina chuid lárnach den OSPS, agus nascann sé le gnéithe de. Tá sé ríthábhachtach do dhaoine óga ag an tráth seo dá saol, agus iad ag déanamh machnamh ar cheisteanna ar nós ‘cén cineál duine atá ionam?’ agus ‘céard a theastaíonn uaim ó thaobh caidrimh de?’ Agus iad ag leanúint ar aghaidh lena bhféiniúlacht a fhorbairt, tá siad ag baint ciall as eispéiris saoil, eolas, íomhánna agus teachtaireachtaí faoi chaidrimh agus faoi ghnéasacht ó réimse foinsí neamhfhoirmiúla amhail comhscoláirí, a dteaghlaigh, na meáin, agus an t-idirlíon. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an deis acu machnamh a dhéanamh ar chaidrimh, gnéasacht agus léiriú sláintiúil gnéis, agus plé a dhéanamh ar na nithe seo laistigh de shuíomh sábháilte an tseomra ranga le múinteoirí oilte.

Trí úsáid a bhaint as oideolaíochtaí criticiúla agus rannpháirtíochta, cuireann OSPS spás sábháilte, tacúil, neamhbhreithiúnach ar fáil inar féidir leis an scoláire féinfheasacht agus feasacht ar dhaoine eile a fhorbairt, machnamh agus díospóireacht a dhéanamh, agus gníomhartha a aithint ionas go bhféadfadh sé a fholláine féin agus folláine daoine eile a chosaint agus a chothú. Trí bhuanna agus inniúlachtaí daoine óga a dhaingniú agus a fhorbairt agus dlús seasmhach a chur lena bhfoghlaim, déanann OSPS obair thábhachtach chun go mbeidh daoine óga in ann a nguth a aimsiú agus féin-éifeachtúlacht a fhorbairt.

Sa tsraith shóisearach, sainaithníodh sé tháscaire mar ghné lárnach d’fholláine an scoláire. Cuireann teagasc agus foghlaim laistigh den seomra ranga OSPS deiseanna foghlama fiúntacha ar fáil chun na sé tháscaire d’fholláine a chothú, rud a chuidíonn leis an scoláire a bheith Gníomhach, Freagrach, Ceangailte, Athléimneach, Meas a bheith Air agus Feasach. Mar sin de, tá OSPS ina ghné lárnach de chlár Folláine scoile sa tsraith shóisearach.

Tugann an tsonraíocht seo tacaíocht do mhúinteoirí glacadh le cur chuige atá ionchuimsitheach i gcomhréir leis na prionsabail a ghabhann le comhionannas, cearta daonna agus freagrachtaí. Cinntíonn sé sin go bhfeicfeadh an scoláire é féin, a theaghlach agus a phobal léirithe ar fud na foghlama agus d’fhoghlaimeodh siad luach na héagsúlachta mar fhoinse shaibhriúcháin. Cuireann OSPS, mar sin, le sochaí a thógáil atá aontaithe, atruach agus cothrom; ceann a chuimsíonn gach inscne, gnéasacht, eitneacht, creideamh/dearcadh, aicme shóisialta agus cumas/míchumas. 

Is éard atá i gceist le gné spioradálta na folláine a bheith in ann uamhan agus iontas a mhothú agus fios a bheith agat go bhfuil brí agus cuspóir leis an saol.

Aidhm

Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo féinfheasacht agus féinfhiúntas dearfach an scoláire a fhorbairt: an t-eolas, an tuiscint, na scileanna, na meonta agus na luachanna a fhorbairt a chuirfidh ar a chumas saol sásúil sláintiúil a chaitheamh: cur ar a chumas caidrimh mheasúla cheanúla, leis féin agus le daoine eile, a chruthú, a chothú agus a choinneáil: agus cur lena chumas cur go dearfach leis an tsochaí.


1 Is éard atá i gceist le gné spioradálta na folláine a bheith in ann uamhan agus iontas a mhothú agus fios a bheith agat go bhfuil brí agus cuspóir leis an saol.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.