Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Pleanáil, Teagasc agus Measúnú

Léirítear sa cháipéis seo an dóigh a bhféadfadh múinteoir eiseamláirí[1] a fhorbairt i ngach ceann de na Nuatheangacha Iasachta. 

Tá naisc fhollasacha le torthaí foghlama i sonraíocht na Nuatheangacha Iasachta ar áireamh inti. Tá siad sin agus na hinniúlachtaí thíos araon bunaithe ar an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach. Le naisc den sórt sin, tacaítear leis an múinteoir pleanáil a dhéanamh agus tugtar cúnamh dó ráitis ‘is féidir liom’ a cheapadh don scoláire, nithe is féidir a chur ar áireamh ina phunann.

Is thar thréimhse na sraithe sóisearaí go hiondúil a fhorbraítear na torthaí foghlama, ina n-iomláine. Mar sin, níl sna torthaí foghlama atá roghnaithe anseo ach sampla de thorthaí foghlama a d’fhéadfaí a fhorbairt le linn staidéar a dhéanamh ar an téama seo agus a d’fhéadfaí a bhaint amach ar fud roinnt Téamaí
I measc na dtéamaí don Ghaeilge tá: mé féin, sa bhaile, an scoil, bia, an teilifís, siopadóireacht, caitheamh aimsire, éadaí, an aimsir agus ócáidí speisialta. Is féidir leis an múinteoir go leor topaicí a roghnú as na téamaí. D’fhéadfaí na topaicí seo a leathnú chun ábhar atá spéisiúil don pháiste a chur san áireamh freisin.
éagsúla thar thréimhse trí bliana na sraithe sóisearaí. Ina theannta sin, is i gcló trom atá na gnéithe ábhartha de thorthaí foghlama a bhaineann leis na heiseamláirí samplacha thíos.

Níor cheart aon tábhacht ar leith a chur leis na Téamaí
I measc na dtéamaí don Ghaeilge tá: mé féin, sa bhaile, an scoil, bia, an teilifís, siopadóireacht, caitheamh aimsire, éadaí, an aimsir agus ócáidí speisialta. Is féidir leis an múinteoir go leor topaicí a roghnú as na téamaí. D’fhéadfaí na topaicí seo a leathnú chun ábhar atá spéisiúil don pháiste a chur san áireamh freisin.
atá roghnaithe ná leis na gníomhaíochtaí foghlama atá in úsáid anseo. D’fhéadfaí aon téama agus aon ghníomhaíocht ábhartha ar bith a roghnú chun críocha léiriúcháin.

Téama samplach:  Laethanta Saoire Téama Samplach: Dul ar Mhalartú Scoile  
Gaeilge Gaeilge
Fraincís Fraincís
Gearmáinis Gearmáinis
Iodáilis Iodáilis
Spáinnis Spáinnis

 

Leibhéil Chomhchoiteanna Tagartha an Chreata Chomhchoitinn Tagartha Eorpaigh – scála domhanda

Na Leibhéil Chomhchoiteanna Tagartha – an eangach féinmheasúnaithe

[1] Is ionann eiseamláir agus mír teanga a úsáidtear le haghaidh cás ar leith. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.