Eacnamaíocht Bhaile agus Príomhscileanna
I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Tá deiseanna ann chun tacú leis na príomhscileanna uile sa chúrsa seo ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo. Sainaithnítear sna samplaí thíos cuid de na gnéithe atá bainteach le gníomhaíochtaí foghlama in Eacnamaíocht Bhaile. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna ar leith a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga. Leagtar amach na hocht bpríomhscil go mion i bPríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí.
An phríomhscil |
Gné na príomhscile |
Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama an scoláire |
---|---|---|
A bheith cruthaitheach |
Roghanna a fhiosrú Smaointe a chur i bhfeidhm agus gníomhú |
Cuireann an scoláire próiseas na treorach le haghaidh dearadh i bhfeidhm agus mír teicstíle a dhéanamh don duine aonair nó don teach. |
A bheith liteartha |
Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas |
Léiríonn an scoláire tábhacht na cumarsáide éifeachtaí trí ghearán a dhéanamh faoi fhadhb tomhaltóra trí mheán litreach/ríomhphoist |
A bheith uimheartha |
Meon dearfach a fhorbairt i leith iniúchadh, réasúnaíochta agus réiteach fadhbanna Meastachán, tuar agus ríomh |
Cuireann an scoláire a chuid scileanna uimhriúla i bhfeidhm agus buiséad á dhéanamh; oidis a athrú i gcomhair líon difriúil daoine laistigh de bhuiséad; agus comhábhair a mheá agus a thomhas; seomraí a phleanáil; agus fabraicí a thomhas. |
Cumarsáid
|
Plé agus díospóireacht Uimhreacha a úsáid |
Déanann an scoláire plé ar chaidreamh teaghlaigh agus an ról ata ag cumarsáid chun caidrimh a neartú. Déanann an scoláire suirbhé ag am lóin faoi bheith ag ól deochanna atá milsithe ag siúcra i measc sampla de scoláirí na scoile. Ceapann an scoláire feachtas póstaeir ina dtaispeántar na torthaí agus ina ndéantar teachtaireacht faoi bhia sláintiúil a chur chun cinn. |
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú |
Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil. TFC agus meáin dhigiteacha a úsáid chun ábhar a rochtain, a bhainistiú agus a chomhroinnt |
Oibríonn scoláirí as lámha a chéile chun biachlár sláintiúil cothrom a cheapadh le haghaidh aon lán amháin, agus úsáid á baint acu as teicneolaíocht. |
Mé féin a bhainistiú |
Cinntí ciallmhara a dhéanamh |
Oibreoidh an scoláire ar chás-staidéar ar earra teicneolaíochta a cheannach dá úsáid féin agus úsáid á bhaint aige as scileanna i dtuiscint airgeadais chun na hacmhainní atá ar fáil aige, riachtanas agus mianta a mheas. |
Fanacht folláin |
A bheith folláin agus gníomhach go fisiciúil A bheith muiníneach
A bheith dearfach faoin bhfoghlaim |
Oibreoidh scoláirí as lámha a chéile chun riachtanais chothaitheacha céim áirithe den saolré a fhiosrú. Glacfaidh an scoláire páirt i bpiarmheasúnú ar bhéilí do scoláire agus déanfar ar bhealach dearfach agus cuiditheach é.
|
Obair le daoine eile |
Ag cuidiú le háit níos fearr a dhéanamh den domhan |
Tabharfaidh an scoláire comhairle ar nósanna inbhuanaithe ó lá go lá is féidir a chur i bhfeidhm sa bhaile, m.sh. cén chaoi cur amú bia a sheachaint. |