Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Aidhm

Is é an aidhm atá i gceist in Eacnamaíocht Bhaile ná eolas, meonta, tuiscint, scileanna agus luachanna an scoláire a fhorbairt chun maireachtáil barr feabhais, fholláin agus inbhuanaithe a bhaint amach do gach duine mar dhuine aonair, agus mar bhall de theaghlaigh agus den tsochaí. Déanann an scoláire forbairt ar scileanna praiticiúla an scoláire maidir le hinniúlacht i gcúrsaí bia agus sláinte agus cinntí eolasacha a dhéanamh a mbeidh tionchar dearfach acu ar a shláinte agus a fholláine mar dhuine aonair agus laistigh dá shochaí chomh maith. Cothaíonn Eacnamaíocht Bhaile acmhainneacht, nuálaíocht, inoiriúnaitheacht agus inniúlacht an scoláire mar thomhaltóir. Forbraíonn sé scileanna dearaidh agus teicstílí cruthaitheacha an scoláire. Déanann Eacnamaíocht Bhaile forbairt ar scoláire atá meabhrach ar an gcomhshaol agus atá dírithe ar shaol inbhuanaithe freagrach a chaitheamh.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.