Ionchais maidir le Scoláirí
Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí. I gcás na ngearrchúrsaí a d’fhorbair CNCM, beidh samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama ar fáil. D’fhéadfadh go rachadh sé chun tairbhe scoile a dhearann a cuid gearrchúrsaí féin taisce samplaí d’obair scoláirí a chruthú le haghaidh plé agus tagartha amach anseo.
Torthaí foghlama
Is ráitis iad natorthaí foghlama ina gcuirtear síos ar an eolas, an tuiscint, na scileanna agus na luachanna is ceart don scoláire a bheith in ann a thaispeáint i ndiaidh dó an gearrchúrsa Timpeall an Domhain in Ochtú Lá sa tsraith shóisearach a chur i gcrích. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire agus léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na tréimhse staidéir (thart ar 100 uair an chloig).
Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin.
Contanaim dul chun cinn do Chláir Foghlama Leibhéal 1
Tá seacht gconaire sa chontanam dul chun cinn (thíos), ina ndéantar cur síos, go ginearálta, ar fhoghlaim agus ar fhorbairt a bhaineann le Leibhéal 1.
Scríobhadh na conairí chun ord dul chun cinn a léiriú, cé nach bhforbraíonn an scoláire ar an gcúrsa seo go hintleachtúil nó go feidhmeach ar bhealach líneach i gcónaí. Is féidir leis an múinteoir an contanam a úsáid le cabhrú leis tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil scoláire ag feidhmiú i ndáil lena fhoghlaim. B’fhéidir go mbeadh scoláirí ar chonairí difriúla do réimsí difriúla foghlama nó torthaí foghlama. Tacaíonn an contanam leis an múinteoir chun an chéad chonair chuí eile a shainaithint don scoláire ar a thuras foghlama.
An ContanamDul chun Cinn
DUL CHUN CINN |
Déanann an scoláire na nithe seo... |
---|---|
BLAISEADH DE |
Bíonn sé i láthair i gcaitheamh gníomhaíocht foghlama. Beidh sé ina dhúiseacht agus/nó nochta don timpeallacht foghlama. Bíonn sé ag dul i dtaithí ar an timpeallacht foghlama, m.sh., rudaí, daoine, fuaimeanna agus taithí chéadfach eile. |
AIRD A THABHAIRT AIR |
Tugann sé aird ar na gníomhaíochtaí foghlama a chuirtear ina láthair agus/nó téann i ngleic leo trí ghothaí, iompar an choirp, guthaíocht, súilfhéachaint, gluaiseacht, srl., a athrú. Tá sé tar éis dul i dtaithí ar an timpeallacht foghlama. |
FREAGAIRT DÓ |
Taispeánann sé go bhfuil sé in ann spéis a chur sa timpeallacht foghlama go gníomhach nó d’aon ghnó. Tosaíonn sé ag cur in iúl céard is maith leis, céard nach maith leis nó céard is fearr leis. Freagraíonn sé go gníomhach do ghníomhaíocht foghlama le tacaíocht nó gan tacaíocht. |
TÚS A CHUR LEIS |
Bíonn sé fiosrach faoin timpeallacht foghlama. Lorgaíonn sé, go gníomhach agus go neamhspleách, deiseanna le dul i ngleic leis an timpeallacht sin agus/nó dul i bhfeidhm uirthi. |
SEALBHÚ |
Taispeánann sé go bhfuil eolas, coincheap nó scil á foghlaim. Fiosraíonn sé an fhoghlaim agus glacann páirt inti. |
AG ÉIRÍ LÍOFA |
Gluaiseann sé i dtreo líofachta agus cruinnis i gcomhthéacsanna foghlama a bhfuil taithí aige orthu. Taispeánann sé go neamhspleách agus go seasta go bhfuil sé in ann cuimhneamh ar an scil/coincheap/eolas a foghlaimíodh. |
GINEARÁLÚ |
Aistríonn sé scileanna, eolas nó coincheapa foghlamtha chuig comhthéacsanna a bhfuil taithí aige orthu agus chuig comhthéacsanna nach bhfuil, agus cuireann sé i bhfeidhm iad sna comhthéacsanna sin. |
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
My hime and my family |
|
My school |
|
My community and local ammenities |
|
Local places of interest/famous landmarks |
|
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Climates, clothing and cuisine |
|
Sights, songs and cuisines |
|
Plants and animals |
|
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Models and methods of transport |
|
History of trnasport |
|
Accessibility of transport |
|
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Venturing further afaield |
|