Foghlaim phearsantaithe
Tá na spriocanna i bPlean Oideachais don Dalta Aonair Tara mar bhunchloch lena clár foghlama pearsantaithe. Is próiseas comhoibritheach atá i bhforbairt na spriocanna seo le múinteoirí an ranga speisialta, teiripeoirí urlabhra agus teanga, teiripeoir saothair, síceolaí, cúntóir riachtanas speisialta agus tuismitheoirí. Tarlaíonn cumrú na spriocanna sa Phlean Oideachais don Dalta Aonair ag cruinniú leis na daoine ábhartha ar fad ag tús na bliana. Déantar athbhreithniú ar na spriocanna sin faoi dhó sa bhliain. Déanann na múinteoirí ranga athbhreithnithe coicísiúla neamhfhoirmiúla chun meastóireachtaí maidir le dul chun cinn spriocanna a chomhdhlúthú agus pleanáil dá réir. Tá buanna agus laigí Thara sa Phlean Oideachais don Dalta Aonair, a cheadaíonn do réimsí lárnacha na foghlama pearsantaithe.
Is féidir é sin a fheiceáil sa tábla thíos:
|
Plean Oideachais don Dalta Aonair Buanna Spriocanna |
||
|
Cumarsáid |
|
|
|
Scileanna sóisialta |
|
|
|
Cúram pearsanta |
|
|
|
Scileanna luaile |
|
|
|
Cúrsaí acadúla feidhmiúla |
|
|
Bunaithe ar na spriocanna seo agus a láidreachtaí, spéiseanna agus spreagthaí ar leith, roghnaíodh na gnéithe ábhartha ó gach ATF chun clár foghlama Tara a chur le chéile. Dá réir, is féidir acmhainní teagaisc agus foghlama agus straitéisí ar leith a chur le chéile le cabhrú le spriocanna an Phlean Oideachais don Dalta Aonair a bhaint amach.
|
Aonad Foghlama Tosaíochta |
Gnéithe |
Torthaí foghlama |
Naisc le hábhair na sraithe sóisearaí/gníomhaíochtaí scoile |
Nasc le Clár Foghlama Leibhéal 2 |
|
ATF 1: Cumarsáid, teanga agus litearthacht |
Tuiscint
|
1.5 Feasacht a léiriú ar thuin, comharthaíocht choirp, gothaí, luas, guthaíochtaí agus airde, agus iad a úsáid, chun dul i bhfeidhm ar an gcumarsáid 1.10 Aird a thabhairt ar stór focal méadaithe i dtéacs agus freagairt dó 1.22 A léiriú go n-aithníonn agus go dtuigeann sé siombailí, comharthaí, amharcléiriú ar rudaí 1.23 Brí a lorg ó mheascáin de chomharthaí, de shiombailí nó de théacs chun críocha praiticiúla |
Béarla agus gach ábhar |
A5 Páirt a ghlacadh i gcumarsáid phraiticiúil, fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil B2 Iompar cuí neamhbhriathartha a úsáid agus smaoineamh simplí á chur in iúl B3 Freagra nó ceist a chur in iúl go neamhbhriathartha C1 Focail choitianta a úsáidtear go coitianta agus atá ábhartha go pearsanta a léamh B1 Réimse modhanna cumarsáide neamhbhriathartha a shainaithint B4 Freagra a thabhairt do chomharthaí neamhbhriathartha a fheictear sa ghnáthshaol laethúil |
|
ATF 2: Uimhearthacht |
|
2.24 Páirt a ghlacadh in eispéireas siopadóireachta 2.19 Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ina n-úsáidtear teanga na gluaiseachta agus an tsuímh |
Cuairteanna siopadóireachta Matamaitic Corpoideachas Eacnamaíocht Bhaile Tíreolaíocht |
A1 Nótaí agus boinn Euro a úsáidtear go minic a aithint A2 Íoc as mír i gceart agus an sóinseáil a chomhaireamh in idirbheart siopadóireachta samplach nó réalaíoch G1 Foclóir cuí a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar threo G5 An corp nó baill den chorp a úsáid chun bogadh i dtreo ar leith G6 Réimse rudaí a bhogadh i dtreonna ar leith |
|
ATF 3: Cúram pearsanta agus folláine |
|
2.10 Tascanna cúraim phearsanta a dhéanamh go neamhspleách 2.35 Áiteanna poiblí agus príobháideacha agus an chaoi a bhfuil siad difriúil a shainaithint 2.37 Gnásanna sóisialta príobháideachais a leanúint 2.38 Feasacht a léiriú ar theagmháil chuí agus neamhchuí le daoine eile |
OSPS Eolaíocht Eacnamaíocht Bhaile |
A1 Cleachtas cúraim phearsanta laethúil a shainaithint A2 Cur síos a dhéanamh ar na bealaí is tábhachtaí chun an corp a choinneáil glan A5 Plean comhaontaithe cúraim phearsanta a choinneáil F1 Gnáthainmneacha na ngnéasorgán a shainaithint F2 Cur síos a dhéanamh ar fheidhmeanna bhaill ghnéis an choirp F3 Na hathruithe fisiceacha agus mothúchánacha a tharlaíonn i gcailíní agus i mbuachaillí le linn na hógántachta a aithint F4 An difríocht idir bealaí cuí agus míchuí chun mothúcháin a chur in iúl a aithint |
|
ATF 4: A bheith rannpháirteach i bpobal |
|
4.10 Páirt a ghlacadh in úsáid limistéir/seomraí difriúla ina thimpeallacht láithreach go cuí 4.11 Cuairt a thabhairt ar áiseanna agus páirt a ghlacadh in áiseanna a úsáid ina thimpeallacht 4.12 Eolas a léiriú ar áiteanna a stóráiltear rudaí a bhfuil cur amach aige orthu 4.30 Dul i ngleic le tasc nó post sa phobal |
Scoileanna glasa Marcaíocht capaill theiripeach Eacnamaíocht Bhaile OSPS agus gach ábhar |
Ullmhú don obair D1 Samplaí a thabhairt de chleachtais shábháilte i dtrí ionad oibre ar leith D2 Gach uirlis agus trealamh a úsáid i gceart agus go sábháilte i réimse ranganna praiticiúla D3 Cur síos a dhéanamh ar threalamh leictreach agus é a úsáid i gceart agus go sábháilte i raon ranganna praiticiúla D4 Gach uirlis, ábhar agus trealamh a stóráil go sábháilte D5 Na nósanna imeachta difriúla i gcomhair nósanna imeachta pearsanta maidir le féinchosaint ag an obair a liostú Cónaí i bpobal C4 Páirt a ghlacadh i dtionscadal pobail atá bunaithe sa scoil agus an rannpháirtíocht sin a thaifeadadh |
|
ATF 5: Na healaíona |
|
5.5 Páirt a ghlacadh i saothar ealaíne a chruthú bunaithe ar fhíor-spreagthacha nó spreagthacha samhalta 5.6 Amharc-ealaín a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh, lena n-áirítear mothúcháin a chur in iúl ar bhealach cruthaitheach 5.7 Oibriú go neamhspleách chun píosa ealaíne a tháirgeadh 5.12 Turgnamh a dhéanamh le fuaimeanna ó bhéal a dhéanamh 5.18 Fuaimeanna a nascadh le léirithe pictiúrtha 5.19 Fonn éasca a sheinm ar uirlis a roghnaíonn sé |
Ealaín Béarla Matamaitic Ceol |
Cumarsáid agus litearthacht E2 Réimse íomhánna a chruthú trí ábhair éagsúla a úsáid E3 Píosa oibre a chruthú i gcomhair taispeántais E1 Páirt a ghlacadh i dtaibhiú nó cur i láthair |
|
ATF 6: Corpoideachas |
|
6.5 Scileanna oll-luaileacha a bheachtú 6.6 Scileanna mínluaile a bheachtú 6.16 Breathnú ar ghluaiseachtaí duine eile agus iarracht a dhéanamh iad a chóipeáil 6.19 Dhá ghluaiseacht nó níos mó a nascadh le chéile chun sraith gluaiseachtaí a chruthú |
Corpoideachas Ióga |
Cúram pearsanta C4 Gnáthamh aclaíochta a choinneáil i dtimpeallacht dhea-struchtúrtha Cumarsáid agus litearthacht E5 Drámaíocht nó damhsa a úsáid chun fíorchásanna agus cásanna samhailteacha a fhiosrú |