Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Réamhrá Tá Ciarán 15 bliana d’aois agus tá siondróm Down air. Tá sé ag feidhmiú sa raon foghlama íseal measartha/géar. Is scoláire spraíúil, ceanúil agus sásta é Ciarán a dtaitníonn leis freastal ar scoil agus is maith lena phiaraí é. Tá deartháir agus de

Tá plean démhíosúil aonair ag Ciarán a théann i ngleic lena láidreachtaí agus a riachtanais i ndáil le treoirlínte Leibhéal 1. Tugtar breac-chuntas ann ar na gnéithe agus na torthaí foghlama a bhfuil sé ag obair orthu agus ar na straitéisí atá á n-úsáid chun iad a bhaint amach.

Tá Plean Oideachais don Dalta Aonair ag Ciarán a cuireadh le chéile i gcomhar lena thuismitheoirí agus na gairmithe atá páirteach ina chuid foghlama. Déanann an múinteoir ranga athbhreithniú míosúil air agus faoi dhó sa bhliain déanann na gairmithe a chur i dtoll a chéile é athbhreithniú air. Glactar an t-am chun láidreachtaí, réimsí tosaíochta agus spéiseanna Chiaráin a shainaithint agus a phlé mar go mbeidh tionchar acu seo ar ábhar spriocanna a Phlean Oideachais don Dalta Aonair.

Is iad na spriocanna foghlama tosaíochta a sainaithníodh do Chiarán ina Phlean Oideachais don Dalta Aonair:

 

Sprioc 1: Fuaimneoidh Ciarán focail ina bhfuil trí nó ceithre shiolla i gceart le leideanna agus leathnóidh sé a abairtí go dtí níos mó ná focal amháin agus é ag labhairt i rith an lae (ceartaithe 100% den am).

Straitéisí teagaisc: Nuair a bhíonn Ciarán ag labhairt go teagmhasach, agus a chuid nuachta á hinsint agus ag tabhairt teachtaireachtaí srl. i rith an lae, ceartófar é nuair is gá agus spreagfar é chun a abairtí a leathnú chuig níos mó ná focal amháin le leideanna.

Úsáidfear an clár urlabhra agus teanga trí huaire sa tseachtain le cabhrú chun an scil seo a chomhdhlúthú.

Sprioc 2: Foghlaimeoidh Ciarán chun é féin a ghléasadh go neamhspleách (t-léine, geansaí) 100% den am.

Straitéisí teagaisc: Bainfidh agus cuirfidh Ciarán air a chuid stocaí, treabhsar, t-léine agus geansaí agus bróga go neamhspleách trí huaire sa tseachtain le sceideal amhairc le grianghraif, samhaltú agus leideanna ó bhéal.

Sprioc 3: Eolas a fhorbairt ar theorainneacha maidir lena bhfuil inghlactha i suíomhanna sóisialta.

Straitéisí teagaisc: Úsáidfear samhaltú le cabhrú le Ciarán tuiscint a fháil ar scileanna comhrá cuí le piaraí agus leis an bhfoireann–úsáidfidh sé ‘bosa in airde’ agus croitheadh láimhe in ionad barróg agus póigíní nuair a bheannaíonn sé do dhaoine 100% den uair.

Úsáidfear moladh agus spreagadh nuair a bhíonn iompar Chiaráin cuí i gcásanna sóisialta. Labhrófar leis an bhfoireann maidir lena n-iompar le Ciaran chun iompar mí-aibí agus míchuí a dhíspreagadh. Tabharfar deiseanna do Chiarán labhairt leis an bhfoireann agus lena phiaraí i rith an lae (am nuachta, obair i ngrúpaí, am sosa, srl.).

Sprioc 4: Eolas ar am a mhéadú chuig an uair.

Straitéisí teagaisc: Úsáidfear cluichí agus gníomhaíochtaí idirghníomhacha agus gníomhaíochtaí idirdhealaithe priontáilte chun feasacht Chiaráin a mhéadú ar uair an chloig ar chlog analógach.

Úsáidfear cluichí agus gníomhaíochtaí idirghníomhacha chun na huimhreacha ar chlog a ainmniú.

Úsáidfear bileoga oibre idirdhealaithe chun an tsnáthaid mhór agus an tsnáthaid bheag ar an gclog a theagasc

Tabharfar leagan priontáilte de chlog analógach do Chiarán agus úsáidfear gníomhaíochtaí gearrtha agus greamaithe le cabhrú leis an aghaidh a chomhlánú (ag meaitseáil).

Sprioc 5: Boinn agus nótaí euro 10c 20c 50c €1 €5 a mheaitseáil 100% den am.

Straitéisí teagaisc: Úsáidfear cluichí idirghníomhacha agus bileoga oibre idirdhealaithe, duine le duine i dtosach le leideanna ag laghdú.

 

Fisiteiripeoir agus teiripeoir saothair

Chuamar i gcomhairle le teiripeoir saothair maidir le meáchan Chiaráin mar go bhfuil sé murtall i dtéarmaí cliniciúla agus go bhfuil meáchan á chur air go leanúnach. Bíonn tionchar aige seo ar a mhaireachtáil laethúil mar go mbíonn sé deacair aige a stocaí a chur air agus a bhaint de agus nuair a théimid ar ár siúlóid laethúil, uaireanta bíonn sé ag streachailt le giorra anála.

Achoimre ar na cláir foghlama nasctha leis na ATFanna, gnéithe agus naisc le hábhair na sraithe sóisearaí/gníomhaíochtaí scoile

Aonad Foghlama Tosaíochta

Gnéithe

Naisc le hábhair na sraithe sóisearaí/gníomhaíochtaí scoile

ATF 1: Cumarsáid, teanga agus litearthacht

a) Caidrimh chumarsáideacha a fhorbairt

Ceachtanna litearthachta grúpa

Nuacht na maidine

Tionól

ATF 2:  Uimhearthacht

e) Tomhais agus sonraí

f) Am

Amanna sosa

Leithreas a úsáid

ATF 3: Cúram pearsanta agus folláine

b) Cúram Pearsanta agus Folláine

c) Bia agus cothú

OSPS

ATF 4: A bheith rannpháirteach i bpobal

d) Caidreamh le daoine eile

ATF 5: Na healaíona

a) Amharc-ealaín

Teiripe cheoil

Tionól

ATF 6: Corpoideachas

a) Scileanna gluaiseachta (lúthchleasaíocht/gleacaíocht)

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.