Foghlaim phearsantaithe
Deartar Plean Oideachais don Dalta Aonair Shiobhán i gcomhar lena tuismitheoirí, a múinteoir ranga, na cúntóirí riachtanas speisialta agus aon teiripeoirí ábhartha. Deartar an Plean Oideachais don Dalta Aonair ag tús na bliana acadúla agus déantar athbhreithniú air gach téarma.
Sa Phlean Oideachais don Dalta Aonair, sainaithnítear láidreachtaí, riachtanais, spéiseanna agus buanna Shiobhán agus tá sé mar bhunús le clár foghlama pearsantaithe a chruthú atá ábhartha, bríoch agus spreagthach.
Cáipéis chomhoibritheach agus scoláire-láraithe atá sa Phlean Oideachais don Dalta Aonair agus tá deiseanna pleanáilte ann do Shiobhán chun cur lena Plean Oideachais don Dalta Aonair agus chun a smaointe agus tuairimí a chur in iúl agus machnamh a dhéanamh ar a dul chun cinn.
Achoimre ar na spriocanna i bPlean Oideachais don Dalta Aonair Shiobhán
Cumarsáid, teanga agus litearthacht
- Labhairt go cuí le haghaidh cuspóirí éagsúla
- Aird mar éisteoir a thaispeáint
- Iompar neamhbhriathartha a úsáid
- Léitheoireacht chun eolas bunúsach a fháil
- Foirmeacha scríofa a úsáid le tuairimí a chur in iúl
- Ealaíona mothúchánacha a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh
Uimhearthacht
- Airgead a bhainistiú
- Feasacht faoi uimhreas
- Áireamhán a úsáid
- Feasacht faoi am
- Feasacht spásúil
- Feasacht faoi theocht
- Feasacht faoi mheáchan agus toilleadh
Cúram pearsanta agus folláine
- Cinntí pearsanta a dhéanamh
- Gnéasacht
- Bainistíocht struis
- Cúram maith pearsanta laethúil a fhorbairt
- Eolas ar conas a bheith sábháilte
A bheith rannpháirteach i bpobal
- Roghanna a dhéanamh agus áiseanna áitiúla á n-úsáid m.sh. caiféanna áitiúla
- Sástacht a chur in iúl i gcuideachta daoine eile
Na healaíona
- Páirt a ghlacadh i saothar ealaíne a chruthú bunaithe ar fhíor-spreagthacha nó spreagthacha samhalta – Póstaer a chruthú do mhaidin caife Nollag
- Oibriú go neamhspleách agus/nó go comhoibritheach chun saothar ealaíne a tháirgeadh
Corpoideachas
- An corp ar fad nó baill de a bhogadh go cruthaitheach mar fhreagairt ar spreagthach
- Feasacht a fhorbairt ar chonairí agus treo na gluaiseachta
Achoimre ar chlár foghlama Shiobhán
|
Aonad Tosaíochta Foghlama (ATF) |
Gnéithe |
Ábhair na sraithe sóisearaí/gníomhaíochtaí scoile |
|
ATF 1: Cumarsáid, teanga agus litearthacht |
Caidrimh chumarsáideacha a fhorbairt |
Béarla agus gach ábhar |
|
ATF 2: Uimhearthacht |
Tuiscint ar uimhreas a fhorbairt |
Matamaitic, eacnamaíocht bhaile agus gach ábhar |
|
ATF 3: Cúram pearsanta agus folláine |
Cúram pearsanta agus sláinteachas |
OSPS, corpoideachas, eacnamaíocht bhaile agus gach ábhar |
|
ATF 4: A bheith rannpháirteach i bpobal |
Áiseanna áitiúla a úsáid |
OSPS, STOS, Béarla, matamaitic |
|
ATF 5: Na healaíona |
Na hAmharcealaíona |
Ceol, drámaíocht, na hamharcealaíona |
|
ATF 6: Corpoideachas |
Gluaiseacht chruthaitheach (damhsa) |
OSPS, STOS |