Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú

Dul chun cinn agus gnóthachtáil a aithint

Aithnítear dul chun cinn Thara go laethúil. Leanann gach múinteoir agus cúntóir riachtanas speisialta atá mar chuid d’oideachas Thara straitéis an atreisithe dhearfaigh chun suim Thara ina cuid oibre a spreagadh. Déantar é seo le moladh ó bhéal agus cumarsáidí neamhlabhartha leanúnacha. Bronntar réalta ar Tara dá cairt réalta freisin tar éis di oibriú i dtreo a spriocanna. Tá an t-aiseolas seo comhsheasmhach ionas go mbeidh Tara feasach ar a spriocanna foghlama agus conas iad a bhaint amach. Úsáidtear leabhar nótaí cumarsáide do bhaile Tara freisin chun nótaí a choinneáil dá cur chun cinn mar aon leis an taitneamh a bhaineann sí as an méid atá á déanamh aici i rith an lae. Beartas scoile atá ann freisin go dtugtar luach saothair don ghnóthachtáil ag deireadh gach scoilbhliana. Bronntar teastais ghnóthachtála ar Thara. I rith searmanas na bliana seo caite, tugadh luach saothair do Thara as a tinreamh iontach i rith na bliana mar aon lena cuid ceoil.

Príomhthasc measúnaithe/gníomhaíochtaí i gcomhair fianaise ar fhoghlaim

Déantar measúnú ar fhoghlaim Thara tríd an múinteoir ag faire. Breathnaítear ar dhul chun cinn na spriocanna sa Phlean Oideachais don Dalta Aonair agus torthaí foghlama ATF d’fhonn cinneadh a dhéanamh maidir lena bhfuil na scileanna seo bainte amach. Is gá na scileanna seo a ghinearálú i roinnt gníomhaíochtaí agus suíomhanna teagaisc d’fhonn an scil nua a ghnóthachtáil ina hiomláine. Déantar measúnú ar Thara freisin trí thascanna taispeántais, tar éis na scileanna sin a theagasc agus gur féidir le Tara ansin an tasc a dhéanamh go neamhspleách nuair a thugtar spreagthaigh nó cás ina láthair, mar shampla rudaí a chur in aice/in/faoi, tar éis treoir a fháil.

Taispeántar saothar ealaíne iontach Thara freisin sa seomra ranga agus fillteán ealaíne mar fhianaise ar an bhfoghlaim. Taifeadtar taispeántais iontacha ceoil Thara freisin agus taispeántar dá tuismitheoirí iad chun a gnóthachtálacha a roinnt agus a shainaithint.

Is trí phunann a dhéantar an príomh-mheasúnú. Coinnítear fianaise ar fhoghlaim uile Thara anseo le grianghraif agus físeáin. Déantar an phunann seo i gcóip chrua agus ceadaíonn sé sin do Thara féachaint siar ar a cuid gnóthachtálacha agus taispeánann sé a cuid oibre crua agus an méid a bhain sí amach do dhaoine eile. Tá sé seo iontach chun féinmheas Thara a thógáil agus chun scileanna cumarsáide a atreisiú freisin. Mar gheall ar an méid mór fianaise ar fhíseáin, fiosrófar an fhéidearthacht chun r-phunann a bhunú a thuilleadh.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.