Taifid Foghlama Traschuraclaim
Tar éis spriocanna pearsantaithe a chruthú do gach scoláire, deartar gníomhaíochtaí traschuraclaim ansin ina gcuimseofaí teagasc agus foghlaim do dhá nó trí sprioc ag an am céanna. Deartar gníomhaíochtaí chun spéiseanna an scoláire a chuimsiú agus nasctar iad go minic leis an téama don leath-théarma, má bhíonn sé sin tairbheach chun stíleanna agus riachtanais foghlama an scoláire a chomhlíonadh. Déantar na gníomhaíochtaí a phleanáil, a rianú agsu a mheasúnú ar cháipéis ar a dtugtar ‘Taifead Foghlama Traschuraclaim’. Tá roinnt samplaí den phleanáil leis na taifid foghlama traschuraclaim do Chris sna leathanaigh a leanas.
Samplaí de Thaifid Foghlama Traschuraclaim
Sneaiceanna sláintiúla
|
Aonad Foghlama Tosaíochta |
Cúram pearsanta agus folláine |
|---|---|
|
Gné |
Bia agus cothú |
|
Toradh Foghlama |
3.18 Páirt a ghlacadh i sneaiceanna sláintiúla a dhéanamh |
|
Conair dhul chun cinn |
Aird a thabhairt air/Freagairt dó |
|
Na Gnéithe Cáilíochta 1 |
Gheobhaidh Chris eispéireas ar bhlaiseadh, láimhseáil agus boladh réimse torthaí agus glasraí a úsáidtear chun sneaiceanna sláintiúla éagsúla a dhéanamh i rith an leath-théarma. Tacófar leis (lámh os cionn láimhe) chun comhábhair a mheascadh nó a bhrú ar feadh tamall gairid i mbabhla. Spreagfar Chris chun úsáid a bhaint as trealamh leictreach cosúil le cumascóir, ag obair le rialú laisce (an lasc gar don lámh). |
|
Aonad Foghlama Tosaíochta |
Cumarsáid, teanga agus litearthacht |
|
Gné |
Tuiscint |
|
Toradh Foghlama |
|
|
Conair |
Sealbhú |
|
Na Gnéithe Cáilíochta 2 |
Freagróidh Chris go hamhairc don ghrianghraf a bhfuil cur amach aige orthu (ar feadh trí shoicind ar a laghad) don ‘chócaireacht’ díreach sula dtosaíonn an ghníomhaíocht agus arís díreach tar éis í a thosú. I rith na gníomhaíochta cócaireachta, freagróidh Chris go hamhairc do ghrianghraf de chomhábhair a bheidh in aice leis an rud é féin agus é á láimhseáil, á bhlaiseadh agus á fhiosrú. |
|
Aonad Foghlama Tosaíochta |
Cumarsáid, teanga agus litearthacht |
|
Gné |
Fiosrú agus úsáid |
|
Toradh Foghlama |
1.14 A chur in iúl go soiléir céard iad na rudaí agus/nó gníomhaíochtaí is fearr leis agus diúltú do nithe nach fearr leis |
|
Conair dhul chun cinn |
Freagairt dó |
|
Na Gnéithe Cáilíochta 3 |
Léireoidh Chris comhsheasmhacht ina shainroghanna bia nuair a thairgtear na míreanna céanna dó ceithre huaire nó níos mó trí ghlacadh leis an mír bhia agus í a bhlaiseadh nó í a bhrú uaidh. |
|
Gníomhaíocht |
|
|
|
|
Leibhéal tacaíochta |
|
|
|
Liathróid fisiteiripe a phreabadh
|
Aonad Foghlama Tosaíochta |
Cumarsáid, teanga agus litearthacht |
|---|---|
|
Gné |
Caidrimh chumarsáideacha a fhorbairt |
|
Toradh Foghlama |
1.6 Tús a chur le cumarsáid le duine fásta agus piaraí a bhfuil aithne aige orthu |
|
Conair dhul chun cinn |
Freagairt dó/Tús a chur leis |
|
Na Gnéithe Cáilíochta 1 |
Brúfaidh Chris lasc BIGmack chun ‘tuilleadh preab’ a iarraidh le roinnt leideanna ó bhéal agus méar a shíniú. |
|
Aonad Foghlama Tosaíochta |
Cúram pearsanta agus folláine |
|
Gné |
Folláine fhisiciúil |
|
Toradh Foghlama |
3.24 An cholainn a úsáid chun tionchar a imirt ar rudaí sa timpeallacht |
|
Conair dhul chun cinn |
Tús a chur leis |
|
Na Gnéithe Cáilíochta 2 |
Siúlfaidh Chris chuig an lasc BIGmack (a chuirfear timpeall dhá mhéadar uaidh) agus brúfaidh sé é chun tacaíocht a iarraidh le preabadh ar an liathróid. |
|
Aonad Foghlama Tosaíochta |
Uimhearthacht |
|
Gné |
Tuiscint ar uimhreas a fhorbairt |
|
Toradh Foghlama |
2.13 Páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhairimh |
|
Conair dhul chun cinn |
Aird a thabhairt air/Freagairt dó |
|
Na Gnéithe Cáilíochta 3 |
Léireoidh Chris roinnt aitheantais/eolais ar an seicheamh 1–10 a chloisteáil á chomhaireamh os ard trí thosú ag glacadh cuid dá mheáchan féin ar ais faoin naoú nó an deichiú comhaireamh, ag léiriú feasachta go bhfuil na preaba beagnach críochnaithe. Déanfaidh sé é sin sé huaire as deich. |
|
Gníomhaíocht |
|
|
|
|
Leibhéal tacaíochta |
|
|
Leideanna ó bhéal agus fisiciúla i dtosach (breith ar an lasc), laghdaithe chuig leideanna fisiciúla (méar a shíneadh chuig an lasc). Tacaíocht iomlán ar an liathróid fisiteiripe (breith ar lámha chun deich bpreab a éascú). |
|
Ciorcal machnaimh agus gnáthamh dheireadh an lae
|
Aonad Foghlama Tosaíochta |
Uimhearthacht |
|---|---|
|
Gné |
Patrún agus seicheamh |
|
Toradh Foghlama |
2.10 Dul i ngleic le teanga, rudaí, siombailí, comharthaí agus spreagthacha a bhaineann le hord agus seicheamh atá mar chuid de ghnáthamh laethúil an scoláire |
|
Conair dhul chun cinn |
Freagairt dó |
|
Na Gnéithe Cáilíochta 1 |
Spreagfar Chris chun tuiscint a léiriú ar an ngnáthamh ag deireadh an lae trí bhualadh le Audrey in aice leis an doras chun a chóta a chur air i rith/ag deireadh an amhráin san am ciorcail deiridh. Tiocfaidh Chris chuig an doras tar éis leideanna amhairc agus éisteachta sé huaire as deich. |
|
Aonad Foghlama Tosaíochta |
Uimhearthacht |
|
Gné |
Am |
|
Toradh Foghlama |
2.26 Dul i ngleic le teanga agus/nó míreanna, siombailí, comharthaí, spreagthacha nó gníomhaíochtaí a bhaineann le hamanna an lae agus/nó laethanta na seachtaine |
|
Conair dhul chun cinn |
Freagairt dó |
|
Na Gnéithe Cáilíochta 2 |
Léireoidh Chris a thuiscint ar bhrí amhrán dheireadh an lae tar éis am ciorcail trí bhogadh go neamhspleách chuig an doras trí huaire as cúig. |
|
Aonad Foghlama Tosaíochta |
Na healaíona |
|
Gné |
Drámaíocht |
|
Toradh Foghlama |
5.20 Feasacht a léiriú de bheith mar chuid de lucht féachana |
|
Conair dhul chun cinn |
Freagairt dó/Tús a chur leis |
|
Na Gnéithe Cáilíochta 3 |
Is iondúil go dtabharfaidh Chris aird amhairc ar fhormhór na bhfíseán machnaimh ar a chuid oibre féin mar chuid den lucht féachana i rith tionóil cheiliúrtha agus amanna ciorcail laethúla. Tacófar leis le bheith feasach ar a phiaraí mórthimpeall air agus an moladh atá á chur ar fáil acu as a éachtaí trí thacaíocht duine le duine. |
|
Gníomhaíocht |
|
|
Glacfaidh Chris páirt i ngnáthamh dheireadh an lae formhór an ama. Suífidh sé ina shuíochán ainmnithe i gcomhair am ciorcail. I rith a ama machnaimh, tabharfaidh Chris aird amhairc ar fhíseáin dá chuid oibre agus léireoidh sé freagra dearfach (meangadh gáire, sian) le bualadh bos agus moladh. Nuair a chloiseann sé an t-amhrán dul abhaile, tacófar le Chris le leideanna ó bhéal, ceoil agus le roinnt leideanna fisiciúla (Audrey ina seasamh ina háit) le bogadh i dtreo an dorais, tacófar leis lena chóta a chur air agus ansin le fanacht ag an doras/a thuiscint a léiriú go bhfuilimid ag imeacht go luath. |
|
|
Leibhéal tacaíochta |
|
|
Leideanna éisteachta – amhráin ghnáthamh dheireadh an lae a sheinntear in ord Ó bhéal – glaofar Chris chuig am ciorcail/dá chóta Fisiciúil – mura mbogann Chris go neamhspleách, tabharfaidh duine fásta leid dó trína rá leis céard atá ar siúl, comhaireamh 1–3 a thabhairt dó agus breith ar a dhá lámh le cabhrú leis. |
|
Tráidirí céadfacha téamacha – Téama: Maireachtáil shláintiúil
|
Aonad Foghlama Tosaíochta |
Cumarsáid, teanga agus litearthacht |
|---|---|
|
Gné |
Tuiscint |
|
Toradh Foghlama |
1.12 A léiriú go bhféadfadh sé a bheith ag súil leis na chéad chéimeanna eile i ngníomhaíocht a bhfuil taithí aige uirthi nuair a chuirtear spreagthach ina láthair |
|
Conair dhul chun cinn |
Freagairt dó |
|
Na Gnéithe Cáilíochta 1 |
Léireoidh Chris a thuiscint ar na chéad chéimeanna eile i rith na gceachtanna ‘sláinteachais’ seachtainiúla trí chumarsáid chomhsheasmhach a dhéanamh maidir leis na rudaí is maith agus nach maith leis (m.sh. rud nach maith leis a bhrú uaidh nuair a thaispeántar é/siúl amach ón bhfoghlaim). |
|
Aonad Foghlama Tosaíochta |
Cumarsáid, teanga agus litearthacht |
|
Gné |
Fiosrú agus úsáid |
|
Toradh Foghlama |
1.19 Ábhar spéise agus tuairimí a chur in iúl le réimse modhanna cumarsáide briathartha nó neamhbhriathartha |
|
Conair dhul chun cinn |
Freagairt dó |
|
Na Gnéithe Cáilíochta 2 |
Cuirfidh Chris na rudaí is maith agus nach maith leis a fhiosraítear i rith ceachtanna sláinteachais seachtainiúla in iúl go comhsheasmhach (m.sh. rud nach maith leis a bhrú uaidh nuair a thaispeántar é/siúl amach ón bhfoghlaim). |
|
Aonad Foghlama Tosaíochta |
Cúram pearsanta agus folláine |
|
Gnéithe |
Féinfheasacht Cúram pearsanta agus sláinteachas |
|
Torthaí foghlama |
3.4 Feasacht a léiriú ar a chumais agus scileanna féin ar nós scileanna féinchúnaimh nó cineáltas do dhaoine eile 3.7 Páirt a ghlacadh i ngnáthaimh chúraim phearsanta |
|
Conair dhul chun cinn |
Freagairt dó |
|
Na Gnéithe Cáilíochta 3 |
Cuirfidh Chris suas le tacaíocht a fháil agus a fhiacla agus a ghruaig á scuabadh, agus a aghaidh agus a lámha á níocháin. Breathnóidh Chris sa scáthán i rith na gníomhaíochta seo, tabharfaidh sé aird ar feadh deich soicind ar a laghad agus spreagfar é le páirt a ghlacadh le tacaíocht lámh os cionn láimhe ar feadh soicindí gairide i ngach gníomhaíocht. |
|
Gníomhaíocht |
|
|
I rith na gceachtanna ‘sláinteachais’ seachtainiúla, tacófar le Chris chun a lámha agus a aghaidh a ní; a ghruaig agus a fhiacla a níochán; féachaint air féin sa scáthán agus eispéireas a fháil ar dhíbholaíoch fear. Cuirfear gach gníomhaíocht i láthair ceann ag an am, le grianghraif in aice leis na míreanna. Mairfidh an scuabadh/níochán ar feadh fad amhrán a bhfuil cur amach aige air mura ndeir Chris gur mhaith leis go stopfadh an ghníomhaíocht. |
|
|
Leibhéal tacaíochta |
|
|
Tacaíocht duine le duine i rith na gníomhaíochta. Lámh os cionn láimhe de réir mar a chuirtear suas leis. |
|