Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Gairmchlár na hArdteistiméireachta

Illustration showing images associated with self-directed learning, enterprise, work and the community

I mí Márta 2022, d’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley pleananna do Shraith Sinsearach athfhorbartha. De bharr an bhfógra seo beidh ar chumas scoláirí atá ag tosú sa chúigiú bliain i Meán Fómhair 2022 agus ar aghaidh na Nascmhodúil a dhéanamh gan na critéir a bhaineann go sonrach le hábhar a shásamh. Fágann sé seo nach gá dhá ábhar a roghnú as na Grúpaí Gairm-Ábhar (GGA) agus nach gá le cúrsa aitheanta i Nuatheanga Eorpach (seachas Gaeilge nó Béarla) a leanúint. Tá ráiteas clár athbhreithnithe foilsithe anois a léiríonn na hathruithe seo.

Clár Ardteistiméireachta ina ndírítear ar fhiontraíocht agus ullmhúcháin do shaol na hoibre is ea Gairmchlár na hArdteistiméireachta. Sa chlár Ardteistiméireachta dhá bhliain seo nasctar neart na hArdteistiméireachta Bunaithe agus fócas dinimiciúil ar fhoghlaim féintreoraithe, fiontraíocht, obair agus an pobal. Is beag idir Gairmchlár na hArdteistiméireachta agus an Ardteistiméireacht Bhunaithe. Déanann scoláirí dhá chúrsa breise, ar a dtugtar Nascmhodúil, a bhaineann le hUllmhúcháin do Shaol na hOibre agus Oideachas Fiontraíochta. Féach ar Ráiteas Ghairmchlár na hArdteistiméireachta le tuilleadh a fháil amach faoi aidhmeanna an chláir.

Ráiteas Ghairmchlár na hArdteistiméireachta 2022

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.