Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ábhar Tacaíochta don Teagasc agus Foghlaim

Tá sé d’aidhm ag na hábhair seo tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí agus do scoláirí chun torthaí foghlama na Ríomheolaíochta a bhaint amach. Níl na smaointe ná na hacmhainní a thugtar anseo saintreorach ná cuimsitheach. Aimseoidh múinteoirí agus scoláirí go leor bealaí eile chun na torthaí foghlama a bhaint amach. Áirítear leis na hacmhainní naisc chuig ceachtanna agus físeáin ó CNCM chomh maith le ríomhthascanna, agus dúshláin don Tasc Foghlama Feidhmí agus don Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil ar ardáin html. Moltar acmhainní gréasáin eile mar naisc úsáideacha don tsonraíocht seo don Ríomheolaíocht, cé gur cheart do mhúinteoirí agus scoláirí a ndiscréid agus a mbreithiúnas a úsáid. Tá moltaí ann freisin maidir le modheolaíochtaí teagaisc agus taisc mheasúnaithe don scoláire. Moltar do mhúinteoirí agus scoláirí na hacmhainní sin a úsáid mar ardáin chun a n-acmhainní féin a chruthú, mar chineál measúnaithe agus mar shaothair mhachnaimh do na punanna foghlama.

CLick a section to get to the info you want to readProg Concepts ALT ideas Evolution of CompSoc

Cliceáil ar an íomhá thuas chun dul díreach chuig na hacmhainní a luaitear.

Cliceáil thíos chun níos mó a fhoghlaim faoin gcineál tacaíochta a thugtar sna hacmhainní.

Creat na bPríomhphrionsabail Foghlama chun tús a chur le Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta.

Acmhainní a ghabhann le Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil

“Tá ról an ríomhchlárúcháin sa ríomheolaíocht cosúil leis an obair phraiticiúil sna hábhair eile—
tugann sé spreagadh, agus comhthéacs ina gcuirtear smaointe i gcrích laistigh de. Foghlaimíonn an scoláire ríomhchlárúchán agus fadhbanna á réiteach aige trí phróisis smaointeoireachta ríomhaireachtúla agus trí fheidhmeanna praiticiúla cosúil le tascanna foghlama feidhmí.” Sonraíocht Ríomheolaíochta na hArdteistiméireachta (2017)
Tá trí chuid ann. Coincheapa an Ríomhchlárúcháin a thugtar ar an bpríomhchuid – naoi gcoincheap ríomhchlárúcháin a fhoghlaimítear trí Python. Is acmhainní neamhspleácha iad an dá chuid eile (Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil Bhlocbhunaithe agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil Dhíphlugáilte) ach cuimsítear iad freisin sa bpríomhchuid faoi choincheapa an ríomhchlárúcháin ag an leibhéal cuí foghlama. Fiosraítear na naoi gcoincheap i gcomhthéacsanna éagsúla. 

Coincheapa an Ríomhchlárúcháin

0. Cód a Léamh agus a Mhodhnú

1. Athróga

2. Ionchur/Aschur Bunúsach
3. Teaghráin
4. Coinníollacha
5, Lúba (Atriallta)
6. Liostaí agus Foclóirí
7. Sainithe (Feidhmeanna)
8. Tástáil Aonad

Foghlaimítear coincheapa ag úsáid ríomhchlárúchán téacsbhunaithe (Python ar dtús, ansin Javascript níos iomláine níos deireanaí sa chúrsa) le ríomhchlárúchán blocbhunaithe freisin (m.sh. Scratch, cód microbit). Tugann tascanna spriocdhírithe, ríomhchlárúchán beirte agus dúshláin smaointeoireachta ríomhaireachtúla comhthéacs breise don fhoghlaim. Ar deireadh, réitítear fadhbanna le micreaphróiseálaí, agus foghlaimítear an coincheap trí mhicreaphróiseálaí a úsáid, a threisíonn an fhoghlaim agus a chuireann fíorchuspóir ar fáil don ábhar. Níl mórán taighde ar fáil sa réimse seo, agus níl a bhfuil ar fáil críochnúil, ach tugann Franklin et al (2016), Rubin (2016), Werner et al (2013) agus Waite (2017), i dteannta ghlacadh foriomlán na foghlama cumaisc ar an dara agus ar an tríú leibhéal, le fios gur féidir leis na cineálacha oideolaíochtaí cumaisc ilchomhthéacsúla a bheith éifeachtach agus spéisiúil. Tá nádúr agus éifeachtacht na dtascanna bunaithe ar phrionsabal simplí: céard a bhfuiltear ag súil go ndéanfaidh an scoláire leis an bhfaisnéis agus leis an eolas chun a dtuiscint a neartú?  Tá raon taighde ar fáil sa réimse seo ó An exploration of internal factors influencing student learning of programming le Carbone et al (2009) go leabhair oideachais ar nós The Magenta Principles.


Tugtar liosta thíos de na cineálacha acmhainní a sholáthraítear 

Tugtar liosta thíos de na cineálacha acmhainní a sholáthraítear 
Braitheann soláthar na n-acmhainní ar an gcoincheap atá i gceist. Mar shampla, beidh suas le trí dhúshlán smaointeoireachta ríomhaireachtúla i roinnt, ceann amháin i roinnt agus ní bheidh ceann ar bith i roinnt eile.

  • Ceachtanna agus Tascanna chun Python a fhoghlaim, is féidir a chur in eagar le Microsoft PP agus Google Slides.
  • Pleananna Ceachta leabaithe i sleamhnáin, agus tugtar aghaidh ar Thorthaí Foghlama.
  • Coincheapa an ríomhchlárúcháin a fhorbairt trí Ghrafaicí Turtair. (Tascanna agus ceachtanna Turtair i gcoincheapa 2, 5 agus 7)
  • Ceachtanna físeáin 5–15 nóiméad ag gabháil le gach coincheap, chun an fhoghlaim bunaithe ar thasc a chomhdhlúthú agus a leathnú.
  • Dúshlá(i)n smaointeoireachta ríomhaireachtúla ar ardán html, oiriúnach don fhoghlaim agus don fhorbairt a rinneadh roimhe sin, agus is féidir a chur in eagar chun úsáid i ríomhphunann.
  • Ceacht físeáin ar mhicreaphróiseálaí (microbit) a úsáid, agus baint chomh dlúth agus is féidir aige leis na coincheapa.
  • Ríomhthascanna agus dúshláin i pdf is féidir a chur in eagar, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar na príomhthorthaí foghlama agus machnamh ar an bhfoghlaim.
  • Ríomhchlárú comhuaineach blocbhunaithe agus téacsbhunaithe, nuair a chuirtear tasc ó cheacht Python i gcrích i Scratch.
  • An chaoi leis an leibhéal Smaointeoireachta Ríomhaireachtúla a mheasúnú agus a thaifeadadh laistigh de chláir Scratch. Acmhainn html freisin, is féidir a chur in eagar chun obair an scoláire a stóráil agus d’úsáid ríomhphunainne.

 

Na Torthaí Foghlama a dtugtar aghaidh orthu

Sonraítear na Torthaí Foghlama a dtugtar aghaidh orthu, nó an chuid den tsonraíocht ina luaitear na Torthaí Foghlama, i bhformhór na n-acmhainní. Tugann acmhainní Choincheapa an Ríomhchlárúcháin aghaidh ar fhormhór na dTorthaí Foghlama sna codanna seo a leanas den tsonraíocht go príomha:
- Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil agus Dearadh agus Forbairt
(Snáithe 1)
- Teibíocht, Algartaim, Sonraí agus Measúnú
(Snáithe 2)
- Tasc foghlama feidhmí 4 agus roinnt de na Torthaí Foghlama i dtascanna foghlama feidhmí eile.
(Snáithe 3)

An Ríomheolaíocht i gcleachtas

ALT1 Córais faisnéise idirghníomhacha
ALT2 Anailísíocht
ALT3 Samhaltú agus ionsamhlúchán
ALT4 Córais leabaithe

Níl sna hacmhainní ach moltaí faoina bhféadfaí a dhéanamh sa chuid phraiticiúil seo. Leagtar amach an Tasc Foghlama Feidhmí laistigh den treoir a thugtar sa tsonraíocht agus cuirfidh na hacmhainní tasc ullmhúcháin ar fáil a dhéanfaidh aithris ar an tionscadal níos mó agus a chuirfidh na comhpháirteanna ar fáil a theastaíonn chun an treoir níos mó a chur i gcrích. I gcásanna áirithe tugann na hacmhainní aghaidh ar na Torthaí Foghlama ar fad i dtopaic an Taisc Foghlama Feidhmí, agus in acmhainní eile, tugtar aghaidh ar chuid de na Torthaí Foghlama nó cabhraítear leis an scoláire na scileanna a fhoghlaim chun na Torthaí Foghlama ar fad i snáithe 3 a bhaint amach.
De réir mar a fhorbraítear smaointe i snáithe 3, tabharfaidh an scoláire aghaidh ar Thorthaí Foghlama ó na trí shnáithe.

Acmhainní an Taisc Foghlama Feidhmí

Treoir Acmhainní
ALT1 Fiosraíonn acmhainn ghréasáin Thasc Foghlama Feidhmí 1 na leibhéil scafalra is féidir a sholáthar, an bhfuil na treoracha seo le cur i bhfeidhm ina n-iomláine, nó an acmhainní iad is féidir leis an múinteoir agus an scoláire a mhiondealú.  Áirítear leis na hacmhainní samplaí cuir chuige a d’fhéadfaí a úsáid chun tacú leis an bpróiseas forbartha (ó ransú smaointe go pleanáil tionscadail). Tacóidh dúshlán tosaigh smaointeoireachta ríomhaireachtúla i Python agus Javascript leis na scileanna a theastaíonn don treoir seo.
ALT2 Fiosraíonn acmhainní gréasáin Thasc Foghlama Feidhmí 2 na leibhéil scafalra is féidir a sholáthar, an bhfuil na treoracha seo le cur i bhfeidhm ina n-iomláine, nó an acmhainní iad is féidir leis an múinteoir agus an scoláire a mhiondealú. Tá an ghné idirdhisciplíneach ina chuid thábhachtach den treoir anailísíochta. Cuimsíonn na hacmhainní tosaigh anailís ar théacs (Béarla, Stair) agus anailís ar chomhdhéanamh íomhá (Ealaín). Tacóidh dúshlán tosaigh smaointeoireachta ríomhaireachtúla faoi shonraí a ghlanadh leis na scileanna a theastaíonn don treoir seo.
ALT3 Ceapadh na hacmhainní chun an scoláire a spreagadh le topaicí idirdhisciplíneacha a fhiosrú agus scileanna ríomhchlárúcháin, dearaidh agus algartamacha a chur i bhfeidhm ar shamhlacha a chruthú. Tugtar samplaí i Python agus Javascript d’fhás daonra a shamhaltú bunaithe ar cheist ó Thíreolaíocht na hArdteistiméireachta. Samhaltaítear ceist ó Fhisic/Staidéar Foirgníochta na hArdteistiméireachta i Scratch freisin. Fiosraíonn pacáiste ionsamhlúcháin an tsamhail bunaithe ar ghníomhaire agus éascaíonn sé anailís ar iompraíocht éiritheach. 
ALT4 Ceachtanna físeáin chun scileanna a fhorbairt agus ranganna scafalra bunaithe ar chórais leabaithe a úsáid. Tugann na ceachtanna in éindí aghaidh ar Thorthaí Foghlama Thasc Foghlama Feidhmí 4, agus ceapadh iad chun smaointe a spreagadh chun an treoir ar chórais leabaithe a chur i bhfeidhm go hiomlán. Ina theannta sin, úsáidtear i gcomhthráth ríomhchlárúchán blocbhunaithe (ar nós Scratch nó cód bloc microbit) agus ríomhchlárúchán téacsbhunaithe (Python, Javascript) a threisíonn an cur chuige oideolaíocht chumaisc i leith coincheap a dtugtar aghaidh orthu in acmhainní eile.

Acmhainní agus Straitéisí don Seomra Ranga

Is féidir go leor de na Torthaí Foghlama sna trí shnáithe, snáithe 1 agus snáithe 2 go háirithe, a bhaint amach trí oideolaíocht chumaisc de ghníomhaíochtaí grúpa ina bhfuil fiosrúchán faoi threoir agus réiteach fadhbanna cruthaitheach. Áirítear leis na hacmhainní ar líne chun na torthaí sin a chur i gcrích naisc chuig suíomhanna gréasáin, taighde, ailt agus físeáin. Is féidir go leor de na saincheisteanna faoi Ríomhairí agus an tSochaí agus treo na forbartha teicneolaíochta a éascú le teicnící seomra ranga a ndéantar cur síos orthu san acmhainn seo, ar nós áit an áitithe; gníomhaíochtaí smaoinimh, péireála agus roinnte; gníomhaíochtaí mata boird; srl. Níl na smaointe agus na hacmhainní atá ar fáil anseo saintreorach, agus aimseoidh múinteoirí go leor bealaí eile chun na torthaí foghlama a bhaint amach. Tugtar liosta thíos de na forbairtí teicneolaíochta, trína mbaintear na Torthaí Foghlama amach.

100 Bliain d’Fhorbairtí Ríomhaireachta

Ríomhairí agus Teicneolaíocht Ríomheolaíochta sna Blianta Tosaigh

1936 Meaisín Turing

1942 - 1946 Colossus agus ENIAC

1947 Trasraitheoir

1953 Ceaptar Ríomhchlárúchán Téacsbhunaithe

1958 Ciorcaid Iomlánaithe

1973 Gutháin Phóca agus Ríomhairí Idirnasctha

1977 An Chéad Ríomhaire Pearsanta nua-aimseartha – Apple II

1989 Ceapann Tim Berners Lee an gréasán domhanda

2000 – 2020 Néalríomhaireacht

Treochtaí atá ag teacht chun cinn sa 21ú hAois

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.