Forbhreathnú ar an Siollabas
Baineann a lán de na bunsmaointe agus na hargóintí de chuid na n-eolaíochtaí sóisialta agus polaitiúla, na hantraipeolaíochta agus na fealsúnachta polaitiúla leis an gcaoi ar féidir le caomhnú an oird shóisialta feabhas a chur ar shaol daoine agus le cé a bhaineann agus cé a chailleann ó na bealaí difriúla ina n-eagraítear sochaithe. Cuimsíonn sé sin díospóireachtaí agus plé ar na bealaí ina mbíonn daoine idirspleách; róil rialacha, dlíthe, norm agus luachanna chun ord a chinntiú; an chaoi ar féidir an lag a chosaint ag an láidir agus ón láidir; cé a bhíonn thíos agus cé a bhíonn thuas faoi rialacha agus faoi dhlíthe sochaithe comhaimseartha; agus ar na bealaí is oiriúnaí chun athrú a thionscnamh sa tsochaí. Taobh thiar dóibh sin ar fad faightear ‘ceist na cumhachta’ agus is díol spéise é cé aige a bhfuil an chumhacht agus cé atá ábalta í a úsáid: chun tabhairt ar dhaoine gníomhú ar bhealaí nach ngníomhódh siad ach ab é sin; chun rialacha agus cleachtais a bhunú agus a fhorghníomhú agus chun smaointe agus tuairimí daoine a mhúnlú.
Cé go bhfuil a lán bealaí ann inarbh fhéidir na smaointe sin a fhiosrú, tugtar fúthu sa Snáith seo trí bhreathnú ar na daoine a bhíonn rannpháirteach sa chinnteoireacht agus ar an mbonn ina nglacann siad páirt. Fiosraíonn an tSnáithe seo na smaointe bunúsacha sin in eolaíochtaí sóisialta agus polaitiúla trí dhá chomhthéacs: cinnteoireacht ar scoil agus cinnteoireacht in institiúidí daonlathacha ag leibhéal náisiúnta agus Eorpach.
Tosaítear Topaic 1 le fiosrúchán ar an rannpháirtíocht i gcinnteoireacht i scoileanna. Sa chaoi sin tugann sé deis do scoláirí breathnú ar na díospóireachtaí agus ar na ceisteanna faoi chumhacht agus faoi chinnteoireacht i gcomhthéacs ina bhfuil na ceisteanna seo iontach fíor agus a bhfuil brí leo ina saol féin. Cabhróidh sé sin leo a fheiceáil go bhfuil baint dhíreach ag smaointe, díospóireachtaí agus sonraí na heolaíochta sóisialta agus polaitiúla lena saol féin. Díríonn na díospóireachtaí sa Topaic seo ar
- cén fáth nó an bhfuil rialacha / dlíthe ag teastáil uainn
- cé na daoine ar chóir dóibh a bheith i mbun na rialacha / dlíthe seo a dhéanamh agus cén fáth
- cé acu ar chóir rialacha / dlíthe a shrianadh le díriú ar shábháilteacht phearsanta nó cé acu atá tacar rialacha níos leithne ná sin ag teastáil uainn
- cé a bhaineann tairbhe as an gcaoi a ndeartar na rialacha / dlíthe
- cé a chuireann na rialacha / dlíthe i bhfeidhm agus cén chaoi a ndéanann siad é.
Ar deireadh, trí na díospóireachtaí seo a bheith acu, forbróidh na foghlaimeoirí a dtuiscint ar ghnéithe difriúla na cumhachta sa saol sóisialta agus polaitiúil.
Dírítear i dTopaic 2 ar an gcinnteoireacht in institiúidí daonlathacha ag leibhéal náisiúnta agus Eorpach. Tá iliomad brainsí difriúla rialtais agus institiúidí difriúla trína bhféadfaí an chinnteoireacht a iniúchadh. Dírítear sa Topaic seo go háirithe ar an gcaoi ina ndéantar ionadaíocht do dhaoine laistigh de bhrainse feidhmiúcháin an rialtais in Éirinn, agus, ar mhaithe le comparáid a dhéanamh, i dTuaisceart Éireann agus san Aontas Eorpach. Coimeádann comparáid den chineál sin an bhéim ar institiúidí a bhfuil brí dhíreach acu le saol daoine in Éirinn agus ag an am céanna ligeann sí do scoláirí tuiscint níos fearr a bheith acu gur de bharr roghanna a dhéantar a bhíonn eagraíocht pholaitiúil de chineál ar bith ann.
Tá ról an-tábhachtach ag baint leis na meáin go háirithe sa mhéid is go gcuireann siad le nádúr an phlé i sochaithe daonlathacha agus go múnlaíonn siad é. I dteannta fócas a dhíriú ar bhrainse feidhmiúcháin an rialtais, mar sin de, tá fócas ar leith i dTopaic 2 ar ról na meán i sochaithe daonlathacha.
Faoi dheireadh Snáithe 1 beidh blaiseadh faighte ag foghlaimeoirí ar a lán de smaointe agus de choincheapa bunúsacha na Polaitíochta agus na Sochaí. Áirítear ina measc sin cumhacht, ionadaíocht, daonlathas, aicme shóisialta agus inscne. Tabharfaidh aonaid ina dhiaidh sin deiseanna chun níos mó úsáide a bhaint as na tuiscintí atá acu ar na coincheapa seo agus tuiscintí níos doimhne a bheith acu. Bheadh tús curtha ag foghlaimeoirí freisin ar fhianaise agus ar shonraí a úsáid chun teacht ar bhreithiúnais mhachnamhacha faoi bhuncheisteanna sa saol sóisialta agus polaitiúil.
Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
próisis na cumhachta agus na cinnteoireachta ina scoil |
|
argóintí maidir leis an ngá i gcomhair rialacha |
|
smaointe atá taobh thiar de na hargóintí seo |
|
fianaise maidir le tionchair rialacha agus próiseas déanta rialacha |
|
Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
beartas náisiúnta a dhéanamh |
|
conas a roghnaítear brainse feidhmiúcháin an rialtais |
|
aicme shóisialta agus inscne mar chatagóirí sóisialta tábhachtacha |
|
argóintí a bhaineann le hionadaíocht |
|
fianaise ar éifeachtúlacht na hionadaíochta |
|
meáin thraidisiúnta agus meáin nua i stáit dhaonlathacha |
|
rannpháirtithe sna díospóireachtaí seo |
|
Pléann Snáithe 1 leis na coincheapa agus na smaointe atá bunúsach i gcúrsaí Polaitíochta agus Sochaí. Díríonn sé freisin ar roinnt de na scileanna bunúsacha a bhaineann le hanailís agus léirmhíniú a dhéanamh ar fhianaise agus ar shonraí. Pléann Snáithe 2 le réimse eile scileanna atá bunúsach freisin don tsaoránacht éifeachtach agus mhachnamhach. Cuimsíonn siad sin na scileanna chun cur go héifeachtach le pobail agus na scileanna a bhaineann le cur agus cúiteamh agus teacht chun cinnidh le linn obair le daoine eile.
Caoi amháin inar féidir le foghlaimeoirí an méid a d’fhoghlaim siad a spré trasna ar Aonaid na Polaitíochta agus na Sochaí le chéile is ea an tionscadal saoránachta, a dtabharfar faoi i dtaca le ceann de théamaí an ábhair. Cuirfidh an tionscadal seo ar chumas scoláirí deiseanna a mheas chun dul i mbun gnímh i bpobail, chun an ghníomhaíocht a roghnaíonn siad a dhéanamh a chosaint, agus chun a gcuid foghlama féin a mheas ó bheith ina rannpháirtithe gníomhacha sa saol poiblí, sóisialta agus polaitiúil. Cé go dtarraingeoidh foghlaimeoirí ar na torthaí foghlama uile ó gach snáithe agus iad i mbun an tionscadail seo, is iad na torthaí foghlama a shonraítear in Snáithe 2 is mó a bhaineann leis an tionscadal. Tabharfar ualú de 20% don tionscadal sna marcanna do mheasúnú deiridh na Polaitíochta agus na Sochaí.
Dírítear i dTopaic 3 ar bheith i do rannpháirtí gníomhach i ngné éigin den saol poiblí, sóisialta agus polaitiúil. Léiríonn sí an phríomhscil ‘a bheith éifeachtach ar bhonn pearsanta’. Tosaíonn Topaic 3 a dhíriú ar chineálacha difriúla gnímh is féidir a dhéanamh sa saol sóisialta agus polaitiúil, sula dtéitear ar aghaidh chun na scileanna a fhiosrú a chuireann ar chumas duine a bheith éifeachtach sna gníomhartha a roghnaíonn siad a dhéanamh.
Tugann Topaic 4 aghaidh ar na scileanna a bhaineann le bheith ag obair le daoine eile i ngrúpaí agus sa tsochaí dhaonlathach trí chéile. Léiríonn sí an phríomhscil ‘obair le daoine eile’. Ó tharla go dtosaítear sa topaic seo a bhreathnú ar chearta agus ar fhreagrachtaí a bhaineann le cumarsáid a dhéanamh, cruthaíonn sí nasc le Snáithe 3: Cearta agus Freagrachtaí an Duine.
Bíodh is go gcuirtear Snáithe 1 agus 2 i láthair go seicheamhach, dáiríre teagascfar na scileanna atá le fáil in Snáithe 2 le hais na gcoincheap agus na smaointe a mbítear ag plé leo in Snáithe 1. Beidh siad á gcleachtadh agus á gcur i bhfeidhm freisin trí na cuir chuige teagaisc agus foghlama a roghnaítear thar na ceithre haonaid ar fad.
Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
daoine a chuir go dearfach lena gcomhthéacs sóisialta |
|
a bheith bainte le, nó tús a chur le tionscnamh, grúpa nó eagraíocht |
|
an réimse bealaí chun dul i mbun gnímh ag leibhéal áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta |
|
spriocanna pearsanta agus comhchoiteanna a aithint, a mheas agus a bhaint amach, lena n-áirítear ple |
|
tréithe pearsanta a fhorbairt a chabhróidh i suíomhanna nua agus deacra, ar nós a bheith solúbtha, a |
|
tú féin a luacháil, meastóireacht a dhéanamh ar do chuid oibre féin, aiseolas a fháil agus frea |
|
Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
cearta ar shaoirse cainte i gcomhthéacsanna le grúpaí beaga |
|
scileanna éisteachta agus cumarsáide a fhorbairt |
|
difríochtaí a aithint agus dul i gcomhairle faoi aighnis agus iad a réiteach |
|
faisnéis agus smaointe a lorg agus a mheas |
|
cleachtais dhaonlathacha i ngrúpaí beaga a cheangal leis na cineálacha cleachtas atá oiriúnach do shaoránaigh sa tsochaí trí chéile |
|
Siúd is go dtugann Snáitheanna 1 agus 2 breac-chuntas ar choincheapa agus ar scileanna bunúsacha na Polaitíochta agus na Sochaí, tugann Snáitheanna 3 agus 4 deis chun iad a úsáid agus a chleachtadh níos mine.
Is príomhchuspóir de chuid na Polaitíochta agus na Sochaí é tuiscint agus meas a bheith ar chearta agus freagrachtaí an duine agus ar dhínit an duine. Tugann Snáithe 3 faoin gcuspóir sin ar bhonn díreach. Ar nós aonaid and topaicí eile, tosaíonn sé le fócas ar chomhthéacs atá bainte go díreach le saol daoine óga, is e sin, a gcearta ar oideachas. Beidh foghlaimeoirí ábalta tagairt siar freisin chuig an staidéar a rinne siad níos luaithe ar chearta agus ar fhreagrachtaí a bhain le cumarsáid a dhéanamh. I dteannta a chéile, tugann na cearta difriúla seo réimse eispéiris agus ceisteanna difriúla d’fhoghlaimeoirí a bhaineann lena gcuid staidéir ar chearta agus ar fhreagrachtaí.
Trí iniúchadh a dhéanamh ar na bealaí difriúla ina leagtar amach a gcearta ar oideachas agus ar chumarsáid, tiocfaidh foghlaimeoirí isteach ar rogha de phríomhionstraimí chun cearta a chur i bhfriotal. Is iomaí ionstraim dhifriúil um chearta an duine a bhféadfaí aghaidh a thabhairt uirthi mar chuid de staidéar: i dTopaic 5 roghnaíodh bunreacht na hÉireann agus Coinbhinsiún NA um Chearta an Linbh le haghaidh staidéar ar leith. I dteannta a chéile tugann siad deis d’fhoghlaimeoirí tuiscint a fháil ar na cineálacha difriúla ionstraimí atá ann agus na cineálacha tionchar is féidir a bheith acu. Beidh deis ag foghlaimeoirí freisin iniúchadh a dhéanamh ar choincheapa faoi chearta an duine agus na teorainneacha a bhaineann le cearta an duine a chur i bhfeidhm agus na srianta atá ar a n-úsáid. Fiosraítear freisin coincheap comhionannas ceart agus déantar an fhianaise i leith an chomhionannais a scrúdú agus a mheas.
Tá fócas níos leithne ag baint le Topaic 6 ina mbreathnaítear ar chearta agus freagrachtaí an duine i gcomhthéacs na hEorpa agus an domhain mhóir. Tugann sé isteach rogha eile ceart, lena n-áirítear an ceart chun marthana agus chun forbartha, an ceart ar shaoirse smaointeoireachta, coinsiasa, agus reiligiún nó creideamh follasach a bheith ag duine, an ceart ar chosaint ó fhoréigean fisiceach nó meabhrach, gortú, faillí nó mí-úsáid agus an ceart chun scíthe, fóillíochta, áineasa agus siamsaíochta. Breathnaítear ann den chéad uair freisin ar dhoiciméid ábhartha eile ar chearta an duine: Coinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine agus Dearbhú na Náisiún Aontaithe (NA) maidir leis an gCeart chun Forbartha. Leathnaíonn se amach an díospóireacht ar cheisteanna cearta an duine chun iniúchadh a dhéanamh ar an idiroibriú idir cearta an duine agus cúrsaí cultúir agus cuireann sé ar chumas foghlaimeoirí a gcuid scileanna léirmhíniú sonraí a fhorbairt tuilleadh agus a úsáid i dtaca le cearta an duine.
Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
roinnt de chearta daoine óga |
|
prionsabail um chearta an duine |
|
smaoineamh an chomhionannais i ndáil le cearta |
|
argóintí agus cearta |
|
comhlachtaí stáit le haghaidh cearta an duine |
|
fianaise ar an gceart chun oideachais |
|
rannpháirtithe sna díospóireachtaí seo |
|
Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
cearta sa domhan mór |
|
argóintí faoi chearta sa domhan mór |
|
comhoibriú idirnáisiúnta agus cearta an duine |
|
Baineann Domhandú le hidircheangailteacht chodanna éagsúla an domhain trí mhodhanna cumarsáide níos mó agus níos gasta, trí chomhtháthú méadaitheach geilleagair áitiúla agus aonaid náisiúnta agus pholaitiúla i gcomhthéacs eacnamaíoch agus polaitiúil níos domhanda, agus tríd an malartú cultúrtha a fhaibhríonn de thoradh na bpróiseas sin. Cé gur féidir breathnú air mar smaoineamh teibí, is féidir a fheiceáil go mbíonn olltionchar ag an domhandú ar shaol daoine óga sa lá atá inniu ann, mar shampla i gcomhdhéanamh sóisialta agus cultúrtha sochaithe comhaimseartha atá ag athrú, in úsáid na teicneolaíochta cumarsáide, sna poist a dhéanann daoine agus sna cinn a dhéanfaidh siad sa todhchaí, sa tionchar a bhíonn ag institiúidí polaitiúla idirnáisiúnta ar shaol daoine, i nádúr athraitheach eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus sa chumas atá ag daoine chun tionchar a imirt ar institiúidí náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Déantar an argóint scaití gurb amhlaidh, le hais fócas méadaithe ar an taobh ‘domhanda’ go bhfuil comhlorg fágtha ar an domhan comhaimseartha ag an bhfócas méadaithe ar an taobh ‘logánta’. Léirítear é sin sa spéis mhéadaithe atá á cur i gcúrsaí a bhaineann le ‘féiniúlacht’ agus i bpolaitíocht na féiniúlachta, níos mó aitheantais a bheith á thabhairt don éagsúlacht laistigh de thíortha agus de phobail, agus níos mó airde a bheith ar na bealaí a mbíonn tionchair ‘logánta’ ag an rud ‘domhanda’, agus ar na bealaí a mbíonn tionchair ag an rud ‘logánta’ a bhíonn ‘domhanda’.
Is iomaí dóigh inar féidir iniúchadh a dhéanamh ar Dhomhandú agus logánú i sochaithe comhaimseartha. Breathnaítear san Snáithe seo ar dhá cheann acu: fócas ar an bhféiniúlacht agus ar an éagsúlacht agus fócas ar fhorbairt atá inbhuanaithe.
Ceann de na héifeachtaí a bhí ag an domhandú is ea an méadú i dtaisteal agus in imirce ar fud na cruinne. D’fhág sé sin go mbíonn sochaithe comhaimseartha fíoréagsúil ina gcomhdhéanamh. Ceanglaítear leis an domhandú freisin an aird níos mó atá ag daoine anois ar an bhféiniúlacht agus ar pholaitíocht na féiniúlachta. Déantar scagadh ar an dá smaoineamh sin i dTopaic 7 ina mbreathnaítear ar an ilchineálacht atá ina comhartha sóirt anois ar shochaithe comhaimseartha. Trí thógáil ar thuiscint foghlaimeoirí ar an ilchineálacht agus ar an éagsúlacht chultúrtha a forbraíodh in Snáithe 3, tugtar deis dóibh smaoineamh ar na bealaí ina ndéantar tréithriú nó léiriú ar chultúir eile laistigh dá gcultúir féin, agus plé a dhéanamh ar an gcaidreamh cuí ba chóir a bheith idir cultúir dhifriúla. Sa chomhthéacs sin, beidh seans ag foghlaimeoirí roinnt tuairimí difriúla a scrúdú ar an gcaidreamh idir cultúr ‘an iarthair’ agus cultúir eile.
Is féidir tionchair eile an domhandaithe a fheiceáil sna réimsí idirghaolmhara de neamhionannais dhomhanda i gcúrsaí saibhris agus daibhris, agus tionchair dhomhanda na gníomhaíochta daonna ar an gcomhshaol. I dTopaic 8 bíonn seans ag foghlaimeoirí na bealaí difriúla a fhiosrú ina bhfeiceann daoine na naisc idir an rud logánta agus an rud domhanda i bpróisis na Forbartha Inbhuanaithe. Tugann sin deis dóibh an smaoineamh a phlé gur fórsa dearfach é idirspleáchas agus idirnascálacha idir codanna difriúla den chruinne, trí chomhlachtaí ilnáisiúnta nó trí naisc thrádála mar shampla, gur fórsa dearfach é le haghaidh forbairt dhomhanda sa mhéid is go dtugann sé deiseanna fostaíochta do thíortha atá i mbéal forbartha chomh maith le deiseanna chun foghlaim ó thíortha agus ó gheilleagair níos forbartha. Fiosraíonn foghlaimeoirí freisin an tuairim mhalartach, nach ndéanann na hidirnascálacha seo ach deiseanna a thabhairt do gheilleagair láidre shaibhre buntáiste a bhaint as geilleagair níos laige. Amanna tionscnaítear próisis forbartha—a mbíonn sé d’aidhm acu tionsclaíocht agus fostaíocht a thabhairt isteach chuig ceantar—a mbíonn tionchair timpeallachta acu a bhraitear ar fud an domhain. Fiosraítear freisin i dTopaic 8 conas is féidir smaointe difriúla ar inbhuanaitheacht comhshaoil a cheangal le smaointe ar phróisis na forbartha domhanda.
Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
léirithe den fhéiniúlacht náisiúnta a chuirtear ar fáil do dhaoine óga |
|
éagsúlacht agus athrú cultúir |
|
éagsúlacht san aontas eorpach |
|
féiniúlacht a thuiscint |
|
idirghníomhaíocht idir cultúr iartharach agus neamh-iartharach a thuiscint |
|
domhandú agus cumhacht pholaitiúil |
|
rannpháirtithe sna díospóireachtaí seo |
|
Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
gníomhartha a thugann aghaidh ar fhorbairt inbhuanaithe |
|
argóintí maidir le forbairt inbhuanaithe |
|
rannpháirtithe sna díospóireachtaí seo |
|