Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Foghlaim ghaolmhar

Tosaíonn oideachas teanga sa bhaile, leabaítear i gcuraclam na bunscoile é agus forbraítear a thuilleadh é sa tsraith shóisearach. Cuireann sé sin leanúnachas agus dul chun cinn ar fáil d’ábhair na sraithe sinsearaí lena n-áirítear Liotuáinis na hArdteistiméireachta. 

An luathfhoghlaim agus oideachas bunscoile

Tosaíonn páistí ag foghlaim teanga sa bhaile agus ina bpobal. D’fhéadfadh ceann amháin (nó níos mó) as suas le dhá chéad teanga a bheith mar theanga bhaile ag páistí na hÉireann.
Tá teanga ina téama lárnach den Chumarsáid in Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige (CNCM, 2009). Spreagann sé sin agus cuireann sé ar chumas páistí a n-eispéiris, a smaointe, a dtuairimí agus a mothúcháin a roinnt le daoine eile agus go rachadh a bhféinmhuinín agus a n-inniúlacht i méid ar bhealaí éagsúla i réimse teangacha. 

Tá taithí ag formhór na bpáistí ar dhá theanga ar a laghad a fhoghlaim i gCuraclam na Bunscoile – Gaeilge agus Béarla. Aithnítear agus spreagtar páistí i gcuraclam na bunscoile chun teangacha eile a úsáid, agus dírítear ar eolas agus feasacht shoch-chultúrtha, idirchultúrtha agus teanga. Spreagtar páistí agus tuismitheoirí chun a dteangacha baile a chothabháil agus a fhorbairt. 

Teangacha sa tsraith shóisearach

Leanann formhór na bhfoghlaimeoirí ar aghaidh lena gcuid staidéir ar an nGaeilge agus ar an mBéarla i gcéim iar-bhunscoile a gcuid oideachais. Anuas air sin, tugtar deis do scoláirí na sraithe sóisearaí an tríú teanga nó teanga eile a fhoghlaim.
Tugtar na scileanna agus na straitéisí d’fhoghlaimeoirí trí shonraíochtaí teanga na sraithe sóisearaí chun buntaca a chur le foghlaim teanga, lena n-áirítear teangacha breise ar féidir leo a úsáid chun críocha bríocha. Cuirtear ar chumas foghlaimeoirí machnamh a dhéanamh ar a dturas foghlama teanga, chun a sprioctheanga a chur i gcomparáid le teangacha eile atá ar eolas acu, agus chun machnamh a dhéanamh agus a bheith níos feasaí ar a bhféiniúlacht chultúrtha féin agus ar fhéiniúlacht chultúrtha daoine eile.

Teangacha sa tsraith shinsearach

Sa chéad chuid den tsraith shinsearach, an Idirbhliain, d’fhéadfadh scoláirí blaiseadh a fháil de theanga nua a chuireann ar a gcumas cur lena stór ilteangach agus ilchultúrtha. 

Áirítear leis na roghanna foghlama teanga curaclaim san Ardteistiméireacht Bhunaithe faoi láthair Gaeilge agus Béarla, réimse teangacha Eorpacha, Rúisis, Araibis, Seapáinis, Sean-Ghréigis, Laidin agus Léann Eabhrach. Déanann scoláirí a thugann faoi Ghairmchlár na hArdteistiméireachta staidéar ar theanga freisin. 
Beidh blaiseadh de roinnt teangacha faighte ag formhór na bhfoghlaimeoirí sa tsraith shinsearach cheana féin faoin tráth seo. D’fhéadfadh a dteanga bhaile a bheith difriúil le teanga na scoile, d’fhéadfadh comhscoláirí a bheith acu a labhraíonn teangacha eile taobh amuigh den rang, mar sin agus teanga eile á foghlaim acu tugann siad leo go leor de na scileanna foghlama teanga inaistrithe agus inniúlachta ilteangacha a shealbhaigh siad roimhe sin. Is é is aidhm le foghlaim teangacha sa tsraith shinsearach cabhrú leis an bhfoghlaimeoir cur leis na scileanna agus na hinniúlachtaí sin. 

Baineann staidéar teangacha le réimsí ábhair eile freisin. Trí fhoghlaim faoin saol atá ag pobail labhartha na sprioctheanga, méadaíonn an foghlaimeoir a fheasacht ar éagsúlacht shóisialta agus chultúrtha, éagsúlacht na hoidhreachta cultúrtha, na litríochta, na n-amharcealaíon, an cheoil, na staire, na tíreolaíochta i measc nithe eile. Dá réir sin, cuirtear ar a chumas machnamh a dhéanamh agus a bheith níos feasaí ar a fhéiniúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch féin agus ar fhéiniúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch daoine eile. 

An tábhacht atá le pobal teanga

Breisítear rannpháirtíocht agus braistint dul chun cinn an fhoghlaimeora nuair a thacaítear leis naisc a dhéanamh idir an Liotuáinis agus teangacha eile atá ar eolas aige. Méadaítear a spreagadh agus an sprioctheanga á húsáid aige chun teachtaireachtaí a chur in iúl agus a fháil ina phobail teanga éagsúla, bíodh sin laistigh den seomra ranga, i dtimpeallacht na scoile nó sa phobal níos leithne. 

Bíonn ról lárnach ag an bpobal teanga i ndul chun cinn an fhoghlaimeora. Cabhraíonn feasacht chultúrtha agus teanga leis an bhfoghlaimeoir tuiscint a fhorbairt ar an tábhacht a bhaineann le pobal teanga, le bheith mar chuid de phobal teanga, agus cabhraíonn siad leo iad féin a chur in áit an phobail. Cuireann an pobal teanga samplaí ar fáil don fhoghlaimeoir den teanga bheo agus feiceann an foghlaimeoir agus déanann sé aithris ar ghnéithe den teanga seo, a fheidhmíonn ansin mar spreagthach. Tuigeann sé an difríocht agus na nithe coiteanna idir a theanga féin agus an teanga a thugann an pobal teanga. 

Chun machnamh a dhéanamh ar éagsúlacht teanga na bpobal ina labhraítear an sprioctheanga, gheobhaidh an foghlaimeoir taithí ar réimse leaganacha malartacha fóineolaíochta, foclóra agus foghraíochta atá sa sprioctheanga. Féadfaidh an foghlaimeoir freagairt, ó bhéal nó i scríbhinn, le ceann d’éagsúlachtaí caighdeánacha na sprioctheanga, fiú má bhíonn sé difriúil leis an idirghabhálaí/ábhar spreagtha.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.