Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Foghlaim agus oideachas teanga

Úsáidimid teanga le smaoineamh, chun ár n-eolas a chur in eagar, chun ár smaointe agus mothúcháin a chur in iúl agus chun cumarsáid a dhéanamh le daoine eile. Tá cónaí orainn i ndomhan atá lán le teangacha, agus tá a hoidhreacht teangeolaíochta féin ag Éirinn*.  Cleachtaí smaointeoireachta iad gach gníomhaíocht, is cuma cén teanga atá i gceist. 

Tá teanga ar cheann de na príomhbhealaí a sainmhíníonn agus a roinneann sochaithe a gcultúr agus a n-aitheantas. Is meán idirghníomhaíochta atá inti, trína gcuirtear in iúl agus trína n-eagraítear eolas agus taithí. Tá a gnéithe agus castachtaí saibhre, sainiúla féin ag gach teanga, mar aon le luach intreach mar acmhainn i gcomhair rannpháirtíocht shóisialta, comhtháthú sóisialta, féidearthachtaí fostaíochta ar feadh an tsaoil agus deiseanna soghluaisteachta.

Úsáidtear an teanga freisin don fhéinléiriú agus cumarsáid idirphearsanta agus baintear leas aisti don fhoghlaim sa phróiseas oideachais. Tá sí ina toisc lárnach i bhfás an fhoghlaimeora mar dhuine sa 21ú haois; an chaoi a bhfoghlaímid fúinn féin, faoi dhaoine eile agus faoin domhan ilteangach agus ilchultúrtha ina gcónaímid. Tugtar bealach dúinn freisin tríd an bhfoghlaim teanga saibhreas na gcultúr agus meon na ndaoine a úsáideann an teanga sin a thuiscint.

Tá daoine óga in Éirinn ag fás aníos i sochaí dhinimiciúil, ilteangach agus ilchultúrtha atá ag athrú go tapa ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus domhanda. Cónaíonn siad i ndomhan ina bhfuil teicneolaíochtaí digiteacha, imirce agus soghluaisteacht ag tabhairt daoine níos gaire dá chéile ná riamh. Sa tsochaí seo, a gcuireann fórsaí sóisialta, polaitiúla agus geilleagracha cruth uirthi, is féidir leis an deis chun a stór focal ilteangach a fhorbairt a bheith ina fhoinse cumhachtaithe don fhoghlaimeoir. Nuair a thugann an foghlaimeoir faoi thaithí foghlama teanga, faigheann sé scileanna, eolas, tuiscint agus luachanna chun idirbheartaíocht a dhéanamh ar na hathruithe seo ionas gur féidir leis a bheith rannpháirteach go hiomlán agus go héifeachtach inár sochaí ilteangach agus i ndomhan na hoibre.

Nuair a úsáideann an foghlaimeoir níos mó ná teanga amháin, leathnaítear na réimsí inar féidir leis cumarsáid a dhéanamh. Cumhachtaíonn sé sin iad chun taitneamh agus léirthuiscint níos iomláine a bhaint as éagsúlacht cúlraí cultúrtha; le páirt a ghlacadh agus cur leis an tsochaí mar shaoránach domhanda agus chun leas a bhaint as deiseanna fostaíochta agus soghluaisteachta.

Anuas ar dhul chun tairbhe na sochaí, bíonn dea-thionchair ag stór foghlama teanga saibhir ar fhorbairt phearsanta agus intleachta an fhoghlaimeora agus ar a ghníomhaíochtaí fóillíochta. Breisíonn foghlaim teanga forbairt chognaíoch agus is féidir léi cur le leibhéil ghnóthachtála níos airde i réimsí oideachais eile ar nós cumais mhatamaitice agus hipitéisí eolaíochta a fhoirmliú. 

Tá curaclam na scoile in Éirinn saibhir ó thaobh teanga de agus dá bhrí sin baineann inniúlacht teanga le dul chun cinn i ngach réimse foghlama. Tá dhá theanga oifigiúla stáit againn, Béarla agus Gaeilge, agus cuirtear an dá cheann díobh ar fáil don fhoghlaimeoir mar aon le raon teangacha ón Eoraip agus taobh amuigh den Eoraip. Faigheann an foghlaimeoir teanga réimse scileanna a bhaineann le agus a chuireann le foghlaim in ábhair eile na sraithe sinsearaí, á chumasú chun a chuid eolais teanga reatha a chur i bhfeidhm le heolas nua agus chun a scileanna a aistriú chuig gach cineál foghlama ar a thuras foghlama ar feadh an tsaoil. 

Ach oiread le hábhair eile, gné thábhachtach den tsonraíocht teanga seo is ea forbairt chumas an fhoghlaimeora chun teanga a úsáid sna ceithre mhodh cumarsáide (gabháil, táirgeadh, idirghníomhú agus idirghabháil**). Dá bhrí sin, glactar le cur chuige scileanna comhtháite i dtaobh rochtain, eagrú agus cur i láthair eolais sa tsonraíocht seo.

Tá na modhanna cumarsáide sin lárnach agus ríthábhachtach do thaithí iomlán teangacha agus cabhraíonn siad chun cur chuige dírithe ar ghníomh i leith foghlaim agus teagasc teanga a chur chun cinn agus chun tacú leis. Tugann foghlaimeoirí atá ag tabhairt faoi Theangacha Iasachta na hArdteistiméireachta a stór focal teanga uathúil féin leo chun teanga a fhoghlaim. Tá sé tábhachtach freisin a aithint go bhféadfadh leibhéil éagsúla inniúlachta a bheith ag foghlaimeoirí sna modhanna cumarsáide, ag eascairt as a bhfoghlaim roimhe seo agus a stór ilteangach reatha.

Beartaítear go mbeidh an taithí ar fhoghlaim teangacha sa tsraith shinsearach ábhartha do shaol foghlaimeoirí sa lá atá inniu ann agus amach anseo. Spreagfaidh sé iad le spéis agus fiosracht a bheith acu faoin gcaoi ar féidir leo teangacha a úsáid agus a fhoghlaim agus léirthuiscint a fhás do na cosúlachtaí agus na héagsúlachtaí idir tíortha, pobail agus cultúir. Leagfaidh sé sin bunchloch láidir d’fhoghlaimeoirí le tabhairt faoi thuras ar feadh an tsaoil mar dhaoine ilteangacha, á gcumhachtú chun na scileanna agus na straitéisí a bheith acu le bheith ina bhfoghlaimeoirí níos neamhspleáiche, le tabhairt faoin domhan mór, le comhtháthú go sóisialta agus le bheith ina saoránaigh ghníomhacha. 


* Imleabhar a Ghabhann le Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha, 2018, lch 33.
** Creat le haghaidh Comhairliúcháin ar Straitéis um Theangacha Iasachta san Oideachas d’Éirinn (ROS, 2014, lch 3).

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.