Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Cur chuige creata

Úsáideadh cur chuige creata chun an tsonraíocht seo a fhorbairt i gcomhair foghlaim agus teagasc roinnt teangacha curaclaim don Ardteistiméireacht, an Liotuáinis ina measc. Baineann cur chuige coiteann leis seo i ngach sonraíocht lena n-áirítear an réamhrá, na haidhmeanna, na hionchais d’fhoghlaimeoirí agus na cuir chuige measúnaithe.
Tá sonraíocht teanga iasachta na hArdteistiméireachta don Liotuáinis dírithe ar fhoghlaimeoirí ó gach cúlra teanga. Áirítear anseo foghlaimeoirí ó chúlraí teanga oidhreachta, ach níl sé teoranta dóibh. Tugann sé deis chun cumas cumarsáideach agus feasacht theangeolaíoch agus idirchultúrtha a fhorbairt i réimse leathan comhthéacsanna barántúla ón bhfíorshaol. 

Ceapadh an tsonraíocht seo agus gach éagsúlacht chaighdeánach i dteanga na Liotuáinise san áireamh. Dá réir sin, tá sé i gceist go sásóidh torthaí agus taithí foghlama riachtanais gach foghlaimeora. 

Tá na hionchais d’fhoghlaimeoirí a chuirtear in iúl sa tsonraíocht seo ailínithe ag leibhéal cosúil leis an leibhéal reatha Ardteistiméireachta do theangacha na Fraincise, na Gearmáinise, na Spáinnise agus na hIodáilise agus tá siad ailínithe go forleathan le leibhéil A2/B1 de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha*.  Tá sé ar fáil do gach foghlaimeoir lena n-áirítear iad siúd ó chúlra teanga oidhreachta ar mian leo roinnt scileanna nó na scileanna ar fad ina stór cumarsáideach a fheabhsú agus iad siúd nach bhfuil aon taithí roimhe seo acu ar an teanga. Cuirfear measúnú ar fáil ag an Ardleibhéal agus ag an nGnáthleibhéal araon. 


* Déantar cur síos ar na hinniúlachtaí cumarsáideacha a theastaíonn ó fhoghlaimeoirí teanga le bheith ina n-úsáideoirí éifeachtacha dara teanga i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CTET) le haghaidh Teangacha, a d’fhoilsigh Comhairle na hEorpa in 2001 agus a nuashonraíodh in 2018. Is é is aidhm le Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha ‘bunús coitianta a chur ar fáil chun siollabais teanga, treoirlínte curaclaim, scrúduithe, téacsleabhair, etc., ar fud na hEorpa a fhorbairt’ (Comhairle na hEorpa, 2001, lch 1: www.coe.int/portfolio).

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.