Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Cuspóirí

Tá sé de chuspóir ag Liotuáinis na hArdteistiméireachta a chur ar chumas an fhoghlaimeora an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cumarsáid éifeachtach a dhéanamh agus páirt a ghlacadh i gcumarsáidí laethúla, i réimse meán, trí mheán na sprioctheanga
  • forbairt a dhéanamh ar a chumas chun struchtúir chuí agus stór focal cuí a úsáid sna ceithre mhodh cumarsáide 
  • eolas a fháil agus taitneamh a bhaint as éagsúlacht foinsí, lena n-áirítear réimse meán agus téacsanna dílse, sa sprioctheanga
  • a bheith ina bhfoghlaimeoirí teanga machnamhacha agus neamhspleácha a bhfuil páirt ghníomhach acu i monatóireacht agus i measúnú a dhéanamh ar a ndul chun cinn féin
  • léirthuiscint a chothú d’éagsúlacht theangeolaíoch agus chultúrtha agus don luach a bhaineann lena stór teangeolaíoch a úsáid chun tuiscint níos fearr a fháil ar na naisc le pobail na sprioctheanga agus chun na naisc sin a cheiliúradh agus a chothú
  • taitneamh a bhaint as a thaithí foghlama teanga agus inniúlacht teanga chuí a fhorbairt chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí fóillíochta, tuilleadh staidéar teanga a dhéanamh, agus/nó deiseanna gairme a fháil trí mheán na sprioctheanga
  • feasacht a fhorbairt ar an gcaoi a n-oibríonn teangacha agus an gaol atá eatarthu, ag cur lena chuid eolais agus scileanna teangeolaíocha chun tacú le foghlaim ghinearálta agus le foghlaim ar feadh an tsaoil agus chun iad a spreagadh.
  •  
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.