Snáitheanna agus torthaí foghlama
Leagtar amach thíos na snáitheanna, na gnéithe agus na torthaí foghlama lena mbaineann. Cé go bhfuil uimhreacha ar na snáithaonaid, is ar mhaithe le héascaíocht é seo agus ní thugann sé ordlathas cur chuige le tuiscint. Níl uimhreacha ar na snáitheanna iad féin toisc go n-aithnítear gur gá inniúlacht chumarsáideach, inniúlacht ilteangach agus ilchultúrtha a fhorbairt ar bhealach comhtháite chun inniúlacht teanga a shealbhú.
Cuimsíonn an tsnáithe seo inniúlachtaí teangeolaíocha, sochtheangeolaíocha agus pragmatacha. Mar a tugadh le fios ar ball, eagraítear torthaí foghlama sa snáithe seo faoi na ceithre mhodh cumarsáide (gabhchumas, idirghníomhú, táirgeadh agus idirghabháil). Sa snáithe seo, rachaidh an foghlaimeoir i ngleic go gníomhach le tascanna agus gníomhaíochtaí chun a chumas chun cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach a fhorbairt i réimse leathan cásanna/comhthéacsanna/cúrsaí.
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Fáiltiú |
|
Idirghníomhú |
|
Táirgeadh |
|
Idirghabháil |
|
Sa snáithe seo, forbróidh an foghlaimeoir a inniúlacht ilteangach agus ilchultúrtha.
Cuirtear luach san ilteangachas ar éagsúlacht theangeolaíoch agus chultúrtha an fhoghlaimeora. Ní bhíonn eolas an fhoghlaimeora ar theangacha agus ar chultúir eile stóráilte ar leithligh óna chéile; idirghníomhaíonn gach eolas agus taithí teanga agus cultúir agus cuireann siad le hinniúlacht chumarsáideach a thógáil.
Tarraingíonn ilteangachas aird ar an ngá go dtarraingeodh an foghlaimeoir ar a acmhainní agus a thaithí theangeolaíoch agus chultúrtha féin chun páirt níos iomláine a ghlacadh i gcomhthéacsanna sóisialta agus oideachais*. Cabhraíonn sé sin leis comhthuiscint a bhaint amach, chun rochtain a fháil ar eolas agus dá bhrí sin tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a stór teangeolaíoch agus cultúrtha féin. Ní hé an aidhm uile ‘máistreacht’ a fháil ar theanga amháin, dhá theanga nó trí theanga, astu féin ach ‘stór teangeolaíoch a fhorbairt, ina bhfuil áit ag gach cumas teangeolaíoch’**. Is é atá i gceist i dtuiscint ilteangach, mar shampla, eolas glacach duine i dteanga amháin a úsáid chun brí a bhaint as téacsanna i dteanga eile.
Déantar cur síos san ilchultúrachas ar úsáid inniúlachtaí ilchultúrtha i gcás cumarsáideach nuair a thagann inniúlachtaí eile seachas inniúlachtaí teanga i gceist***. Ní bhíonn na cultúir éagsúla ann ar a bhfuil fáil ag an duine taobh le taobh; ní bhíonn siad deighilte go meabhrach. Déantar comparáid agus codarsnacht eatarthu agus idirghníomhaíonn siad go gníomhach le cur ar chumas an fhoghlaimeora cumarsáid níos éifeachtaí a dhéanamh, mar shampla, éagsúlachtaí in iompair (lena n-áirítear gotha, tuin agus dearcthaí), plé ar ró-ghinearálú agus steiréitíopaí a chur san áireamh****.
* Imleabhar a Ghabhann le Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha, Comhairle na hEorpa, 2018, lch 157.
** An Fráma Tagartha Comónta Eorpach 2011, Roinn 1.3, lch. 5
*** Ibid, lch. 53.
**** Ibid, lch. 158.
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Inniúlacht ilteangach |
|
Inniúlacht ilchultúrtha: Feasacht agus tuiscint ar phobail agus ar chultúir na sprioctheanga |
|