Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Aidhm

Is é is aidhm le Liotuáinis na hArdteistiméireachta cumas foghlaimeoirí a fhorbairt chun an sprioctheanga a úsáid chun críocha cumarsáideacha, an t-idirspleáchas idir teanga agus cultúr a fhiosrú, forbairt a dhéanamh ar an léirthuiscint a chothú do luach teangacha chun críocha pearsanta, oideachasúla, gairme agus fóillíochta ar feadh an tsaoil, agus taitneamh a bhaint as foghlaim teanga. 

Is é is aidhm leis inniúlacht ilteangach agus ilchultúrtha an fhoghlaimeora a fhorbairt trí fheasacht teanga, trí straitéisí foghlama teanga a spreagadh, tuiscint a chothú ar an gcaoi a n-oibríonn teanga, an sprioctheanga go háirithe. Aithnítear an chaoi ar féidir le naisc idir teangacha cabhrú sa phróiseas foghlama teanga. 

Ar deireadh, is é is aidhm leis an tsonraíocht seo tacú le comhtháthú sóisialta agus saoránacht ghníomhach mar aon le léirthuiscint do na deiseanna uathúla agus spleodracha a fhaightear ó theangacha, ar scoil, taobh amuigh den seomra ranga agus san ionad oibre.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.