Acmhainní lena n-úsáid i dTeagasc OSPS
Spreagtar scoileanna le heispéiris foghlama a dhearadh san Idirbhliain a fhreastalaíonn ar riachtanais agus ar spéiseanna a gcuid scoláirí. Dá bhrí sin, is gné thábhachtach den phleanáil le haghaidh teagaisc agus foghlama é dul i gcomhairle le scoláirí. Féach na huirlisí samplacha comhairliúcháin thíos.
A luaithe a théitear i gcomhairle le scoláirí maidir lena gcuid réamhfhoghlama, agus atá topaicí ábhartha comhaontaithe acu don bhliain atá le teacht, féadfar an t eolas sin a chur san áireamh sa phleanáil a dhéantar don fhoghlaim agus teagasc le haghaidh OSPS na hIdirbhliana.
Comhairle don scoilbhliain 2025-2026
D’fhéadfadh nach mbeadh scoláirí a bheidh ag déanamh na hIdirbhliana in 2025 i ndiaidh aghaidh a thabhairt ar an bhfoghlaim a bhaineann le curaclam nuashonraithe OSPS na Sraithe Sóisearaí. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh go mbeadh roinnt de na hacmhainní is déanaí a dearadh do OSPS na Sraithe Sóisearaí (go háirithe Caidrimh agus Gnéasacht 3 agus Folláine Mhothúchánach 3) oiriúnach do do scoláirí Idirbhliana agus d’fhéadfadh go bhfeidhmeoidís mar bhonn cabhrach faoi OSPS na Sraithe Sinsearaí.
Is féidir iad sin a íoslódáil ag an nasc seo a leanas Acmhainní OSPS na Sraithe Sóisearaí - HSE.ie
Chomh maith leis sin, cabhróidh na naisc seo a leanas Acmhainní lena n-úsáid i dTeagasc OSPS 2024 | Curaclam ar Líne
Spreagtar scoileanna le heispéiris foghlama a dhearadh san Idirbhliain a fhreastalaíonn ar riachtanais agus ar spéiseanna a gcuid scoláirí. Dá bhrí sin, is gné thábhachtach den phleanáil le haghaidh OSPS é dul i gcomhairle le scoláirí.
Seo thíos dhá bhealach go bhféadfaí dul ina bhun sin:
Ag tarraingt ar ghuth an scoláire chun tacú le pleanáil i gclár OSPS na hIdirbhliana (PDF)
Cur chuige 10 gcéim a ghlacadh i leith idirbheartaíocht churaclaim (PDF)
Tá na micreamhodúil thíos ceaptha chun tacú le múinteoirí eispéiris foghlama ábhartha a dhearadh don scoláire ina rang. Níl curaclam leagtha síos do OSPS san Idirbhliain. Mar is amhlaidh i gcás gach micreamhodúil Idirbhliana, déantar na micreamhodúil OSPS samplacha seo a dhearadh, laistigh de pharaiméadair Ráiteas an Chláir Idirbhliana, chun eispéireas oideachasúil an scoláire a fheabhsú. Is féidir iad a sheachadadh mar chomhpháirteanna neamhspleácha nó iad a chomhtháthú le comhpháirteanna Idirbhliana eile. Is féidir micreamhodúil Idirbhliana a fhorbairt do thréimhse suas le 10, 20, nó 30 uair an chloig. Cuireann an tsolúbthacht seo ar chumas scoileanna modúil OSPS ar fhaid éagsúla a fhorbairt a chuireann leis an méid a foghlaimíodh cheana agus a fhreagraíonn do riachtanais an scoláire ina rang.
Cén saghas duine a bheidh ionat amach anseo? Micreamhodúl OSPS ar fhorbairt phearsanta(PDF)
Tacaíonn an modúl seo le forbairt phearsanta, féinluach agus féinmhuinín an scoláire trína fhéiniúlacht, a thréithe, a luachanna agus a uaillmhianta ar leith a fhiosrú, agus ar an gcaoi sin é a spreagadh le barr a chumais a bhaint amach.
Micreamhodúl OSPS ar scileanna cumarsáide le haghaidh caidrimh shláintiúla(PDF)
Cuireann an modúl seo ar chumas an scoláire forbairt agus cleachtadh a dhéanamh ar na croíscileanna cumarsáide a theastaíonn chun caidrimh shláintiúla a chruthú agus a chothú laistigh den teaghlach, ar scoil, ag an obair, agus i dtimpeallachtaí sóisialta.
Micreamhodúl ar chaidrimh agus ar ghnéasacht
Féadann na hacmhainní seo a leanas tacú le pleanáil a dhéanamh don fhoghlaim agus teagasc in OSPS mar chuid de chlár Idirbhliana na scoile. Ní liosta saintreorach ná uileghabhálach d’acmhainní féideartha é seo.
Know the Score (FSS)
Tacaíonn Know the Score le múinteoirí foghlaim maidir le drugaí agus alcól a éascú i measc scoláirí san Idirbhliain
Bíodh Fios Fátha an Scéil agat: Ábhair Acmhainne Úsáid Substaintí do OSPS na Sraithe Sinsearaí
Mindout (FSS)
Is clár meabhairshláinte fianaisebhunaithe é MindOut atá oiriúnach don Idirbhliain agus atá deartha lena chur i bhfeidhm laistigh de thréimhse ranga amháin i gcaitheamh 12 seachtaine.
Acmhainní maidir leis an bhFolláine Mhothúchánach do Mhúinteoirí Iar-bhunscoile - HSE.ie
An Clár um Chomhbhá Shóisialta a Ghníomhachtú [Activating Social Empathy Programme] (Ollscoil na Gaillimhe) Á Fhorbairt
Is micreamhodúl um fhoghlaim shóisialta agus mhothúchánach é Comhbhá Shóisialta a Ghníomhachtú (ASE) arb é is aidhm dó comhbhá a chothú agus luachanna agus iompraíochtaí na freagrachta sóisialta a chur chun cinn i measc scoláirí.
Comhbhá Shóisialta a Ghníomhachtú - Ollscoil na Gaillimhe
An clár Níos Mó ná Féinphic (Bodywhys)
Tá na ceachtanna san acmhainn seo deartha chun íomhá dhearfach cholainne agus féinmheas a chothú i measc daoine óga, chun plé oscailte ar íomhá cholainne agus ar a n-imríonn tionchar ar íomhá cholainne a chur chun cinn, agus chun feasacht agus tuiscint ar neamhoird itheacháin agus ar na tacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine óga a chur chun cinn. Acmhainní le haghaidh Iar-bhunscoileanna — BodyWhys
BodyRight (An tIonad Éigeandála um Éigniú, Baile Átha Cliath)
Is clár um chosc ar fhoréigean gnéasach é BodyRight, arb é is aidhm dó tacú leo siúd a oibríonn le daoine óga.
Chun tuilleadh eolais a fháil, cuir ríomhphost chuig [email protected] nó cuir glaoch ar 01 661 4911