Difreáil
Tarlaíonn difreáil in dhá réimse ar leith: pleanáil i gcomhair teagaisc agus foghlama agus measúnaithe.
Pleanáil i gcomhair teagaisc agus foghlama
| Gnáthleibhéal |
Ardleibhéal |
- Bíonn an foghlaimeoir ag gabháil do raon leathan eispéireas foghlama atá nithiúil den chuid is mó, ach ina bhfuil gnéithe d’achoimre nó teoiric freisin.
- Taispeánann an foghlaimeoir raon scileanna sícealuaile, cognaíocha agus mothaitheacha. Taispeánann sé an cumas anailís a dhéanamh ar rogha gníomhaíochtaí coirp agus pleanáil i gcomhair taispeántas feabhsaithe.
- Cuireann sé réitigh a d’úsáid sé roimhe seo i bhfeidhm ar fhadhbanna éagsúla i gcásanna atá ar eolas aige.
- Taispeánann sé cumas chun a bheith ag gabháil do phleanáil gníomhaíochta.
- Taispeánann an foghlaimeoir fianaise ar chleachtas leanúnach machnamhach i gcorpoideachas.
|
- Téann an foghlaimeoir i ngleic le raon leathan coincheapa teoiriciúla agus smaointeoireacht theibí, le doimhneacht shuntasach i réimsí roghnaithe.
- Úsáideann sé raon leathan scileanna sícealuaile, cognaíocha agus mothaitheacha.
- Taispeánann sé an cumas anailís dhomhain a dhéanamh ar raon gníomhaíochtaí coirp agus chun pleanáil i gcomhair taispeántas feabhsaithe.
- Gabhann sé do réiteach fadhbanna i raon leathan comhthéacsanna coitianta agus neamhchoitianta.
- Taispeánann an foghlaimeoir fianaise ar chleachtas leanúnach machnamhach i gcorpoideachas.
|
Measúnú
Ach an oiread le sonraíochtaí eile de chuid na hArdteistiméireachta, déantar corpoideachas a mheas ag Gnáthleibhéal agus ag Ardleibhéal. Léirítear difreáil ag tráth an mheasúnaithe i struchtúr na dtascanna scrúduithe agus sna cineálacha dúshlán a bhíonn le réiteach. Déantar an measúnú feidhmíochta a mheas ar leibhéal comónta.