Torthaí Foghlama na SS
Topaicí
1. Scil agus teicníc a fhoghlaim agus a fheabhsú
2. Éilimh fhisiceacha agus shíceolaíocha an taispeántais
3. Struchtúir, straitéisí, róil agus gnásanna
4. Ag pleanáil i gcomhair taispeántas barrmhaith.
Dírítear sa tsnáithe seo, I dtreo taispeántas barrmhaith, ar an idirchaidreamh casta atá idir taispeántas i ngníomhaíocht choirp agus an raon tosca a mhúnlaíonn an taispeántas sin. I measc imthosca den sórt sin tá peirspictíochtaí síceolaíocha, fiseolaíocha, bithmheicnice, socheolaíocha agus cultúrtha. Sa rannán seo, féachann an foghlaimeoir lena thaispeántas pearsanta barrmhaith féin a chruthú i dtrí ghníomhaíocht choirp. Sa chomhthéacs sin, ciallaíonn barrmhaith an taispeántas is fearr is féidir leis an bhfoghlaimeoir a bhaint amach ag an bpointe ama seo. Ag gach tráth, cuirtear an bhéim ar an bhfoghlaim ag cur a chuid eolais agus tuisceana ar na himthosca teoiriciúla i bhfeidhm agus é ag beartú a spriocanna feidhmíochta a bhaint amach.
Is ionann taispeántas oilte agus ceann ina dtaispeántar sraith gluaiseachtaí ar bhealach líofa agus rialaithe, roghnaítear na roghanna cearta agus léiríonn na scileanna agus na teicnící a úsáidtear cumas agus taithí an té atá i mbun na ngníomhaíochtaí go hiomlán. Is ionann teicníc agus an bealach ina gcuirtear na scileanna sin i bhfeidhm. Agus é ag pleanáil i gcomhair taispeántas barrmhaith, teastaíonn raon leathan scileanna agus teicnící ón bhfoghlaimeoir agus an cumas na roghanna cearta a dhéanamh maidir leis na cinn a úsáidfidh sé, cén uair agus cén áit a n-úsáidfidh sé iad. Sa topaic seo, déanann an foghlaimeoir scrúdú ar gach ceann de na trí ghníomhaíocht choirp d’fhonn na scileanna agus na teicnící difriúla atá lárnach do thaispeántas rathúil a shainaithint. Foghlaimíonn sé chun a leibhéal scile agus teicníce féin a anailísiú agus pleanáil i gcomhair feabhsúcháin.
Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 1: Scil agus teicníc a fhoghlaim agus a fheabhsú.
| Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Taispeántas oilte a shainiú |
|
| Scil agus teicníc a anailísiú |
|
Sealbhú scileanna
|
|
Cuireann taispeántas i ngníomhaíocht choirp éilimh dhifriúla ar an gcolainn. Áirítear leo sin éileamh ar
- corpacmhainn a bhaineann le sláinte
- corpacmhainn a bhaineann le taispeántas
- ullmhúchán síceolaíoch
- aiste bia agus cothú iomchuí.
I dTopaic 2, foghlaimíonn an scoláire faoi na héilimh dhifriúla seo go ginearálta agus an bhaint shonrach atá acu le gach ceann de na trí ghníomhaíocht choirp. Foghlaimíonn an scoláire le measúnú a dhéanamh air féin i dtaca le gach éileamh agus conas pleanáil chun feabhas a chur air féin.
Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 2: Éilimh fhisiceacha agus shíceolaíocha an taispeántais.
| Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Corpacmhainn fhisiceach |
|
| Corpacmhainn a bhaineann le sláinte |
|
| Corpacmhainn a bhaineann le taispeántas |
|
| Na codanna de chorpacmhainn a bhaineann le sláinte agus taispeántas a chur i bhfeidhm |
|
| Measúnú ar chodanna de chorpacmhainn fhisiceach a bhaineann le sláinte agus taispeántas |
|
| Plean corpacmhainne a dhearadh |
|
| Ullmhúchán síceolaíoch |
|
| Aiste bia agus cothú |
|
Caithfidh tuiscint a bheith ag na himreoirí agus/nó an lucht spóirt ar na struchtúir, straitéisí agus/nó gnéithe comhdhéanaimh atá lárnach sna gníomhaíochtaí coirp difriúla. I gcluichí foirne, mar shampla, caithfidh tuiscint a bheith ag gach imreoir ar a ról aonair agus ar an mbealach ar féidir leis an ról sin rannchuidiú le taispeántas iomlán na foirne. Tá roinnt struchtúr agus straitéisí is féidir a úsáid chun láidreachtaí an duine aonair/na foirne a uasmhéadú i gcásanna iomaíocha éagsúla.
I gcomhthéacs damhsa agus gleacaíochta, foghlaimíonn an scoláire conas gnéithe deartha taispeántais difriúla a chur i bhfeidhm ar a chomhdhéanamh/gnáthaimh aonair agus grúpa. Foghlaimíonn sé faoi na cuir chuige cóiréagrafacha difriúla agus an chaoi ar féidir leo sin caighdeán iomlán an taispeántais a fheabhsú.
Foghlaimíonn an scoláire faoi na rialacha, róil, traidisiúin agus an cleachtas sábháilte a bhaineann leis na gníomhaíochtaí coirp a roghnaíonn sé. Foghlaimíonn sé faoin tábhacht atá le cleamhnú, tógáil foirne agus ceannaireacht fhreagrach agus é ag obair i dtreo spriocanna feidhmíochta comhroinnte.
Foghlaimíonn an scoláire freisin conas róil neamh-imeartha a chur i gcrích, lena n-áirítear ról an chóitseálaí/chóiréagrafaí agus an oifigigh, a fhágann go mbeidh a thaithí ar na gníomhaíochtaí coirp difriúla níos iomláine agus níos údaraí. De réir mar a thugann an foghlaimeoir faoi na róil neamh-imeartha sin, foghlaimíonn sé le freagracht a ghlacadh as reáchtáil na gníomhaíochta agus as a chinntiú go ndéanfar eagrú na gníomhaíochta a chleachtadh go sábháilte.
Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 3: Struchtúir, straitéisí, róil agus gnásanna.
| Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Struchtúir, straitéisí agus/nó gnéithe comhdhéanaimh |
|
| Róil agus caidrimh |
|
| Cleachtas sábháilte |
|
| Rialacha, gnásanna agus nósanna |
|
| Ról an chóitseálaí/chóiréagrafaí |
|
| Ról an oifigigh |
|
Nuair atáthar ag pleanáil i gcomhair taispeántas barrmhaith ní mór don fhoghlaimeoir a bheith ag gabháil do roinnt gníomhaíochtaí atá riachtanach dó chun a spriocanna feidhmíochta pearsanta a bhaint amach. Ag an tús ar fad, is féidir anailís a dhéanamh ar thaispeántas i ngníomhaíochtaí difriúla ag úsáid uirlisí éagsúla atá deartha chun díriú ar ghnéithe áirithe den taispeántas. Foghlaimíonn an scoláire lena thaispeántas foriomlán nó gnéithe sonracha de a anailísiú ag úsáid modhanna anailíse iomchuí. Ag úsáid na faisnéise sin, foghlaimíonn sé le spriocanna feidhmíochta réadúla a leagan síos bunaithe ar dhea-phrionsabail teoiriciúla. Ceapann an foghlaimeoir clár traenála/cleachtaidh chun na spriocanna sin a bhaint amach, chun a dhul chun cinn a fhaire agus an clár a chur in oiriúint de réir mar is gá. Ar deireadh, déanann an foghlaimeoir measúnú ar a dhul chun cinn i dtaispeántas deiridh ag úsáid na modhanna céanna anailíse leo siúd a úsáideadh ag an tús. Faigheann an foghlaimeoir taithí ar an bpróiseas sin i dtaca le gach ceann de na trí ghníomhaíocht choirp a roghnaítear.
Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 4: Ag pleanáil i gcomhair taispeántas barrmhaith.
| Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Anailís a dhéanamh ar thaispeántas pearsanta |
|
| Modhanna anailíse |
|
| Ceisteanna aeistéitiúla agus ealaíne |
|
| Ag pleanáil i gcomhair taispeántas barrmhaith |
|
Topaicí
5. Gníomhaíocht choirp a chur chun cinn
6. Eitic agus cothrom na féinne
7. Gníomhaíocht choirp agus ionchuimsiú
8. Teicneolaíocht, na meáin agus spórt
9. Inscne agus gníomhaíocht choirp
10. Gnó agus fiontraíocht i ngníomhaíocht choirp agus spórt.
Is éard is aidhm leis an snáithe seo, Ceisteanna comhaimseartha sa ghníomhaíocht choirp, ná an foghlaimeoir a fhorbairt ina rannpháirtí oilte criticiúil sa ghníomhaíocht choirp agus sa spórt de réir mar a scrúdaíonn sé an iliomad tosca a mbíonn tionchar acu ar rannpháirtíocht agus ar thaispeántas sa ghníomhaíocht choirp agus sa spórt. Foghlaimíonn an scoláire faoi na srianta pearsanta, sóisialta agus comhthéacsúla agus na tacaíochtaí do rannpháirtíocht i ngníomhaíocht choirp agus i dtaispeántas tríd is tríd. Foghlaimíonn sé le ceisteanna a chur, léirmheas agus dúshlán a thabhairt faoina dtarlóidh sa todhchaí i ngníomhaíocht choirp agus i spórt ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Beidh deis ag an bhfoghlaimeoir freisin athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtas eiticiúil i ngníomhaíocht choirp agus i spórt. Déanann sé iniúchadh ar an tionchar a bhíonn ag cleachtas míchothrom ar an duine aonair, ar an ngrúpa agus ar an ngníomhaíocht. Déanann sé athbhreithniú ar rialacha ‘cothrom na féinne’ mar a fheiceann sé féin agus daoine eile é ina rannpháirtíocht agus san eagrú a dhéanann sé ar ghníomhaíochtaí coirp difriúla.
Iarrtar ar gach foghlaimeoir staidéar a dhéanamh ar Topaicí 5 agus 6 – Gníomhaíocht choirp a chur chun cinn agus Eitic agus cothrom na féinne. Gach dhá bhliain, ainmneofar dhá cheann de na topaicí seo a leanas le haghaidh gach cohórt nua de scoláirí na hArdteistiméireachta. Is iad na topaicí sin:
7. Gníomhaíocht choirp agus ionchuimsiú
8. Teicneolaíocht, na meáin agus spórt
9. Inscne agus gníomhaíocht choirp
10. Gnó agus fiontraíocht i ngníomhaíocht choirp agus spórt.
Tá saol an spóirt agus na gníomhaíochta coirp ag athrú de shíor, agus tionchar aige sin ar an taithí a fhaighimid ar spórt agus ar ghníomhaíocht choirp agus freisin ar an gcaoi a n-eagraítear agus a dtaispeántar iad. Tá an tábhacht atá le gníomhaíocht choirp don tsláinte agus don fholláine ar eolas ag cách ach is scéal iomlán difriúil é taithí an duine ar ghníomhaíocht choirp agus go deimhin tiomantas an duine dó. Sna topaicí seo bíonn deis ag an bhfoghlaimeoir scrúdú a dhéanamh ar roinnt de na ceisteanna sin ar bhealach níos doimhne ionas go mbeidh tuiscint níos fearr aige ar cad atá ag tarlú agus cad is gá a dhéanamh ar mhaithe le gníomhaíocht choirp agus spórt.
Samhlaítear go bhféadfadh na ceithre thopaic seo athrú sa todhchaí lena chinntiú go leanann Corpoideachas na hArdteistiméireachta ag léiriú cad atá úr agus spéisiúil i saol na gníomhaíochta coirp agus spóirt. Gach dhá bhliain, ainmneofar dhá cheann de na topaicí sin le haghaidh gach cohórt nua de scoláirí na hArdteistiméireachta.
In Gníomhaíocht choirp a chur chun cinn, foghlaimíonn an scoláire faoi na buntáistí atá le gníomhaíocht choirp agus na bealaí difriúla ina n-eagraítear gníomhaíocht choirp chun daoine aonair a shásamh ag céimeanna difriúla dá saol. Déanann an foghlaimeoir scrúdú ar na himthosca a mbíonn tionchar acu ar rannpháirtíocht agus ar sholáthar gníomhaíochta coirp agus spóirt. Dé réir mar a dhéanann an foghlaimeoir iarracht a thaispeántas pearsanta féin a fheabhsú sna gníomhaíochtaí roghnaithe, foghlaimíonn sé faoi na comhlachtaí rialaithe náisiúnta ar spórt agus gníomhaíocht choirp agus na bealaí difriúla chun barrfeabhais a d’fhéadfadh na comhlachtaí sin a thairiscint do lucht spóirt.
Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 5: Gníomhaíocht choirp a chur chun cinn.
| Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Na buntáistí atá le rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht choirp |
|
| Rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht choirp |
|
| Cur chun cinn na gníomhaíochta coirp |
|
| Bealaí chun na sármhaitheasa i ngníomhaíocht choirp |
|
Tá eitic agus cothrom na féinne lárnach do rannpháirtíocht thaitneamhach agus rathúil an fhoghlaimeora i ngníomhaíocht choirp agus spórt. Ní hamháin go luíonn an fhreagracht leis an duine aonair atá rannpháirteach ach tá freagracht freisin ar oifigigh/cóitseálaithe, comhlachtaí náisiúnta rialaithe spóirt agus ar ghrúpaí atá freagrach as spórt agus gníomhaíocht choirp ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta. Déanann an foghlaimeoir scrúdú ar cad a thugann treoir do eitic agus cothrom na féinne sna trí ghníomhaíocht choirp roghnaithe.
Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 6: Eitic agus cothrom na féinne
| Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Na prionsabail de chleachtas eiticiúil |
|
| Cóid eitice |
|
| Drugaí agus spórt |
|
| Rialacha frithdhópála |
|
| Dea-chleachtas maidir le húsáid forlíontaí |
|
De réir mar a thosaíonn an foghlaimeoir ag scrúdú a thaithí féin agus taithí daoine eile ar ghníomhaíocht choirp agus spórt, faigheann sé amach nach bhfuil an taithí chéanna ag gach duine, nó go deimhin rochtain ag gach duine, ar dheiseanna i gcomhair gníomhaíochta coirp. Sa topaic seo déanann an foghlaimeoir scrúdú ar thaithí grúpaí difriúla i ngníomhaíocht choirp. Déanann sé scrúdú ar chomh cuimsitheach atá a ngníomhaíochtaí coirp roghnaithe nó nithe eile a bhaineann leo agus féachann sé ar na bealaí a bhféadfaí ionchuimsiú a fheabhsú.
Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 7: Gníomhaíocht choirp agus ionchuimsiú.
| Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Na tacaíochtaí agus na srianta ar rannpháirtíocht i ngníomhaíocht choirp do ghrúpaí roghnaithe |
|
| Ag dul i ngleic le srianta ar ghníomhaíocht choirp |
|
| Forbairtí i ndeiseanna gníomhaíochta coirp agus spóirt le scór bliain anuas |
|
| Gníomhaíocht choirp oiriúnaithe |
|
Tá íomhánna spóirt agus gníomhaíochta coirp á gcur os comhair daoine óga an t-am ar fad trí raon meán lena n-áirítear an teilifís, an t-idirlíon, páipéir nuachta agus meáin dhigiteacha. Tá na meáin dhifriúla sin ag athrú de shíor agus iad ag éirí níos sofaisticiúla. Mar gheall ar na bealaí ina ndéantar athbhreithniú, anailísiú agus léirmheas ar spórt sna meáin éagsúla sin bíonn deis ag an lucht féachana a bheith ag gabháil de scrúdú níos géire ar thaispeántas i gcuid mhaith gníomhaíochtaí coirp difriúla. Tá níos mó fáil anois ar na modhanna sin freisin d’imreoirí agus do rannpháirtithe seachas do scoth na n-imreoirí amháin. Sa Teicneolaíocht, na meáin agus spórt, bíonn deis ag an bhfoghlaimeoir léirmheas a thabhairt ar úsáidí agus ar thionchar meáin agus teicneolaíocht difriúil i spórt.
Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 8: Teicneolaíocht, na meáin agus spórt.
| Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Tionchar na teicneolaíochta ar spórt agus ar ghníomhaíocht choirp |
|
| Na meáin sa spórt |
|
Tá corpas mór litríochta agus taighde ann ina ndéantar scrúdú ar an ngaol idir inscne, rannpháirtíocht agus taispeántas i ngníomhaíocht choirp agus spórt. Is é ár gcolainn féin is fearr a mhúnlaíonn féiniúlacht inscneach agus múnlaítear an cholainn ansin, trí bhíthin na smaointe is láidre faoi cad is brí le bheith fireann agus baineann. Bíonn tionchar mór ag féiniúlacht inscne ar chomh gníomhach is a bhímid agus an chaoi a mbímid gníomhach. Ag an leibhéal is bunúsaí ar fad, bíonn leibhéil rannpháirtíochta níos ísle ag mná óga i ngníomhaíocht choirp agus i spórt. Cén chúis atá leis sin? Tá i bhfad níos mó seans ann go mbeidh fir óga agus mná óga rannpháirteach i roinnt gníomhaíochtaí coirp ná daoine eile. Cén fáth a bhféadfadh sé sin tarlú? In Inscne agus gníomhaíocht choirp, bíonn deis ag an bhfoghlaimeoir cuimhneamh ar na ceisteanna sin agus ar cheisteanna eile i gcomhthéacs na dtrí ghníomhaíocht choirp ar a bhfuiltear ag déanamh staidéir.
Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 9: Inscne agus gníomhaíocht choirp.
| Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Inscne, spórt agus gníomhaíocht choirp |
|
| Inscne, na meáin agus corpíomhá |
|
| Sóisialú inscne agus a thionchar ar rannpháirtíocht i ngníomhaíocht choirp |
|
Is foinsí móra airgid iad gníomhaíocht choirp agus spórt. I measc na leasanna gnó agus fiontar tá grúpaí cumhachtacha a bhíonn in iomaíocht chun lucht féachana ollmhór a bhaint amach agus an cumas chun saibhreas a bhaint as cúrsaí spóirt. Tá smacht ag na grúpaí sin ar cad a fheicimid ar ár scáileáin agus cathain agus cé mhéad de a fheicimid. Is ar urraíocht a mhaireann go leor imeachtaí spóirt agus imeachtaí ina mbíonn rannpháirtíocht ar scála mór, agus is ceist chonspóideach i gcónaí an plé ar urraíocht oiriúnach i gcoinne an ghá a bhíonn ann ioncam a thabhairt isteach. Sa topaic seo, foghlaimíonn an scoláire faoin gcumas atá ag spórt ó thaobh deiseanna fiontraíochta agus gnó de.
Leagtar amach sa tábla a leanas an t-ábhar agus na torthaí foghlama le haghaidh Topaic 10: Gnó agus fiontraíocht i ngníomhaíocht choirp agus spórt.
| Foghlaimíonn an scoláire faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Urraíocht agus fógraíocht i ngníomhaíocht choirp agus spórt |
|
| Gníomhaíocht choirp agus spórt – an ghné spóirt |
|
| Rannpháirtíocht ar scála mór i spórt |
|
| Turasóireacht agus spórt |
|