Réimsí gníomhaíochta coirp i gCorpoideachas na hArdteistiméireachta
I gCorpoideachas na hArdteistiméireachta, tá sé réimse gníomhaíochta coirp:
- Gníomhaíochtaí eachtraíochta
- Gníomhaíochtaí ealaíonta agus aeistéitiúla
- Lúthchleasaíocht
- Uiscíocht
- Cluichí
- Aclaíocht agus corpacmhainn phearsanta.
Déanann an foghlaimeoir staidéar ar thrí ghníomhaíocht choirp, gach ceann roghnaithe ó réimse gníomhaíochta coirp difriúil. I ngach gníomhaíocht choirp, bíonn sé mar aidhm ag an bhfoghlaimeoir
- caighdeán a thaispeántais a fhorbairt sna trí ghníomhaíocht choirp roghnaithe
- a bheith cruthaitheach ina thaispeántas pearsanta mar dhuine aonair i mbun gníomhaíochta agus/nó mar bhall de fhoireann/ghrúpa
- a bheith comhsheasmhach maidir le caighdeán a thaispeántais.
De réir mar a thagann feabhas ar thaispeántas foriomlán an fhoghlaimeora sna gníomhaíochtaí coirp roghnaithe, ba cheart go mbeadh sé in ann taispeántas ar ardchaighdeán a léiriú i raon leathan scileanna agus teicnící a bhfuil cuntas orthu do na gníomhaíochtaí difriúla. Sa mheasúnú feidhmíochta le haghaidh Corpoideachas na hArdteistiméireachta iarrfar ar gach foghlaimeoir rud éigin a dhéanamh i gceann de na trí ghníomhaíocht choirp roghnaithe.
Gníomhaíochtaí eachtraíochta arb ionann iad agus gníomhaíochtaí comhair a tharlaíonn i dtimpeallacht dhúshlánach, lasmuigh go hiondúil, ina mbíonn tionchar ag gnéithe nach bhfuil smacht iomlán orthu, ar roghnú agus úsáid scileanna agus straitéisí chun sraith spriocanna a bhaint amach. Cuirtear béim ar leith ar scileanna idirphearsanta agus ar mhachnamh ar an bhfoghlaim.
|
Féadfaidh an foghlaimeoir ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas a roghnú:
|
|
Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir fianaise a thaispeáint dá chumas na scileanna agus teicnící seo a leanas a dhéanamh sa ghníomhaíocht eachtraíochta roghnaithe: Treodóireacht
|
|
Cadhcáil (Uisce corraitheach/bánuisce)
|
|
Cadhcáil (Uisce intíre ina bháinté/uisce cósta)
|
|
Ailleadóireacht (Lasmuigh nó ag dreapadh balla laistigh: bualadh aonair)
|
|
Seoltóireacht
|
|
Rámhaíocht/Sculláil
|
Uiscíocht–gníomhaíochtaí uiscebhunaithe a úsáideann scileanna snámha agus/nó tumadóireachta agus teicnící i gcomhair taispeántais, sábháilteachta san uisce, nó chun críche caitheamh aimsire
Féadfaidh an foghlaimeoir ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas a roghnú:
- Tarrtháil
- Snámh chun teacht slán
- Dhá bhuille shnámha
- Póló uisce
- Snámh sioncronaithe
|
Tarrtháil
|
|
Ag snámh chun teacht slán
|
|
Dhá bhuille shnámha
|
|
Póló uisce
|
|
Snámh sioncronaithe
|
Tugann gníomhaíochtaí ealaíonta deis don fhoghlaimeoir taithí a fháil ar cheardaíocht chruthaitheach agus ar ghníomhaíochtaí a dhéanamh lena mbaineann meascán scileanna samhlaíocha, teicnící agus/nó gluaiseachtaí i stíl iomchuí an imeachta. Tugann gníomhaíochtaí aeistéitiúla deis don fhoghlaimeoir a léirthuiscint ar cháilíochtaí na gluaiseachta a thaispeáint agus cumais léiritheacha an dream atá ina bun. Taispeánann an foghlaimeoir é sin trí chritéir aeistéitiúla a ghlacadh agus é ag pleanáil don ghníomhaíocht, á déanamh agus á meas.
Féadfaidh an foghlaimeoir gníomhaíocht amháin a roghnú as roghanna gleacaíochta nó damhsa.
| Gleacaíocht | Damhsa |
|---|---|
|
|
| Gleacaíocht |
|---|
| Iarrfar ar an bhfoghlaimeoir fianaise a thaispeáint dá chumas na scileanna agus teicnící seo a leanas a dhéanamh sa ghníomhaíocht gleacaíochta roghnaithe: |
|
Gleacaíocht ealaíonta
|
|
Bítear ag súil go gcuimseoidh an foghlaimeoir ceithre cinn den lúfaireacht seo a leanas sa tsraith ghearr urláir:
|
|
Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir inniúlacht a thaispeáint in dhá cheann de na lámhléimeanna seo a leanas ar a laghad:
|
|
Gleacaíocht rithimeach
|
|
Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir dreasa a chur le ceol agus gléasanna difriúla a úsáid idir liathróid, fáinne, ribín, rópa nó cleitheog. |
| Damhsa |
|---|
|
Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir damhsa aonair nó grúpa a dhéanamh ina dtaispeánfaidh sé gur chuir sé na gnéithe seo a leanas san áireamh:
|
Lúthchleasaíocht–imeachtaí ina mbítear ag rith, ag léim, ag caitheamh agus ag siúl taobh istigh nó taobh amuigh atá intomhaiste i dtéarmaí chumas an té atá ina mbun ach freisin i gcoinne caighdeán arna leagan síos ag éachtaí daoine eile. Agus lúthchleasaíocht á roghnú mar cheann de na réimsí gníomhaíochta coirp, iarrtar ar an bhfoghlaimeoir ceann de na trí chatagóir a roghnú:
- Ag rith
- Ag caitheamh
- Ag léim.
Díreofar sa mheasúnú ar an taispeántas ar ghníomhaíocht amháin laistigh den chatagóir roghnaithe. Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir fianaise a thaispeáint dá chumas na scileanna agus teicnící a dhéanamh sa ghníomhaíocht roghnaithe, m.sh. caitheamh na teisce ón gcatagóir ag caitheamh.
Féadfaidh an foghlaimeoir gníomhaíocht amháin a roghnú as ceann de na catagóirí seo a leanas:
Ag rith
|
|
| Ag caitheamh
|
|
Ag léim
|
|
Cluichí–cluichí aonair, beirteanna nó i bhfoireann ina gcaitear scileanna a bhaineann go sonrach le gníomhaíocht a úsáid, léirthuiscint ar chluiche, cinnteoireacht, eolas beartach agus smaointeoireacht straitéiseach in iarracht sprioc shainithe a bhaint amach. Agus cluichí á roghnú mar cheann de na réimsí gníomhaíochta coirp, iarrtar ar an bhfoghlaimeoir staidéar a dhéanamh ar cheann de thrí chatagóir:
- Ionradh
- Bualadh/Gabháil
- Eangach/Balla.
Díreofar sa mheasúnú ar an taispeántas ar ghníomhaíocht amháin laistigh den chatagóir roghnaithe, mar shampla, Peil Ghaelach i gcluichí ionraidh.
| Féadfaidh an foghlaimeoir gníomhaíocht amháin a roghnú as ceann de na catagóirí seo a leanas: | |
|---|---|
| Cluichí ionraidh | Peil Ghaelach Iománaíocht/Camógaíocht Rugbaí Sacar Cispheil Haca Líonpheil Liathróid láimhe Oilimpeach |
| Cluichí eangaí/balla | Badmantan Leadóg Eitpheil Leadóg bhoird Liathróid láimhe Scuais |
| Cluichí Buailte/Gabhála |
Cruicéad |
|
Cluichí ionraidh |
|
|---|---|
|
Peil Ghaelach
|
Iománaíocht/Camógaíocht
|
|
Rugbaí
|
Cispheil
|
|
Sacar Páirc amuigh
Cosaint báire
|
Haca Páirc amuigh
Cosaint báire
|
|
Líonpheil
|
Liathróid láimhe Oilimpeach
|
| Cluichí eangaí/balla | |
|---|---|
|
Badmantan
|
Leadóg
|
|
Leadóg bhoird
|
Eitpheil
|
Scuais
|
Liathróid láimhe (60 x 30, 40 x 20)
|
| Cluichí Buailte/Gabhála | |
|---|---|
Cruicéad
|
Bogliathróid/Cluiche Corr
|
Aclaíocht agus corpacmhainn phearsanta–rannpháirtíocht ghníomhach agus fhiúntach i gclár aclaíochta agus corpacmhainne atá deartha go pearsanta a léiríonn spéiseanna, spriocanna agus prionsabail pearsanta traenála.
Féadfaidh an foghlaimeoir modh amháin de thraenáil aeróbach agus gníomhaíocht chleachtaidh agus friotaíochta amháin eile a roghnú.
| Traenáil aeróbach | ||
|---|---|---|
Traenáil leanúnach
|
Traenáil eatramhach
|
Traenáil Fartlek
|
Aeróbaic/Aeróbaic chéime
|
Casadh
|
Rámhaíocht laistigh
|
| Ceann de na gníomhaíochtaí cleachtaidh agus friotaíochta seo a leanas: | ||
|---|---|---|
| Traenáil le meáchain
Brú guaisbheartaíochta uachtair
Tarraingt guaisbheartaíochta uachtair
Aclaíocht guaisbheartaíochta íochtair
|
Cobhsaíocht chabhlach
|
Cleachtadh cuarda Aclaíocht sonrach do:
|
Táthar ag súil go dtaispeánfaidh an foghlaimeoir an cumas na gnéithe seo a leanas a chur i bhfeidhm ar gach modh traenála:
- Prionsabail na traenála
- Scíth/ceartú
- Rólódáil
- Dul chun cinn
- Sainiúlacht
- Ullmhacht
- Criosanna traenála
- Tairseacha
- Eatraimh oibre-ceartaithe
- Téamh suas/Fuarú.
Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir fianaise a thaispeáint ar a chumas gnéithe de chlár aclaíochta agus corpacmhainne pearsanta a dhéanamh atá deartha chun taispeántas a fheabhsú i ngníomhaíocht choirp nó corpacmhainn fhisiceach a bhaineann le sláinte. Ba cheart go n-áireofaí sa taispeántas:
- Téamh suas ar feadh cúig nóiméad lena n-áirítear na gnéithe riachtanacha de théamh suas.
- Píosa forbartha cúig nóiméad déag: d’áireofaí leis an bpíosa seo píosa cardashoithíoch agus píosa ar neart matánach agus fulangacht. D’fhéadfaí formáid ciorcaid a áireamh sa phíosa forbartha.
- Fuarú ar feadh cúig nóiméad lena n-áirítear na gnéithe riachtanacha den fhuarú.
Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir eolas agus tuiscint a thaispeáint ar fhorchéimniú agus ar oiriúnuithe ábhartha agus ar chleachtas sábháilte sna gníomhaíochtaí roghnaithe.