Aidhm agus Cuspóirí
Aidhm
Is é aidhm Chorpoideachas na hArdteistiméireachta forbairt a dhéanamh ar chumas an fhoghlaimeora corpoideachas agus gníomhaíocht choirp a dhéanamh sa tsraith shinsearach agus ina shaol amach anseo ar bhealach eolach, oilte, féintreoraithe agus smaointeach.
Cuspóirí
Is iad na spriocanna atá le Corpoideachas na hArdteistiméireachta forbairt a dhéanamh:
- ar thaispeántas an fhoghlaimeora i ngníomhaíocht choirp
- ar chumas an fhoghlaimeora machnamh a dhéanamh ar a thaispeántas i ngníomhaíocht choirp
- eolas agus tuiscint an fhoghlaimeora faoi na cúinsí a mbíonn tionchar acu ar thaispeántas agus ar rannpháirtíocht i ngníomhaíocht choirp
- an léirthuiscint atá ag an bhfoghlaimeoir ar na buntáistí atá le gníomhaíocht choirp le haghaidh sláinte agus folláine ar feadh an tsaoil
- ar chumas an fhoghlaimeora tabhairt faoi róil éagsúla i ngníomhaíochtaí coirp
- an tuiscint atá ag an bhfoghlaimeoir ar na prionsabail atá mar bhonn ag rannpháirtíocht eiticiúil i ngníomhaíocht choirp
- an tuiscint atá ag an bhfoghlaimeoir ar ról na gníomhaíochta coirp agus an spóirt i saol sóisialta agus cultúrtha na hÉireann.