Measúnú
Tá an measúnú le haghaidh teastasú i gcorpoideachas bunaithe ar an aidhm, na cuspóirí agus na torthaí foghlama a bhfuil cuntas orthu sa tsonraíocht. Tá trí chomhpháirt measúnaithe i gCorpoideachas na hArdteistiméireachta: Tionscadal gníomhaíochta coirp, measúnú feidhmíochta agus scrúdú scríofa. Déanfar difreáil ag tráth an mheasúnaithe trí scrúdú a dhéanamh ag dhá leibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Cuirfear an measúnú feidhmíochta ar fáil ag leibhéal comónta.
| Comhpháirt measúnaithe | Ualú | Leibhéal |
|---|---|---|
| Tionscadal gníomhaíochta coirp | 20% | Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal |
| Measúnú feidhmíochta | 30% | Leibhéal comónta |
| Scrúdú scríofa | 50% | Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal |
Iarrfar ar an bhfoghlaimeoir an tionscadal gníomhaíochta coirp agus an measúnú feidhmíochta a chur i gcrích in dhá ghníomhaíocht dhifriúla.
Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir tionscadal gníomhaíochta coirp a chur i gcrích. Féadfaidh gach foghlaimeoir roghnú cén gníomhaíocht ar a ndíreoidh sé dá thionscadal gníomhaíochta coirp. Aithnítear mar sin féin go mbeidh tionchar ag comhthéacs áirithe na scoile, an clár corpoideachais is féidir leis a éascú agus leibhéal na saoráidí pobail, ar an leibhéal rogha is féidir a bhainistiú. Comhaontóidh an múinteoir corpoideachais, i gcomhairle leis an bhfoghlaimeoir, raon na ngníomhaíochtaí ar féidir freastal orthu agus tacú leo dá thionscadal gníomhaíochta coirp.
Féadfaidh an foghlaimeoir rogha a dhéanamh an tionscadal gníomhaíochta coirp a chur i gcrích i gceann de na róil seo a leanas:
- mar dhuine atá ina bhun
- mar chóitseálaí/cóiréagrafaí.
Ba cheart go mairfeadh an tionscadal idir ocht nó deich seachtaine agus iarrfar ar an bhfoghlaimeoir a chuid foghlama a chur i bhfeidhm ón tsonraíocht chun forbairt bhreise a dhéanamh ar a thaispeántas pearsanta ina ról roghnaithe.
Cuirtear an tionscadal gníomhaíochta coirp i gcrích i bhformáid dhigiteach.
Is iad na ceithre roinn:
1) Anailís ar an taispeántas
2) Ceithre sprioc feidhmíochta a shainaithint
3) Fianaise ar thraenáil/cleachtadh agus machnamh leanúnach
4) Anailís scoir.
Roghnaíonn an foghlaimeoir ceann de thrí ghníomhaíocht choirp roghnaithe a bhfuil a rang i mbun staidéir orthu i gCorpoideachas na hArdteistiméireachta dá mheasúnú feidhmíochta. Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir an raon scileanna, teicnící agus/nó gnéithe comhdhéanaimh a bhfuil cuntas orthu don ghníomhaíocht choirp a thaispeáint i Réimsí gníomhaíochta coirp i gCorpoideachas na hArdteistiméireachta. (lch 50)
Iarrtar ar an bhfoghlaimeoir eolas agus tuiscint a thaispeáint ar na prionsabail súgartha/taispeántais, tuiscint ar rialacha agus ar ghnásanna na gníomhaíochta agus cloí le cleachtas sábháilte roimh an taispeántas, lena linn agus ina dhiaidh. Déantar measúnú ar an bhfoghlaimeoir i gcomhthéacsanna éagsúla lena n-áirítear taispeántas pearsanta, cleachtais atá go hiomlán iomaíoch agus/nó múnlaithe.
Gabhann an foghlaimeoir an taispeántas go digiteach agus gabhtar é i seisiúin arna gceapadh chun an taispeántas pearsanta is fearr ón bhfoghlaimeoir a thaispeáint i gcleachtais nó i socruithe taispeántais atá go hiomlán iomaíoch agus/nó múnlaithe. Beidh an measúnú ar an taispeántas ag leibhéal comónta, a ndéanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit measúnú air.
Sa taispeántas i ngníomhaíocht roghnaithe, beifear ag súil go ndéanfaidh an foghlaimeoir na rudaí seo a leanas:
- fianaise a thaispeáint ar a chumas na scileanna agus na teicnící a bhfuil cuntas orthu sa roinn ar an ngníomhaíocht choirp i gcleachtas múnlaithe a roghnú, a chur i bhfeidhm agus a chur i gcrích, leagan iomlán iomaíoch den ghníomhaíocht, nó taispeántas pearsanta
- tuiscint agus eolas ar an ngníomhaíocht choirp a thaispeáint, lena n-áirítear an cumas beartaíochtaí, straitéisí agus eolas comhdhéanaimh difriúil a chur i bhfeidhm agus a oiriúnú mar fhreagra ar chásanna difriúla i dtimpeallachtaí múnlaithe nó iomaíocha
- eolas agus cur i bhfeidhm na rialacha, rialachán agus cóid chleachtais sa ghníomhaíocht roghnaithe a thaispeáint.
Bunófar an scrúdú scríofa ar na haidhmeanna, spriocanna agus torthaí foghlama atá breactha síos sa tsonraíocht. Déanfar scrúdú orthu seo a leanas:
- eolas agus tuiscint ar na himthosca teoiriciúla a mbíonn tionchar acu ar rannpháirtíocht agus ar thaispeántas i ngníomhaíocht choirp agus na caidrimh eatarthu
- coincheap agus próiseas eolais an fhoghlaimeora i dtaca leis an tionscadal taispeána
- rannpháirtíocht an fhoghlaimeora le cás-staidéar atá ceaptha chun iarraidh ar an bhfoghlaimeoir a chuid foghlama a chur i bhfeidhm i gcás gníomhaíochta coirp áirithe
- soiléire agus leanúnachas i mbainistiú smaointe agus freagraí.
Treoirlínte Measúnaithe
Beidh ábhar níos sonraithe maidir leis an measúnú ar obair chúrsa i gCorpoideachas na hArdteistiméireachta ar fáil i dTreoirlínte Measúnaithe ar leithligh. Áireofar sa cháipéis sin na Gnéithe Cáilíochta agus sonraí maidir leis na socruithe praiticiúla a bhaineann le gach comhpháirt.
Difreáil
Dála sonraíochtaí eile, déantar corpoideachas a mheas ag Gnáthleibhéal agus ag Ardleibhéal. Sa scrúdú scríofa, léireofar difreáil ag tráth an mheasúnaithe i struchtúr an pháipéir scrúdaithe agus sa stíl cheistiúcháin. Tabharfar aird ar an leibhéal teanga sna ceisteanna scrúdaithe, an t-ábhar spreagthach a thugtar, struchtúr na gceisteanna agus an méid tacaíochta don fhoghlaimeoir, go háirithe ag Gnáthleibhéal.