Ábhar tacaíochta
Fáilte romhat.
Ciorclán 0070/2024
Ar an 12 Meán Fómhair 2024 foilsíodh Ábhar Dualgais do Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta i mí an Mheithimh 2027 i gCiorclán 0070/2024 don scoláire a bheidh ag tosú sa 5ú bliain i Lúnasa/MeánFómhair 2025.
Acmhainní nua
Mar thaca don mhúinteoir agus don scoláire agus iad ag dul i ngleic leis an gcúrsa ainmnithe (Prós Comónta Ainmnithe agus Filíocht Chomónta Ainmnithe), tá na hacmhainní seo a leanas:
I ngach acmhainn tá rogha leathan tascanna a thugann deiseanna do mhúinteoirí roghnú eatarthu de réir mar a oireann do riachtanais foghlama na scoláirí ina ranganna féin. Ina measc tá:
- Tascanna ó bhéal
- Tascanna léitheoireachta
- Tascanna scríofa