Úsáideann CNCM fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí bhrabhsála is fearr is féidir ar ár suíomh gréasáin. Má aontaíonn tú gur féidir linn fianáin a stóráil agus a úsáid cliceáil “Glac & Dún” nó féadfaidh tú d’fhianáin a bhainistiú anseo.Manage Cookies

Uirlisí úsáide OSPS

Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte

Clúdaítear curaclam leathan in Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) a thacaíonn le páistí agus daoine óga chun foghlaim fúthu féin agus faoi conas caidrimh fholláine a fhorbairt agus a choinneáil. De réir a chéile, tabharfar an t-eolas agus na scileanna is gá dóibh chun cinntí freagracha a dhéanamh maidir lena sláinte agus lena bhfolláine trí chéile.

Pleanáil: Tá sé tábhachtach pleanáil don OSPS ag baint úsáid as an gcuraclam mar threoir duit. Tá torthaí foghlama OSPS na Sraithe Sóisearaí leathan agus solúbtha chun tacú leat foghlaim a phleanáil do riachtanais áirithe, do staid forbartha agus comhthéacs scoile do scoláirí.

Forbairt ghairmiúil: Tá na hábhair sna huirlisí úsáide seo ceaptha chun tacú leat dul chun cinn a dhéanamh in OSPS ó thaobh forbairt ghairmiúil de. D’fhéadfaí úsáid a bhaint astu freisin chun comhráite gairmiúla ar scoil a éascú agus chun forbairt ghairmiúil a bhaint amach ag leibhéal foirne nó ag leibhéal fhoireann na scoile iomláine.

Foilsíodh an OSPS na Sraithe Sóisearaí seo den chéad uair in 2016 agus nuashonraíodh é in 2023.

Nóta: Beidh scoláirí a chuireann tús lena gcéad bhliain i Meán Fómhair 2023 ag déanamh staidéar ar shonraíocht 2023.

 

                              

Féach ar chúrsa 2023                                               Féach ar chúrsa 2016

Tá dhá leagan de na hUirlisí úsáide ann, ceann do chúrsa OSPS 2023 agus ceann do chúrsa OSPS 2016. Tá trí rannán ag na hUirlisí úsáide ar fad. Cliceáil ar an rannán ábhartha den ghrafaic Uirlisí úsáide 2023 nó 2016 chun rochtain a fháil ar na hábhair.

  Uirlisí úsáide 2023                                       Uirlisí úsáide 2016

Cliceáil ar rannán chun an t-eolas a theastaíonn uait a léamh a fháilMé féin mar mhúinteoir aonair OSPS Cuir chuige teagaisc OSPS Áiseanna don teagasc agus foghlaim in OSPS        Cliceáil ar rannán chun an t-eolas a theastaíonn uait a léamh a fháil

Acmhainní cur i láthair scoile 

Cliceáil ar an gcnaipe thíos chun teacht ar chur i láthair gairid ina leagtar amach an comhthéacs d'athruithe OSPS na Sraithe Sóisearaí agus príomhghnéithe an churaclaim nuashonraithe. Tá sé mar aidhm ag an gcur i láthair seo tacú le ceannairí scoile agus iad i mbun cumarsáide leis an bhfoireann nó le tuismitheoirí. Chun teacht ar na comhaid cur i láthair, beidh ort cuntas múinteora cláraithe a bheith agat. Cliceáil anseo chun clárú le haghaidh cuntas Múinteora.  

Mé féin mar mhúinteoir aonair OSPS Cuir chuige teagaisc OSPS Áiseanna don teagasc agus foghlaim in OSPS