Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Punann Teanga an Scoláire: Treoirlínte do Mhúinteoirí agus do Scoláirí

Cuireadh an treoir seo le chéile chun tacú le scoláirí agus múinteoirí punann teanga an scoláire (PTS) a fhorbairt le haghaidh shonraíocht Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí (NTI na Sraithe Sóisearaí). Cuireadh cur chuige coiteann i bhfeidhm chun an tsonraíocht a fhorbairt le haghaidh Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí (NTI SS) do na ceithre theanga churaclaim Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis chun tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú.

Is bailiúchán leathan é an phunann teanga d’obair an scoláire ina leagann an scoláire spriocanna síos dóibh féin, ina ndéanann siad taifead ar a gcuid gnóthachtálacha agus ina ndéanann siad ceiliúradh orthu, agus ina ndéanann siad machnamh ar a dturas foghlama teanga. Forbróidh na scoláirí muinín as a n-idirghníomhú, agus méadóidh a bhfeasacht ar an bpróiseas foghlama teanga agus orthu féin mar fhoghlaimeoirí teanga trí aiseolas a fháil go rialta ó phiaraí agus ón múinteoir ar a gcuid oibre. 

Tá sé mar aidhm ag na treoirlínte punainne seo:
•    cúlra na punainne teanga a mhíniú
•    cur síos a dhéanamh ar sprioc agus cuspóir na punainne agus iad a shoiléiriú
•    breac-chuntas a thabhairt ar an gcaoi a dtacaíonn an phunann le foghlaim, teagasc agus measúnú
•    treoir agus samplaí a sholáthar do scoláirí agus iad ag cur a bpunainne le chéile
•    teimpléid machnaimh a sholáthar chun tacú leis na scoláirí spriocanna a leagan síos agus machnamh a dhéanamh ar an sprioctheanga a úsáid agus a fhoghlaim. 
 

Punann Teanga an Scoláire: Treoirlínte do Mhúinteoirí agus do Scoláirí

Teimpléid mhachnaimh NTI_Word

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.