Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú Rangbhunaithe 1: Samplaí ó mo Phunann Teanga Scoláire (PTS)

Forbróidh gach scoláire punann teanga i rith thrí bliana na Sraithe Sóisearaí. Is éard a bheidh sa PTS
Punann Teanga Scoláire
 ná bailiúchán oibre a chruthaigh an scoláire le himeacht aimsire. Tosóidh an scoláire ag forbairt a PTS
Punann Teanga Scoláire
 ag tús na chéad bhliana. Tarlaíonn obair a bhaineann leis an PTS
Punann Teanga Scoláire
mar chuid de chleachtas laethúil an tseomra ranga.
Sa dara bliain, roghnóidh an scoláire trí phíosa i Réimse
Is ionann agus na hearnálacha leathana, a bhaineann le foghlaim agus úsáid teanga, den saol sóisialta ina bhfeidhmímid. Is iad na príomhchatagóirí a sainaithníodh sa FTCE ná na réimsí oideachais, gairme, poiblí agus pearsanta, ach ní mheastar go bhfuil an réimse gairme bainteach go díreach le riachtanais foghlama teanga an scoláire sa tsraith shóisearach.
meán ó na cinn a bailíodh le himeacht aimsire agus cuirfidh sé i láthair iad le go ndéanfar measúnú orthu sa chéad Mheasúnú Rangbhunaithe: Samplaí ó mo Phunann Teanga Scoláire. Cuirtear deis ar fáil don scoláire sa Mheasúnú Rangbhunaithe chun ceiliúradh a dhéanamh ar a ghaiscí go nuige sin mar úsáideoir teanga atá ag éirí níos muiníní agus níos inniúla.
Le himeacht aimsire, cruthóidh gach scoláire Réimse
Is ionann agus na hearnálacha leathana, a bhaineann le foghlaim agus úsáid teanga, den saol sóisialta ina bhfeidhmímid. Is iad na príomhchatagóirí a sainaithníodh sa FTCE ná na réimsí oideachais, gairme, poiblí agus pearsanta, ach ní mheastar go bhfuil an réimse gairme bainteach go díreach le riachtanais foghlama teanga an scoláire sa tsraith shóisearach.
leathan míreanna chun machnamh a dhéanamh ar a thuras foghlama teangacha ar fud na dtrí snáithe. De réir mar a fhoghlaimíonn an scoláire an chaoi le hidirghníomhú sa sprioctheanga, cuireann sé tascanna agus gníomhaíochtaí i gcrích ar fud na réimsí pearsanta, oideachasúla agus poiblí d’úsáid teanga (féach na haguisíní le haghaidh tuilleadh tacaíochtaí). Coinneoidh sé cuntas ar a dhul chun cinn ach téacsanna scríofa, labhartha agus ilmhódacha amhail póstaeir, grafaicí faisnéise, blaganna, físeáin, podchraoltaí, srl., a chruthú De bharr gné uathúil agus phearsanta an PTS
Punann Teanga Scoláire
, is féidir téacsanna a chur i láthair i bhformáidí éagsúla—scríofa de láimh, digiteach, ilmhódach agus mar sin de. Níl na samplaí seo iomlánaíoch ach is í an fheidhm atá acu ná a léiriú gur cheart go mbeadh an bailiúchán téacsanna éagsúil agus go gcuirfí luach ar gach modh cumarsáide.
Gnóthóidh an scoláire a lán eolais as an bpróiseas a bhaineann leis an bpunann a úsáid chun cuntas agus machnamh a dhéanamh ar a fhoghlaim teanga. Cuimseofar leis an bpunann teanga freisin spriocanna foghlama agus machnaimh an scoláire chun cuntas agus monatóireacht a dhéanamh ar a dhul chun cinn le himeacht aimsire. Forbróidh sé muinín as a idirghníomhú chomh maith le feasacht ar an bpróiseas d’fhoghlaim teangacha agus air féin mar fhoghlaimeoir teanga trí aiseolas a fháil go rialta ó phiaraí agus ón múinteoir ar a chuid oibre.

FIANAISE AR FHOGHLAIM

Leis an gcéad Mheasúnú Rangbhunaithe: Samplaí ó mo Phunann Teanga Scoláire, tugtar deis don scoláire ceiliúradh a dhéanamh ar a ghnóthachtálacha mar fhoghlaimeoir teanga ach trí phíosa a roghnú i Réimse
Is ionann agus na hearnálacha leathana, a bhaineann le foghlaim agus úsáid teanga, den saol sóisialta ina bhfeidhmímid. Is iad na príomhchatagóirí a sainaithníodh sa FTCE ná na réimsí oideachais, gairme, poiblí agus pearsanta, ach ní mheastar go bhfuil an réimse gairme bainteach go díreach le riachtanais foghlama teanga an scoláire sa tsraith shóisearach.
meán astu sin a cuireadh le chéile le himeacht aimsire agus iad a chur i láthair le haghaidh measúnú sa dara bliain. I bhformhór na gcásanna, tiocfaidh obair i bpunann an scoláire as gnáthchleachtas an tseomra ranga sa chéad agus sa dara bliain.
Le linn do MRB
Measúnú Rangbhunaithe
1 a bheith á chur i gcrích ag an scoláire, léiríonn an scoláire a chumas cumarsáideach, a fheasacht teanga agus a eolas soch-chultúrtha agus a fheasacht idirchultúrtha chun téacsanna a chruthú sa sprioctheanga ar mhaithe le cumarsáid a dhéanamh.
Tá an MRB
Measúnú Rangbhunaithe
seo dírithe ar an ngné forbartha agus incriminteach a bhaineann le foghlaim teangacha. Is fearr a thacaítear leis seo nuair atá obair a bhaineann leis an PTS
Punann Teanga Scoláire
mar chuid lárnach de chleachtas an tseomra ranga agus spreagtar an scoláire chun úsáid a bhaint as a spéiseanna agus chun leas a bhaint as a láidreachtaí.
Le linn an MRB
Measúnú Rangbhunaithe
seo a chur i gcrích, roghnaíonn gach scoláire trí théacs le haghaidh measúnú ón bpunann a chruthaigh sé le himeacht aimsire. Ba cheart a léiriú leis na trí phíosa cumas an scoláire an sprioctheanga a úsáid chun críoch na cumarsáide i gcásanna fíorshaoil de réir na dtorthaí foghlama sa tsonraíocht seo agus na ngnéithe cáilíochta. Ba cheart a léiriú sna trí phíosa roghnaithe an obair is fearr atá déanta ag an scoláire chomh maith le gné ilmhódach na cumarsáide agus idircheangailteacht na dtrí shnáithe. Tá an tsaoirse ag an scoláire aon cheann de na trí mhír a chruthaigh sé a roghnú, fad is:

  • a bheidh mír amháin acu i bhformáid ó bhéal14 (píosa labhartha nó píosa closamhairc)
  • a léireofar i mír amháin ar a laghad eolas soch-chultúrtha agus/nó Feasacht idirchultúrtha
    Feasacht ar chultúr an scoláire féin agus ar chultúir, luachanna agus creidimh eile. Cothaíonn sé tuiscint, comhbhá, meas agus glacadh le daoine agus cultúir eile trí dhíriú ar shaineolas a fhorbairt, mar aon le dearcthaí agus scileanna.
    15
  • a léireofar Réimse
    Is ionann agus na hearnálacha leathana, a bhaineann le foghlaim agus úsáid teanga, den saol sóisialta ina bhfeidhmímid. Is iad na príomhchatagóirí a sainaithníodh sa FTCE ná na réimsí oideachais, gairme, poiblí agus pearsanta, ach ní mheastar go bhfuil an réimse gairme bainteach go díreach le riachtanais foghlama teanga an scoláire sa tsraith shóisearach.
    modhanna cur i láthair sna trí phíosa.

Ní mór machnamh an scoláire a chuimsiú le gach ceann de na trí théacs a roghnófar chun críocha 
measúnaithe. Is é is aidhm leis sin an deis a thabhairt don scoláire ráiteas gairid a leagan amach ar chuspóir na cumarsáide maidir le míreanna a roghnaigh sé agus iarrann sé ar an scoláire an méid a d’fhoghlaim sé ón bpróiseas agus an méid a dhéanfadh sé ar bhealach difriúil ar ócáid ina dhiaidh sin a léiriú. D’fhéadfadh machnamh an scoláire tacú leis an múinteoir agus na gnéithe cáilíochta á n Ãºsáid.



14 Is féidir leis an scoláire níos mó ná mír amháin a chur i láthair i bhformáid ó bhéal fad is a léirítear Réimse
Is ionann agus na hearnálacha leathana, a bhaineann le foghlaim agus úsáid teanga, den saol sóisialta ina bhfeidhmímid. Is iad na príomhchatagóirí a sainaithníodh sa FTCE ná na réimsí oideachais, gairme, poiblí agus pearsanta, ach ní mheastar go bhfuil an réimse gairme bainteach go díreach le riachtanais foghlama teanga an scoláire sa tsraith shóisearach.
 modhanna cur i láthair (fuaime, closamhairc, ilmhódach, srl.).
15 Ó tharla go bhfuil gné chomhtháite ag baint leis na snáitheanna agus de bharr gné shóisialta na teanga, is dócha go léireofar i níos mó ná mír amháin roinnt Feasacht idirchultúrtha
Feasacht ar chultúr an scoláire féin agus ar chultúir, luachanna agus creidimh eile. Cothaíonn sé tuiscint, comhbhá, meas agus glacadh le daoine agus cultúir eile trí dhíriú ar shaineolas a fhorbairt, mar aon le dearcthaí agus scileanna.
. Sa chás seo, d’fhéadfadh an nóta faoi mhachnamh an scoláire tacú leis an scoláire chun a roghanna a mhíniú.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.