Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Aidhm

Is é aidhm na sonraíochta le haghaidh Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí inniúlacht chumarsáideach teanga a fhorbairt atá ag teacht den chuid is mó le banda A (A1 go A2, úsáideoir bunúsach) den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach: Foghlaim, teagasc, measúnú ( FTCE
An Fráma Tagartha Comónta Eorpach: D’fhoilsigh Comhairle na hEorpa Foghlaim, Teagasc agus Measúnú in 2001. Cuireann an creat tagartha seo uirlisí, treoirlínte, agus acmhainní ar fáil chun tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú na dteangacha.
)  agus an tImleabhar a théann leis (CV FTCE
An Fráma Tagartha Comónta Eorpach: D’fhoilsigh Comhairle na hEorpa Foghlaim, Teagasc agus Measúnú in 2001. Cuireann an creat tagartha seo uirlisí, treoirlínte, agus acmhainní ar fáil chun tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú na dteangacha.
) agus a thuairisceoirí. Aidhm eile atá leis ná cur ar chumas an scoláire an t-idirspleáchas idir teanga agus cultúr a fhiosrú, forbairt a dhéanamh ar an léirthuiscint atá aige dá ábhartha atá teangacha dá shaol chun críocha pearsanta, sóisialta, oideachasúla, gairme agus fóillíochta, agus taitneamh a bhaint as foghlaim teanga.

Le bheith níos sonraíche spreagann sé an scoláire

  • páirt ghníomhach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus i dtascanna teanga lena bhforbraítear an cumas chun an teanga scríofa agus an teanga labhartha a thuiscint 
  • cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach agus go muiníneach sa sprioctheanga i gcomhthéacsanna coitianta trí mheáin éagsúla
  • forbairt a dhéanamh ar a chumas chun struchtúir chuí agus stór focal cuí a úsáid chun críche cumarsáide, idir chumarsáid i scríbhinn, chumarsáid ó bhéal agus chumarsáid ilmhódach 
  • taitneamh a bhaint as taithí foghlama teanga a thabharfaidh cabhair agus spreagadh dó leanúint ar aghaidh ag foghlaim teangacha sa todhchaí
  • bheith athmhachnamhach agus neamhspleách ina fhoghlaim teanga agus páirt ghníomhach a ghlacadh i monatóireacht agus i measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta aige    
  • léirthuiscint a ghnóthú dá chultúr féin agus do chultúir eile
  • forbairt a dhéanamh ar scileanna is féidir a chur i bhfeidhm maidir le réimsí eile staidéir agus saoil. 

5. Comhairle na hEorpa, (2001). An Fráma Tagartha Comónta Eorpach: Teagasc, foghlaim, measúnú. Cambridge: Cambridge University Press. Tá an Téacs
Is féidir téacs a thabhairt ar gach táirge a bhaineann le húsáid teanga—teanga labhartha, scríofa, físiúil, nó ilmhódach.  Tá go leor feidhmeanna éagsúla ag téacsanna sa saol sóisialta, agus fágann difríochtaí maidir le cuspóir, feidhm agus lucht féachana go bhfuil difríochtaí comhfhreagracha ann in ábhar na dteachtaireachtaí, agus san eagraíocht, leagan amach agus réim teanga.
iomlán ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle na hEorpa:  https://www.coe.int/t/dg4/linguistic/Source/Framework_EN.pdf.

6. Comhairle na hEorpa, (2020), An Fráma Tagartha Comónta Eorpach: Teagasc, foghlaim, measúnú. Ar fáil ag   https://rm.coe.int/common-european-framework-of-reference-for-languages-learning-teaching/16809ea0d4

 

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.