Aidhm
Is é aidhm na sonraÃochta le haghaidh Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaà scileanna cumarsáideacha teanga a fhorbairt atá ag teacht den chuid is mó le banda A (A1 go A2, Úsáideoir Bunúsach) den Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha agus lena thuairisceoirÃ. Aidhm eile atá leis ná cur ar chumas an scoláire an t-idirspleáchas idir teanga agus cultúr a fhiosrú, forbairt a dhéanamh ar an léirthuiscint atá aige dá ábhartha atá teangacha dá shaol chun crÃocha pearsanta, sóisialta, oideachasúla, gairme agus fóillÃochta, agus taitneamh a bhaint as foghlaim teanga.
Le bheith nÃos sonraÃche spreagann sà an scoláire:
- páirt ghnÃomhach a ghlacadh i ngnÃomhaÃochtaà agus i dtascanna teanga lena bhforbraÃtear an cumas chun an teanga scrÃofa agus an teanga labhartha a thuiscint
- cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach agus go muinÃneach sa sprioctheanga i gcomhthéacsanna coitianta trà mheáin éagsúla
- forbairt a dhéanamh ar a chumas chun struchtúir chuà agus stór focal cuà a úsáid chun crÃche cumarsáide, idir chumarsáid i scrÃbhinn agus chumarsáid ó bhéal
- taitneamh a bhaint as taithà foghlama teanga a thabharfaidh cabhair agus spreagadh dó leanúint ar aghaidh ag foghlaim teangacha sa todhchaÃ
- bheith athmhachnamhach agus neamhspleách ina fhoghlaim teanga agus páirt ghnÃomhach a ghlacadh i monatóireacht agus i measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta aige
- léirthuiscint a ghnóthú dá chultúr féin agus do chultúir eile
- forbairt a dhéanamh ar scileanna is féidir a chur i bhfeidhm maidir le réimsà eile staidéir agus saoil.