Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Cuidíonn staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge  leis an scoláire tógáil ar a chuid  foghlama go dtí seo agus cur arís lena chuid  scileanna chun taitneamh a bhaint as úsáid na Gaeilge. Tugann foghlaim teangacha deis don scoláire an tuiscint, an t-eolas agus na scileanna a bhaint amach chun a fhorás pearsanta, cognaíoch agus sóisialta a fhorbairt, mar aon lena rannpháirtíocht éifeachtach sa tsochaí dhomhanda. Tá na scileanna inaistrithe agus an mháistreacht a bheidh ag an scoláire ar theanga dála na Gaeilge ríthábhachtach don fhoghlaim i gcoitinne agus don saol araon. Cothaíonn seo an cumas agus an mhuinín sa scoláire feidhmiú mar shaoránach smaointeach sa phobal teanga. Tríd an Ghaeilge  a fhoghlaim, a shealbhú agus a úsáid, aimsíonn an scoláire faisnéis, forbraíonn sé smaointeoireacht, agus cuireann sé dearcthaí agus mothúcháin in iúl. Dá réir, cuirtear ar chumas an scoláire riaradh ar éilimh  éagsúla na scoile, an phobail,  na fostaíochta, an bhreisoideachais agus an tsaoil. Tá contanaim i gceist le turas an tsealbhaithe teanga, ó fhoghlaimeoir go húsáideoir dátheangach. Aithnítear go forleathan sa taighde idirnáisiúnta gur iomaí buntáiste a bhaineann leis an ilteangachas. Cuireann an dátheangachas agus an
t-ilteangachas leis an gcumas samhlaíochta agus cruthaitheachta agus cothaíonn sé dearcadh déach ar an saol.

Bíonn leibhéal inniúlachta ar leith sa Ghaeilge  de dhíth in éagsúlacht de réimsí fostaíochta anseo in Éirinn agus thar lear. Tá dualgas reachtúil ar ranna agus áisíneachtaí Stáit soláthar a dhéanamh don phobal trí mheán na Gaeilge. Cothaíonn stádas oifigiúil agus oibre na Gaeilge san Aontas Eorpach deiseanna breise fostaíochta. Is buntáiste í an Ghaeilge  don scoláire ar mian  leis obair sna réimsí éagsúla sin nó gnó a dhéanamh leo trí mheán na Gaeilge.

Is fuinneog atá sa teanga trínar féidir leis an scoláire féachaint go comhuaineach ar a oidhreacht stairiúil agus chomhaimseartha chultúir agus féiniúlachta agus tuigeann an scoláire an tábhacht atá le húinéireacht phearsanta a ghlacadh uirthi dá bharr.  Trí staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge tugtar deis don scoláire ionannú a dhéanamh leis an bpobal teanga* agus páirt fhiúntach a ghlacadh ann chun deiseanna cumarsáide a thapú. Cuirtear le feasacht an scoláire faoi chultúr na teanga trí mhachnamh agus staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge  agus ar ghnéithe den chultúr. Is minic go spreagann na tuiscintí seo scoláire chun machnamh a dhéanamh faoina áit féin sa domhan mór agus faoin  bhféiniúlacht chultúrtha ar bhonn níos leithne. Is féidir le ceangal níos doimhne le hoidhreacht shaibhir chultúrtha a phobail agus tuiscint níos doimhne uirthi a bheith ina phróiseas cumasaithe don scoláire. Nuair a chothaítear tuiscint sa scoláire ar chultúr na teanga, tugtar deis dó meas a bheith aige ar chultúir agus ar theangacha eile.

Foghlaimíonn an scoláire faoi struchtúr na teanga agus conas  a oibríonn sí. Cuireann an scoláire lena thuiscint ar an teanga féin (feasacht teanga) trí dhul  i ngleic le téacsanna, téacsanna ilmhódacha san áireamh. Trí thascanna teanga cuí bunaithe ar an réimse téacsanna sin tagann an scoláire i dtír ar na difríochtaí idir an teanga labhartha agus an teanga scríofa. Tugann sé nithe faoin  teanga faoi deara ón gcaoi ina n-úsáidtear go laethúil í agus ón gcaoi a gcuirtear friotal uirthi sa scríobh. Spreagtar an scoláire chun gnéithe na teanga nach bhfuil inchomparáide leis an mBéarla (foclóir, gramadach, comhréir agus foghraíocht) a thabhairt faoi deara. Cuirtear ar a chumas dul i ngleic le deacrachtaí tuisceana agus foghlama agus tuigeann sé cúiseanna a chuid earráidí féin trí chodarsnacht chórasach a dhéanamh idir an Ghaeilge  agus Béarla nó idir an Ghaeilge  agus teangacha eile. Bíonn an scoláire gníomhach agus gafa i gceann na scileanna teanga uile; éisteacht, léamh, labhairt, idirghníomhú cainte agus scríobh agus bíonn sé ag plé agus ag déanamh comparáide agus iniúchadh idir éagsúlacht téacsanna, téacsanna litríochta san áireamh ag forbairt a scileanna cumarsáide agus smaointeoireachta agus criticiúlachta. Léann an scoláire an litríocht le léargas agus le samhlaíocht ní amháin sa seomra ranga ach ar a shon féin freisin. Agus é ag léamh téacsanna ábhartha síntear cumas criticiúil an scoláire.

Ós gníomhaíocht shóisialta chomh maith le pearsanta í an fhoghlaim, téann an scoláire i ngleic leis na scileanna agus na deiseanna a bhaineann leis an bhfoghlaim fhéinriartha agus chomhoibritheach araon chun spriocanna teanga cuí a bhaint amach. Trí idirghníomhú leis an múinteoir agus lena chomhscoláirí agus trí mhachnamh a dhéanamh, fásann tuiscint an scoláire air féin mar fhoghlaimeoir teanga. Cuireann sé aithne de réir a chéile ar a chuid  straitéisí foghlama agus ar a stíl phearsanta foghlama. Trí thascanna éagsúla teanga a chur i gcrích tuigeann an scoláire na réimsí ar a bhfuil feabhas tagtha maidir lena úsáid teanga, na gnéithe ina bhfuil breis feabhsúcháin ag teastáil agus conas  tabhairt faoin  bhfeabhsúchán sin. Mar thoradh, cuirtear le muinín agus le cumas féinriartha an scoláire i dtaobh na foghlama agus na teanga. Tógann an scoláire ar a scileanna teanga agus digiteacha agus é ag cruthú téacsanna, ag déanamh cumarsáide ar líne, nó ag lorg eolais, rud a chuireann seo go mór lena litearthacht dhigiteach trí chéile. Agus a mháistreacht is a mheas ar an nGaeilge  á bhforbairt sa scoláire, is amhlaidh a fhásfaidh a chuid  deiseanna chun sult a bhaint as an saol agus an chuid  is fearr a thabhairt uaidh don tsochaí anois, agus san am atá le teacht.

 

* Pobal teanga: pobal ina bhfuil an sprioctheanga á labhairt mar ghnáth-theanga cumarsáide i réimse an teaghlaigh agus i réimsí lasmuigh de.
 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.