Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Litríocht

Cur chuige

Comhtháthú na litríochta mar chuid lárnach den teagasc agus den fhoghlaim

Cuirfear deiseanna ar fáil don scoláire blaiseadh den litríocht a fháil chun tacú lena chuid foghlama thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Moltar go ndéanfar comhtháthú ar fhorbairt scileanna teanga agus ar an litríocht sa seomra ranga chun tacú le forbairt teanga an scoláire.

Cuireann an litríocht le forbairt

  • teanga agus litearthachta
  • scileanna criticiúla agus cruthaitheacha
  • tuiscintí cultúrtha
  • forás  pearsanta.

Is éard is téacs litríochta ann ná téacs ina bhfuil léiriú ann ar bhail nó ar chúinsí an duine aonair, ar scéal a eascraíonn as mothúcháin, as taithí saoil, as cuimhní, as cruachás an staid dhaonna. Go minic bíonn léiriú ann ar fhantaisíocht, ar fhinscéalta, ar mhothúcháin, ar uafáis agus ar fhíseanna. Baineann saothair chruthaitheacha; scannáin, gearrscéalta, amhráin, drámaí, dánta, úrscéalta agus araile le croí agus le haigne; le mothúcháin is le samhlaíocht.

Teanga agus litearthacht

Is foinse  den dea-theanga agus den ghnáth-theanga í an litríocht. Cumtar an litríocht don phobal teanga agus is sampla é d’ábhar dílis ina mbíonn réimse leathan de réimeanna agus stíleanna teanga i gceist, a chabhraíonn leis an scoláire agus é i mbun forbairt teanga. Is acmhainn thábhachtach í an litríocht mar sin don fhoghlaim, don litearthacht agus d’fhorbairt inniúlachtaí teanga*.

* Lazar, G. (1993). Literature and Language Teaching. Cambridge: Cambridge University Press.

Scileanna criticiúla agus cruthaitheacha

Cothaíonn an litríocht deiseanna cumarsáide, idirghníomhaithe agus idirphlé a mhúsclaíonn samhlaíocht an scoláire agus a thacaíonn le forbairt scileanna cumarsáide, criticiúla agus cruthaitheacha.  Scríobh is mó a shamhlaítear leis an litríocht ach is í an labhairt is nádúrtha; má léitear leabhar, má bhreathnaítear ar scannán nó má chloistear amhrán seans maith go labhrófaí faoi. Bíonn léirmhínithe agus dearcthaí difriúla ag daoine ar théacsanna litríochta, ní fheiceann gach duine an bhrí chéanna iontu. Trí bhlaiseadh na litríochta cruthaítear deiseanna chun cur le scileanna cruthaitheacha an scoláire agus a chumas criticiúil a shíneadh.

Tuiscintí cultúrtha

Tugtar léargais don scoláire ar an gcultúr trí théacsanna litríochta a léamh. Is iomaí léargas i leith an chultúir dhúchais a bhíonn soiléir nó folaithe i dtéacsanna litríochta.

Forás pearsanta

Is acmhainn thábhachtach í an litríocht don fhorbairt mhothúchánach. Cruthaíonn téacsanna litríochta deiseanna don scoláire comhionannú le carachtair agus leis na mothúcháin atá á nochtadh sna téacsanna. Tacaíonn sé seo leis an scoláire foghlaim faoi nádúr na daonnachta agus faoina shaol féin. Tagann sé seo go mór leis an mbéim  ar chúrsaí folláine sa tsraith shóisearach trí chéile. Tá ról ag gach ábhar sa réimse seo, an Ghaeilge  san áireamh. Imríonn téacsanna litríochta (scannáin, gearrscéalta, amhráin, drámaí, dánta, úrscéalta agus araile) tionchar ar smaointe agus ar mhothúcháin an scoláire.

Tá tábhacht mhór ag baint le roghnú na dtéacsanna litríochta; is gá téacsanna a ndéanfadh an scoláire comhionannú leo agus ina bhféadfadh sé bheith rannpháirteach go mothúchánach agus go pearsanta a roghnú. Tá ról an scoláire féin i roghnú na dtéacsanna fíorthábhachtach. Tacóidh an múinteoir leis an scoláire iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí chun an rogha is oiriúnaí a dhéanamh.
Chun cabhrú leis an gcur chuige  seo cuirfear:

  • liosta molta de théacsanna cuí ar fáil chun tacú le foghlaim na chéad bhliana
  • liosta de sheánraí dualgais le rogha inmheánach de théacsanna ar fáil don dara agus don tríú bliain.

Roghnóidh an scoláire na téacsanna i gcomhpháirt leis an múinteoir. Beidh fáil ar na liostaí ar www.curriculumonline.ie

Tacóidh na treoirlínte thíos le roghnú na dtéacsanna:
An chéad bhliain

Sa chéad bhliain leagfar bunchloch do shaothrú na litríochta sa dara agus sa tríú bliain. Gheobhaidh an scoláire blaiseadh de sheánraí éagsúla,  mar atá:

  • gearrscannánaíocht
  • gearrscéalaíocht
  • filíocht
  • amhránaíocht.

Caithfear ionramháil a dhéanamh ar théacs amháin as gach seánra thuas ar a laghad.

* Ábhar léitheoireachta d’fhoghlaimeoirí dara teanga atá i gceist leis na téacsanna seo

An dara agus an tríú bliain

Thar thréimhse an dara agus an tríú bliain, roghnóidh an scoláire téacsanna* ó liosta d'fhéidearthachtaí, ach roghnófar ar a laghad

  • dhá ghearrscannán nó dráma (iomlán) amháin
  • gearrscéal amháin
  • ceithre dhán/amhrán
  • úrscéal (iomlán) amháin **ardleibhéal amháin.

** Léifidh scoláire a bheidh ag tabhairt faoin scrúdú deiridh ag an ardleibhéal úrscéal iomlán amháin mar aon leis na píosaí eile luaite, thar thréimhse an dara agus an tríú bliain.

* Téacsanna nár sathraíodh sa chéad bhliain

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.