Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte
de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair. Má bhíonn múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag breathnú ar an tsonraíocht ar líne agus iad ag scrollú thar na torthaí foghlama, tiocfaidh siad ar nasc chuig samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh  siad anótáilte ag múinteoirí. Cuimseoidh na samplaí seo obair atá

  • thar barr ar fad
  • os cionn  na n-ionchas
  • ag teacht leis na hionchais.

Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí a mhéad atá torthaí foghlama á mbaint amach i gcásanna iarbhír a léiriú.

Torthaí foghlama

Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, an tuiscint, na scileanna agus na luachanna ba chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge  sa tsraith shóisearach. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Leagtar béim  sa tsonraíocht gur le haghaidh tréimhse trí bliana iad na torthaí foghlama agus dá bhrí sin nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama  ar leith ‘curtha i gcrích fós, ach go leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire sa Ghaeilge go dtí deireadh na sraithe sóisearaí.

Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist ar an gcéad dul síos go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin. Tabharfaidh na samplaí d’obair scoláirí, a bheidh nasctha leis na torthaí foghlama, cur síos agus léargas ar chaighdeáin éagsúla d’obair scoláirí.

Sainmhíniú ar théacs

Is féidir téacs a thabhairt ar gach toradh a bhíonn ar úsáid teanga teanga labhartha, scríofa, físeach, nó ilmhódach. Is éard is téacs ilmhódach ann ná téacs ina bhfuil teanga agus córais chumarsáide eile in éineacht, leithéidí téacs clóite, íomhánna, fuaime agus na teanga labhartha. Trí úsáid a bhaint as an sainmhíniú sin ar an bhfocal ‘téacs’ féachtar le cuimsiú a dhéanamh ar an saibhreas agus ar an éagsúlacht atá riachtanach chun an scoláire a spreagadh, agus a meas ar theanga a chothú. Ní mór tuiscint cheart a bheith ag an léitheoir ar an mbrí atá leis an bhfocal ‘téacs’ chun ciall a bhaint as na torthaí foghlama i ngach gné agus i ngach snáithe.

Cuimsíonn cumas cumarsáide ábaltacht an scoláire sna cúig scil seo a leanas: éisteacht, léamh, labhairt, idirghníomhú cainte agus scríobh atá ag teastáil uaidh chun cumarsáid a dhéanamh le húsáideoirí eile. Bíonn ar chumas an scoláire feidhmiú i suíomhanna idirphearsanta cumarsáide. Bíonn ar a chumas príomhtheachtaireachtaí na cumarsáide a thuiscint agus a úsáid. Baineann sé taitneamh as a bheith páirteach sa chumarsáid le húsáideoirí eile agus as idirghníomhú leo. Léann sé raon leathan téacsanna, téacsanna ilmhódacha san áireamh atá in úsáid sa phobal teanga* agus baineann sé tuiscint as na príomhtheachtaireachtaí atá iontu. Cumann sé a théacsanna ábhartha féin le haghaidh cumarsáide le húsáideoirí eile.
 
* Pobal teanga: pobal ina bhfuil an sprioctheanga á labhairt mar ghnáth-theanga cumarsáide i réimse an teaghlaigh agus i réimsí lasmuigh de
Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Éisteacht
  1. 1.1

    príomhtheachtaireachtaí na cumarsáide Gaeilge bainteach leis an ngnáthshaol a thuiscint chomh fada is atá an chaint ar ghnáthluas agus soiléir

  2. 1.2

    sonraí áirithe ar ghnáthnithe coitianta sa chaint a aithint

  3. 1.3

    léiriú ar thaitneamh a bhaint as éisteacht le Gaeilge

  4. 1.4

    ábhar agus foinsí éisteachta a roghnú agus a roinnt, ag úsáid teicneolaíochtaí digiteacha

  5. 1.5

    canúintí na Gaeilge a aithint

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Léamh
  1. 1.6

    úsáid a bhaint as raon straitéisí díchódaithe cuí

  2. 1.7

    príomhshonraí a bhaineann le gnáthnithe coitianta a aithint i dtéacsanna Gaeilge

  3. 1.8

    príomhtheachtaireachtaí a bhaint as téacsanna Gaeilge a bhaineann leis an ngnáthshaol

  4. 1.9

    taitneamh a bhaint as téacsanna* ábhartha dílse chun cumas léitheoireachta a fhorbairt

  5. 1.10

    téacsanna dílse a aimsiú  agus a úsáid chun taighde a dhéanamh

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Labhairt
  1. 1.11

    teachtaireachtaí pearsanta cumarsáide a chur in iúl a bhaineann leis an ngnáthshaol

  2. 1.12

    téacsanna ó bhéal  a chruthú, a chur i láthair ina aonar agus/nó mar bhall de ghrúpa agus tuiscint a léiriú ar lucht éisteachta

  3. 1.13

    focail Ghaeilge  a fhuaimniú i slí shothuigthe chruinn

  4. 1.14

    taitneamh a bhaint as bheith ag cumarsáid trí Ghaeilge

  5. 1.15

    a stór focal pearsanta féin a threisiú ar ghnáthnithe agus ábhar ar spéis leis féin

  6. 1.16

    cumarsáid ó bhéal  a dhéanamh faoin  méid atá cloiste aige

  7. 1.17

    cumarsáid ó bhéal  a dhéanamh bunaithe ar théacsanna* ábhartha Gaeilge

  8. 1.18

    tuairimí pearsanta a fhorbairt agus a chosaint ar nithe a bhaineann le hábhair ar spéis leis féin

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Idirghníomhú cainte
  1. 1.19

    idirghníomhú le comhscoláirí/le húsáideoirí eile Gaeilge (agus lasmuigh de phobal na scoile)

  2. 1.20

    freagairt do theachtaireachtaí gan choinne le linn comhrá

  3. 1.21

    cumarsáid a choimeád sa siúl agus déileáil le deacrachtaí tuisceana

  4. 1.22

    soiléiriú nó athrá a lorg

  5. 1.23

    eolas a sheiceáil, a dheimhniú agus a mhalartú

  6. 1.24

    cumarsáid ó bhéal  a dhéanamh ag úsáid teicneolaíochtaí digiteacha

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 Scríobh
  1. 1.25

    téacsanna ábhartha a chumadh (ríomhphoist, blaganna, cuntais, téacsanna cruthaitheacha agus téacsanna ilmhódacha) le tuiscint ar lucht a léite

  2. 1.26

    dréachtú, léamh siar agus athdhréachtú a dhéanamh

  3. 1.27

    teachtaireachtaí scríofa a roinnt, ag úsáid teicneolaíochtaí digiteacha

  4. 1.28

    tuairimí pearsanta a chur in iúl agus a mhíniú

  5. 1.29

    freagairt phearsanta do théacsanna*

Tugann an scoláire cruinnúsáid agus saibhreas teanga faoi deara. Tuigeann sé na difríochtaí suntasacha idir an Ghaeilge  agus an Béarla chun míchruinneas a sheachaint sa labhairt agus sa scríobh. Déanann sé machnamh ar an gcaoi a n-oibríonn an teanga i dtreo is go sealbhóidh sé dul na teanga sa labhairt agus sa scríobh. Cuireann sé aithne mhaith ar bheochultúr na Gaeilge agus fásann meas ann ar an gcultúr sin agus ar phobal na Gaeilge agus spreagtar é leis an teanga a úsáid.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Ag díriú ar theanga na Gaeilge mar chóras
  1. 2.1

    difríochtaí suntasacha ó thaobh gramadaí agus comhréire idir an Ghaeilge, Béarla agus teangacha eile a thabhairt faoi deara chun míchruinneas a sheachaint

  2. 2.2

    earráidí pearsanta i labhairt agus i scríobh na teanga a thabhairt faoi deara agus na cúiseanna leo a thuiscint

  3. 2.3

    patrúin teanga mar chomhréir, bhriathra, ainmfhocail, srl., a aithint agus a úsáid

  4. 2.4

    litriú agus poncaíocht cheart a aithint agus a úsáid

  5. 2.5

    taifead a choinneáil ar dhúshláin phearsanta a bhaineann le cruinnúsáid na teanga trí bhlag foghlama pearsanta a chruthú

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Ag cothú feasachta i leith chultúr na teanga
  1. 2.6

    gné(ithe) de chultúr na Gaeilge a roghnú agus taighde a dhéanamh uirthi agus í a chur i láthair ar shlí nuálach chruthaitheach

  2. 2.7

    tionscnaimh/cur i láthair ó bhéal  a dhéanamh ar ghnéithe de bheochultúr na Gaeilge

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Ag cothú feasachta i leith an dátheangachais
  1. 2.8

    cosúlachtaí agus difríochtaí idir phobail ilteangacha a fhiosrú

  2. 2.9

    a aistear pearsanta féin i dtreo an ilteangachais a léiriú

Díríonn an scoláire ar na tréithe aonair atá aige féin mar fhoghlaimeoir teanga. Tuigeann sé conas straitéisí foghlama atá oiriúnach dó féin a úsáid. Tuigeann sé an spreagadh pearsanta atá aige i leith fhoghlaim na teanga agus glacann sé úinéireacht phearsanta ar an teanga féin agus ar phróiseas sealbhaithe teanga.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Ag cothú féintuisceana mar fhoghlaimeoir teanga
  1. 3.1

    stíl phearsanta foghlama a aithint agus straitéisí foghlama a fhorbairt sna scileanna ar fad chun cur leis an bhfoghlaim éifeachtach

  2. 3.2

    úsáid a bhaint as aiseolas mar fhoghlaimeoir chun aidhmeanna foghlama pearsanta a leagan amach

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Ag forbairt na foghlama féinriair
  1. 3.3

    cinntí neamhspleácha faoin  bhfoghlaim a dhéanamh

  2. 3.4

    féinmheasúnú a dhéanamh ar dhul  chun cinn

  3. 3.5

    aiseolas  a roinnt le comhscoláirí ar an bhfoghlaim phearsanta sna scileanna teanga agus foghlama

  4. 3.6

    acmhainní teanga a úsáid (foclóirí agus ríomhfhoclóirí, graiméir, seiceálaithe gramadaí
    agus litrithe, srl.)

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Ag forbairt tuisceana ar spreagadh pearsanta i leith na teanga
  1. 3.7

    tuiscint a léiriú ar a spreagadh pearsanta i leith fhoghlaim na teanga

  2. 3.8

    aidhmeanna foghlama pearsanta a úsáid

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.