Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Gaeilge agus na Príomhscileanna

Sa bhreis ar eolas sainiúil cothaíonn ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna chun raon príomhscileanna a fhorbairt. Tá féidearthachtaí ann tacú leis na príomhscileanna go léir le linn an chúrsa seo ach tá cuid díobh fíorthábhachtach. Leagtar amach na hocht bpríomhscil go mion i bPríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí.

Léiríonn na samplaí thíos cuid de na gnéithe a nascann le gníomhaíochtaí foghlama sa Ghaeilge.

Príomhscil Gné(ithe) na príomhscile Samplaí de ghníomhaíocht foghlama an scoláire
A bheith cruthaitheach Ag foghlaim go cruthaitheach Mar úsáideoir teanga beidh deiseanna ag an scoláire cíoradh a dhéanamh ar raon gnéithe a bhaineann leis an teanga agus leis an gcultúr. Bainfidh sé leas as meáin éagsúla, teicneolaíocht dhigiteach san áireamh, chun dearcthaí a chíoradh agus chun smaointe a léiriú ar bhealach cruthaitheach.
A bheith liteartha

Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas

Téacsanna éagsúla a fhiosrú agus a chruthú, lena n áirítear téacsanna ilmhódacha

Agus an scoláire ag dul i ngleic le raon leathan téacsanna (téacsanna ilmhódacha san áireamh) forbróidh sé feasacht níos grinne maidir le conas a oibríonn teanga. Cuirfidh sé seo ar a chumas roghanna oilte teanga a dhéanamh chun é féin a chur in iúl, chun eolas agus smaointe a aimsiú, a úsáid agus a roinnt. Trí bheith páirteach i gcumarsáid idirghníomhach forbróidh an scoláire bunchlocha na hidirghníomhaíochta cainte; scileanna éisteachta agus labhartha. Tabharfaidh an scoláire faoi phleanáil, dréachtú agus scríbhneoireacht i réimse seánraí ag léiriú feasachta atá ag dul i méid ar spriocghrúpa agus stíl.
A bheith uimheartha Patrúin, treochtaí agus coibhneas a fheiceáil Tabharfaidh an scoláire faoi ghníomhaíochtaí foghlama teanga ar nós eolas a bhailiú ó shuirbhéanna agus ó cheistneoirí sa rang. Bainfidh an scoláire leas as an nuatheicneolaíocht dhigiteach chun eolas a lorg, a bhailiú, a mheas agus chun úsáid a bhaint as an eolas sin trí chur síos nó trí chur i láthair. Rachaidh sé i ngleic le coincheapa cainníochtúla agus gnéithe den uimhríocht nó den tomhas feidhmeach. Aithneoidh sé patrúin teanga i dtéacsanna, téacsanna liteartha san áireamh.
Cumarsáid Teanga a úsáid

Cuirfidh an scoláire feabhas ar a scileanna cumarsáide trí bheith ag úsáid teanga a bhaineann lena shaol féin agus leis an saol i gcoitinne. Gheobhaidh sé taithí ar a bheith ag cur faisnéise agus tuairimí i láthair ar a shon féin nó ar son grúpa trí mheán na Gaeilge.

Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú Athmhachnamh agus meastóireacht ar mo chuid foghlama

Déanfaidh an scoláire machnamh agus meastóireacht ar aiseolas faighte trí fhéinmheasúnú nó trí phiarmheasúnú (ó scoláirí eile) agus aiseolas ó mhúinteoirí chun teacht ar shlite inar féidir leis a bheith níos cruinne ina tháirgeadh teanga féin (scríofa agus labhartha) agus níos feasaí air féin mar fhoghlaimeoir teanga.

Mé féin a bhainistiú Spriocanna pearsanta a shocrú agus a bhaint amach Tuigfidh an scoláire an tábhacht a bhaineann le machnamh, le heagar agus le soiléireacht ar mhaithe le spriocanna a bhaint amach go héifeachtach agus in am agus é ag plé agus ag cruthú téacsanna Gaeilge.
Fanacht folláin A bheith dearfach faoin bhfoghlaim Forbróidh an scoláire meon dearfach i leith fhoghlaim na teanga agus é ag dul i ngleic le tascanna agus gníomhaíochtaí éagsúla teanga agus ag machnamh air féin mar fhoghlaimeoir teanga.
Obair le daoine eile Foghlaim le daoine eile Rachaidh an scoláire i gcomhairle agus i gcomhpháirt lena chomhfhoghlaimeoirí agus le daoine eile chun sochair a fhoghlama féin agus fhoghlaim a chéile. Tuigfidh an scoláire a thábhachtaí is a thairbhí is atá sé éisteacht le daoine eile agus a bheith measúil orthu agus é ag cur raon leathan de ghníomhaíochtaí agus tascanna i gcrích.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.