Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus an Creat don tSraith Shóisearach

Is í an tsraith shóisearach an chéim dheiridh den oideachas éigeantach agus clúdaítear inti tréimhse thábhachtach i saol gach duine óig. Is am é ina dtarlaíonn athrú, fás agus forbairt don scoláire agus é ag bogadh ón óige go dtí an luathaosacht. Is féidir le gach ógánach sa tsraith shóisearach leibhéil dhifriúla aibíochta agus rátaí dul chun cinn a léiriú. Aithnítear nach ionann an t-aistriú ón óige go dtí an aosacht, don chohórt scoláirí seo, agus aistriú a bpiaraí atá ag forbairt mar is tipiciúil. Ach, beidh siad ag dul i dtaithí ar an gcaithreachas agus na hathruithe mothúchánacha a bhaineann leis. Agus iad ag teacht i dtreo dheireadh a gcuid oideachais éigeantaigh, tarlóidh athruithe dosheachanta i ngnáthaimh a bhfuil cur amach acu air agus atá intuartha ina saol níos leithne.

Tá ocht bprionsabal, 24 ráiteas foghlama agus ocht bpríomhscil mar bhuntaca leis an gCreat don tSraith Shóisearach (2015). Bealach amháin chun na prionsabail sin a sheachadadh is ea trí CFL1anna a thairiscint mar rogha don tsraith shóisearach. Gheobhaidh an scoláire a thugann faoi CFL1anna eispéireas ar roinnt nó gach ráiteas foghlama agus forbróidh sé a scileanna trí rannpháirtíocht le ATFanna, gearrchúrsaí agus eispéiris churaclaim agus foghlama eile.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.