Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Díríonn an tsonraíocht seo ar bhuanú scileanna teanga agus litearthachta trí shnáitheanna comhtháite: Cumas cumarsáide, Feasacht teanga agus chultúrtha agus Féinfheasacht an fhoghlaimeora. Dearadh í d’íosmhéid 240 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire ar an gclár ama thar thrí bliana na sraithe sóisearaí.

overview of course diagram

Is é an snáithe Cumas cumarsáide príomhshnáithe na sonraíochta agus tacaíonn an dá shnáithe eile, Feasacht teanga agus chultúrtha agus Féinfheasacht an fhoghlaimeora go gníomhach le snáithe na cumarsáide. Chun an teanga a shealbhú i gcomhair cumarsáide sa phobal teanga, ní mór go mbeadh an fheasacht teanga agus chultúrtha agus an fhéinfheasacht i leith na foghlama teanga chomh forbartha agus is féidir ag an scoláire. Cuirtear béim mhór ar an scoláire a chumasú chun an Ghaeilge  a úsáid ionas  go mbeidh ar a chumas cumarsáid fhiúntach a dhéanamh le húsáideoirí eile sa phobal teanga.

Sa phríomhshnáithe doimhníonn agus saibhríonn an scoláire a chumas cumarsáide agus scileanna teanga. De réir mar a fhásann a fheasacht teanga agus chultúrtha agus dé réir mar a fhorbraíonn sé féinfheasacht ina leith mar fhoghlaimeoir, cuirtear go suntasach lena éifeachtúlacht mar chumarsáidí agus mar úsáideoir teanga. Cuimsíonn cumas cumarsáide ábaltacht an scoláire sna cúig scile teanga seo a leanas: éisteacht, léamh, labhairt, idirghníomhú cainte agus scríobh, scileanna atá ag teastáil uaidh chun cumarsáid a dhéanamh le húsáideoirí eile. Cé go luaitear na torthaí foghlama i snáitheanna ar leith, ní chiallaíonn seo go ndéanfaí saothrú aonair ar aon chuid acu go neamhspleách ar na cinn  eile. Féachfar leis na scileanna agus na hinniúlachtaí éagsúla a chothú, a fhorbairt agus a bhuanú trí leas a bhaint as cur chuige  comhtháite.

Baineann an fheasacht teanga le tuiscint agus le machnamh an scoláire ar an gcaoi a n-oibríonn an Ghaeilge  mar theanga cumarsáide. Spreagann an fheasacht seo fiosracht sa scoláire maidir le córas agus dul na teanga agus spreagann sé fonn ann an teanga a shealbhú go ceart cruinn. Tarraingíonn sé as cibé eolais atá aige ar an teanga cheana féin agus díríonn sé a aird ar an gcruinneas agus ar an saibhreas. Díríonn sé a aird freisin ar ghnáthúsáid na teanga agus ar an gcultúr beo a bhaineann leis an nGaeilge,  le pobal Gaeltachta agus leis an bpobal Gaeilge go hidirnáisiúnta.

Baineann an fhéinfheasacht i leith na foghlama teanga leis an aithne a chuireann an scoláire air féin mar fhoghlaimeoir teanga. Bíonn gach foghlaimeoir teanga difriúil agus trí bhéim a chur ar an bhféinfheasacht i leith na foghlama teanga, díríonn an scoláire ar an stíl aonair agus ar na tréithe aonair atá aige féin mar fhoghlaimeoir teanga. Cabhraíonn sé seo go mór leis an dul chun cinn  is gá dó a dhéanamh. Nuair a bhíonn deacrachtaí agus dúshláin roimhe, sáraíonn sé iad trímhachnamh a dhéanamh ar na cúiseanna atá leo. Tuigeann sé go bhfuil straitéisí foghlama teanga ar fáil dó a chabhróidh leis deacrachtaí agus dúshláin a shárú agus a chabhróidh leis an fhoghlaim a éascú. Baineann sé úsáid as straitéisí foghlama a oireann dó, rud a chuireann ar a chumas na dúshláin a bhaineann le húsáid teanga chruinn shaibhir, cuir i gcás, a shárú. Bíonn a fhios aige conas  déileáil go héifeachtach le haiseolas mar fhoghlaimeoir. Déanann sé machnamh ar an dul chun cinn  atá déanta agus atá le déanamh aige chun a bheith ina úsáideoir neamhspleách teanga. Tuigeann sé a spreagthach pearsanta féin i leith úsáid na teanga le húsáideoirí eile. I gcomhthéacs an chainteora dúchais tá tábhacht ar leith ag baint leis an tuiscint atá aige air féin mar chainteoir dúchais atá ag fás agus ag forbairt mar fhoghlaimeoir teanga. Tuigeann sé conas  cinntí a dhéanamh mar fhoghlaimeoir go neamhspleách ar an múinteoir agus conas  féinmheasúnú a dhéanamh ar dhul  chun cinn  nó ar easpa  dula chun cinn  sna scileanna ar fad.

Tugann an tsonraíocht seo an tsaoirse don mhúinteoir agus don scoláire réimse de straitéisí teagaisc agus foghlama a úsáid atá oiriúnach agus ábhartha do na comhthéacsanna éagsúla ina bhfuil siad ag saothrú na teanga. Tugtar léargas anseo ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim atá leabaithe i snáitheanna comhtháite na sonraíochta.

Is féidir féachaint ar fhoghlaim agus ar shealbhú na Gaeilge mar thuras. An sprioc nó an ceann scríbe a bhíonn ag an scoláire ar an turas teanga seo ná a bheith ina úsáideoir teanga atá cumasach, neamhspleách, féinrialaitheach. Is cuid thábhachtach den turas teanga an fhoghlaim agus an sealbhú teanga sa tsraith shóisearach a thógann ar shaothrú na teanga sa bhunscoil agus a leanfaidh ar aghaidh sa tsraith shinsearach.

Maidir leis an tsonraíocht seo, ní mór a chur san áireamh go mbíonn cúlraí éagsúla teanga ag scoláirí lena n-áirítear cainteoirí dúchais – iad siúd a bhfuil an Ghaeilge  acu mar phríomhtheanga sa bhaile,  iad siúd a bhfuil Béarla acu mar phríomhtheanga sa bhaile  agus iad siúd a thagann ó theaghlaigh dhátheangacha/ilteangacha. Bíonn an teanga sealbhaithe cuid mhaith ag scoláirí áirithe de bharr a gcúlra teanga is iad ar an turas teanga seo agus bíonn sí sealbhaithe nó geall le bheith sealbhaithe ag cuid eile acu i dtreo dheireadh a dturais. Sula sroicheann scoláirí an ceann scríbe.i. an úsáid neamhspleách fhéinrialaitheach teanga, agus fiú an teanga sealbhaithe acu, bíonn orthu dul níos faide sa bhóthar chun cruinneas, saibhreas, stíl shuaithinseach agus cuannacht a bhaint amach.  Cabhraíonn ionchur* leis an scoláire agus é ar an turas seo. Tá tábhacht faoi leith ag aschur** ag an teagasc éifeachtach, ag deiseanna úsáide agus idirghníomhaíochta, ag comhscoláirí, ag an bpobal, ag áiseanna agus foinsí foghlama don scoláire i gcaitheamh a thurais.

Is é an múinteoir, i gcomhpháirt leis an scoláire, a threoraíonn an scoláire ar an turas seo. Is
é gnó an mhúinteora an teagasc agus fhoghlaim a stiúradh agus a éascú. Ciallaíonn sé seo go gcruthaíonn sé ionchur saibhir teanga sa teagasc. Tá saineolas nó eolas speisialta ag an múinteoir ar an teanga agus tá eolas agus scileanna speisialta aige a bhaineann leis an teanga a theagasc (oideolaíocht) agus éascaíonn sé an fhoghlaim. Nuair a bhíonn dúshlán agus deacrachtaí ag an scoláire cuireann an múinteoir treoir, spreagadh, cúnamh, aiseolas  agus tacaíocht ar fáil dó chun go ndéanfaidh sé dul chun cinn. Cuireann an múinteoir eiseamláirí cuí den teanga shaibhir ar fáil a spreagann agus a chumasaíonn an scoláire chun dul chun cinn  a dhéanamh. Treoraíonn sé an scoláire chun deiseanna úsáide agus cumarsáide a thapú sa timpeallacht teanga. Spreagann sé meas ar an teanga agus ar chultúr na Gaeilge, spreagann sé fiosracht ina leith agus spreagann sé tabhairt faoi deara sa scoláire.

* Seo téarma a chiallaíonn an teanga a bhíonn le cloisteáil agus le feiceáil i dtimpeallacht an  fhoghlaimeora nó an teanga a bhíonn ar fáil don fhoghlaimeoir
** An teanga a chumann nó a ghineann an scoláire  as a stuaim féin.

Is í an fhéinfheasacht mar fhoghlaimeoir teanga an uirlis is éifeachtaí atá ag an scoláire chun dul chun cinn  a dhéanamh. Trí chabhair agus trí aiseolas  an mhúinteora agus trí mhachnamh ar a bhfuil le déanamh go pearsanta aige ar an turas teanga, déanann an scoláire an dul chun cinn is gá dó a dhéanamh (na céimeanna is gá a thógáil) chun an sealbhú éifeachtach teanga a bhaint amach. Tá tréithe faoi leith ag foghlaimeoirí éifeachtacha teanga agus foghlaimíonn an scoláire faoi na tréithe seo. De réir mar a dhéanann sé dul chun cinn, glacann an scoláire úinéireacht ar an bhfoghlaim teanga. Chuige sin spreagtar é (trí fhéinspreagadh, spreagadh an mhúinteora, piarspreagadh agus spreagadh ón bpobal teanga) chun an teanga a úsáid. Is í úsáid na teanga agus an t-idirghníomhú cumarsáideach a chinnteoidh an sealbhú agus a chumasóidh an scoláire chun an ceann cúrsa a bhaint amach.

Uirlis eile a bhíonn ag an scoláire chun dul chun cinn  a dhéanamh ná an tabhairt faoi deara. Músclaítear fiosracht, fonn foghlama agus feasacht sa scoláire. Tríd an bhfeasacht seo aithníonn sé an bhearna idir an teanga atá aige féin agus é ag foghlaim na teanga (an idirtheanga a thugtar uirthi seo) agus leaganacha agus samplaí níos saibhre, níos cruinne agus níos nádúrtha den teanga. Tuigeann sé an chúis  go ndéanann sé botúin agus glacann sé freagracht as na botúin sin a cheartú agus teanga níos saibhre agus níos cruinne a tháirgeadh). Coinníonn sé blag nó punann ina ndéanann sé cur síos agus machnamh rialta ar an dul chun cinn  atá á dhéanamh aige agus ar na rudaí faoin  teanga agus faoi chultúr na teanga a thugann sé faoi deara. Cuireann sé síos chomh maith ar na céimeanna atá le tógáil aige chun dul chun cinn  a dhéanamh mar fhoghlaimeoir agus mar úsáideoir. Ní dhéanfaidh sé dul chun cinn  ina n-éagmais gan iad.

Tá ról tábhachtach ag a chomhscoláirí i ndul  chun cinn  an fhoghlaimeora. Trí idirghníomhú lena chomhscoláirí agus machnamh a dhéanamh, fásann tuiscint an scoláire air féin mar fhoghlaimeoir agus mar úsáideoir teanga. Trí dheiseanna cumarsáide a thapú lena chomhscoláirí san obair ghrúpa agus san obair bheirte sa rang agus i ngnáthchomhthéacsanna caidrimh lasmuigh de éiríonn leis an scoláire an idirghníomhaíocht teanga a bhaint amach.

Tá ról lárnach ag an bpobal teanga sa dul chun cinn  a dhéanann an scoláire. Nuair a ghlacann an scoláire páirt ghníomhach sa phobal teanga tacaíonn sé leis a chuid  inniúlachtaí agus scileanna teanga a fhorbairt agus a fheabhsú rud a chuireann go mór leis an sealbhú teanga. Cuireann an pobal teanga eiseamláirí den teanga bheo ar fáil don scoláire, tugann an scoláire gnéithe na teanga seo faoi deara agus déanann sé aithris orthu agus feidhmíonn siad mar spreagadh dó. Tuigeann sé an bhearna atá idir a theanga féin agus an teanga a chuireann an pobal teanga ar fáil. Gan pobal teanga, ní bheadh gá ar bith le teanga a fhoghlaim.

Tá nasc suntasach idir an tsonraíocht seo agus an Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta don Fhoghlaim agus don Saol (2011)*. Is é atá i gceist sa litearthacht ná an cumas le bheith in ann na cineálacha éagsúla cumarsáide a léamh, a thuiscint agus léirthuiscint chriticiúil a bheith againn dóibh, an teanga labhartha, téacs clóite, na meáin chraolta, agus na meáin dhigiteacha ina measc. Is cuid lárnach de shealbhú teanga é sealbhú na litearthachta. De réir mar a théann an scoláire i dtaithí ar théacsanna éagsúla (téacsanna ilmhódacha san áireamh), tagann forbairt ar a scileanna litearthachta. Agus an scoláire ag cruthú téacsanna, ag déanamh cumarsáid ar líne, nó ag lorg eolais, tógtar ar a chuid  scileanna teanga agus digiteacha rud a chuireann go mór lena litearthacht dhigiteach trí chéile. Is féidir le húsáid na nuatheicneolaíochta cur go mór le cothú na cruthaitheachta, le sealbhú na litearthachta agus leis an taitneamh a bhaineann an scoláire as úsáid teanga. Is cuid thábhachtach d’fhorbairt na litearthachta í an fheasacht teanga. Tacóidh  an fheasacht seo leis an scoláire roghanna oilte teanga a dhéanamh agus é ag ionramháil ábhair, smaointe agus coincheapa in ábhair eile trasna an churaclaim freisin. Bíonn coincheapa cainníochtúla agus uimhearthachta i gceist sa teanga, rud a threisíonn scileanna uimhearthachta an scoláire.

* An Roinn  Oideachais agus Scileanna. (2011). Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol. An Straitéis Náisiúnta chun Litearthacht agus Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga 2011-2020. Baile Átha Cliath: An Oifig Stáiseanóireachta.

Na gnéithe atá suntasach faoin teagasc agus faoin bhfoghlaim sa tsonraíocht seo

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.