Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Réamhrá leis an tsonraíocht

Cé dó an tsonraíocht seo?

Is ar scoláirí a bhfuil an Ghaeilge Ã¡ saothrú acu mar dhara teanga go príomha agus atá i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla, atá an tsonraíocht seo dírithe.

I scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla is é an Béarla teanga oibre na scoile agus múintear an Ghaeilge (T2*) mar ábhar. Aithnítear go bhfuil cúlraí teanga éagsúla ag scoláirí a fhreastalaíonn ar scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla lena n-áirítear iad siúd a bhfuil an Béarla mar phríomhtheanga sa bhaile agus iad siúd a bhfuil Béarla nó/agus teanga(cha) eile sa bhaile.

Nóta: Leasaíodh an tSonraíocht T1 do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí in Meán Fómhair 2023. Tagann an leagan seo isteach in áit leagan Mhárta 2023. Baineann an tSonraíocht T1 seo leis an gcohórt scoláirí a thosaigh sa chéad bhliain in 2022 agus gach cohórt scoláirí ina dhiaidh sin.

* Is í T1 an teanga ina bhfeidhmíonn an scoil (Béarla i scoileanna a fheidmhíonn trí mheán an Bhéarla; Gaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge.) Is í T2 an dara teanga (Gaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla; Béarla i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge).

Tá na scoláirí seo spléach cuid mhaith ar an seomra ranga Gaeilge toisc nach bhfuil pobal na Gaeilge i gcónaí ar thairseach an ranga Gaeilge. I ngeall ar a gharthimpeallacht teanga bíonn sé tábhachtach naisc fhiúntacha a chothú leis an bpobal teanga chun tacú le scoláirí

  • deiseanna úsáide eile a aimsiú
  • teacht ar eiseamláirí cruinne, dílse teanga
  • páirt a ghlacadh i bpobal na Gaeilge.

Tá an bhéim seo ar an bpobal teanga mar dhlúth agus inneach na sonraíochta seo agus tá seo
ag teacht leis an bhfís atá leagtha amach sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge  2010-2030 (2010) go háirithe an gá le ‘beocht a chur sa Ghaeilge  lasmuigh den seomra ranga i gcás daoine óga atá ag foghlaim sa chóras oideachais foirmiúil.’*

Tagann forbairt ar dhearcthaí scoláirí i leith úsáid na Gaeilge mar theanga bheo tríd an tuiscint agus an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal teanga agus an machnamh a dhéanann said orthu féin mar fhoghlaimeoirí teanga.  Cabhraíonn sé seo dearcthaí níos dearfaí a chothú i leith fhoghlaim agus úsáid na Gaeilge.

* Rialtas na hÉireann. (2010).  Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, lch 12.

Tá na torthaí foghlama atá luaite leis na trí shnáithe sa tsonraíocht seo ailínithe, a bheag  nó a mhór, leis na tuairiscíní atá le fáil i mbandaí A2-B1 (ó bhonnúsáideoir go húsáideoir neamhspléach teanga) den FTCE (CEFR)*. Ní gá go mbeadh na scileanna teanga uile ar an aon leibhéal amháin, d’fhéadfadh mar shampla, an labhairt a bheith ag leibhéal níos airde ná an scríobh mar shampla. Bíonn an scoláire ag brath ar aiseolas  agus treoir an mhúinteora, a chuid  féinfheasachta mar fhoghlaimeoir teanga agus ar dheiseanna úsáide na sprioctheanga chun breis forbartha a dhéanamh ar a scileanna teanga.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.