Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Gluais théarmaí CFL1

Tá sé i gceist go sainmhíneofaí agus go soiléireofaí sa ghluais seo téarmaí ó na treoirlínte i gcomhair Chlár Foghlama Leibhéal 1 de réir mar a fheictear sa tsonraíocht seo iad.

Teanga anatamaíoch

Tagraíonn teanga anatamaíoch do na téarmaí a nglactar leo agus a úsáidtear i réimse na hanatamaíochta daonna do bhaill den chorp.

Agus/nó

Nuair a áirítear ‘agus/nó’ i dtoradh foghlama féadfaidh an scoláire ‘Curtha i gcrích go rathúil’ a bhaint amach sa toradh foghlama sin nuair a bhaineann sé ceann amháin nó an dá thoradh luaite amach ag leibhéal ar bith de na conairí dul chun cinn. Caithfidh an múinteoir cinneadh a dhéanamh maidir le cé na gnéithe den toradh foghlama is oiriúnaí do gach scoláire.

Cumarsáid Bhreisitheach agus Mhalartach

Tagraíonn Cumarsáid Bhreisitheach agus Mhalartach (AAC) do raon leathan modhanna a úsáidtear chun caint a bhreisiú (cuir leis) nó le bheith mar mhalairt le caint. D’fhéadfaí cabhrú leis na modhanna seo (le huirlisí seachtracha) nó iad a úsáid gan chabhair (ní theastaíonn uirlisí). Áirítear le samplaí de chórais gan chabhair comharthaíocht, gothaí gnúise agus geáitsíocht. D’fhéadfaí míreanna tagartha, boird chumarsáide, siombailí, grianghraif agus foirmeacha éagsúla teicneolaíocht aschuir gutha a áireamh le córais chumarsáid chúnta, ach níl siad teoranta dóibh.

Scileanna láimhseála leabhar

Áirítear le scileanna láimhseála leabhar breith ar an leabhar an bealach ceart, an leabhar a oscailt, leathanaigh a iompú agus mar sin de.

Cúis agus éifeacht

Tagraíonn cúis agus éifeacht don tuiscint atá ann go bhfuil caidreamh idir imeachtaí nó rudaí, i gcás go bhfuil ceann ann mar thoradh ar an gceann eile (m.sh. solas a chasadh air nuair a shiúlann tú isteach i seomra dorcha).

Páirtí cumarsáideach

Is é an páirtí cumarsáideach an duine aonair atá páirteach i gcumarsáid a dhéanamh ar bhealach dírithe le scoláire atá ag tabhairt faoi na CFL1anna. Céim an-mhór do roinnt de na scoláirí seo is ea cumarsáid a dhéanamh d’aon turas. Foghlaimíonn páirtithe cumarsáideacha chun comharthaí a ‘léamh’ sa scoláire go bhfuil sé ag foghlaim le cumarsáid ag leibhéal dul chun cinn ar an gcontanam.

Gné

Tugann gnéithe breac-chuntas ar na réimsí ar leith a chlúdaítear i ngach Aonad Tosaíochta Foghlama (ATF). Mar shampla, tá ATF 5: Na healaíona comhdhéanta de thrí ghné: Amharc‑ealaín, Ceol agus Drámaíocht. Ba cheart do mhúinteoirí torthaí foghlama a áireamh ó gach gné le linn Clár Foghlama Leibhéal 1 a sheachadadh lena chinntiú go mbíonn rochtain ag an scoláire ar churaclam leathan agus cothromaithe.

Na Gnéithe Cáilíochta

Critéir iad na Gnéithe Cáilíochta a úsáideann an múinteoir le tacú le breithiúnas faoinar baineadh nó nár baineadh torthaí foghlama amach.

Foghlaim a ghinearálú

Is é ginearálú an téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar an gcéim nuair is féidir scoláire a fheiceáil ag aistriú foghlama i gcomhthéacs ar leith go cásanna eile, nach bhfuil an oiread aithne aige orthu.

Treoirlínte ‘Conas’

Táthar ag súil go gcuirfear píosaí gearra ábhar tacaíochta breise ar fáil ar chuir chuige teagaisc ar leith toisc gur eol go bhfuil siad éifeachtach leis na scoláirí seo, mar shampla, ceann do gach ATF.

Comhaird

Cás is ea comhaird ina bhfuil na daoine aonair atá bainteach sa ghníomh cumarsáide ag díriú ar an rud céanna. Tá níos mó i gceist ná féachaint ar rud; tuigeann na daoine aonair go bhfuil siad ag freagairt don rud céanna. Do roinnt scoláirí, is féidir le teagmháil súl nó aird amhairc a bheith dúshlánach. Sa chás seo, is féidir comhaird a bhaint amach trí chéadfaí (boladh, blas, tadhall nó éisteacht) malartacha a bhaint amach chomh fada agus a léiríonn an scoláire tuiscint go bhfuil an t-eispéireas comhroinnte agus go bhfuil a pháirtí ag boladh/mothú/cloisteáil nó blaiseadh den rud céanna.

Rúin foghlama

Is ráiteas, a chruthaíonn an múinteoir, é rún foghlama le haghaidh ceachta nó sraith ceachtanna, ina ndéantar cur síos soiléir ar an méid atá an múinteoir ag iarraidh a bheith ar eolas ag an scoláire, a thuigfidh an scoláire agus a bheidh an scoláire in ann a dhéanamh mar gheall ar na gníomhaíochtaí foghlama agus teagaisc.

Turas foghlama

Tagraíonn turas foghlama don bhealach uathúil a fhaigheann gach scoláire rochtain ar Chlár Foghlama Leibhéal 1. Nuair is féidir, ba cheart go mbeadh deis ag gach scoláire eispéireas a fháil/triail a bhaint as na torthaí foghlama ar fad ar bhealach atá bríoch dó féin. Oibreoidh na múinteoirí, teaghlach an scoláire agus gairmithe ildisciplíneacha a thacaíonn leis an scoláire le chéile chun go sainaithneofaí na torthaí foghlama a bhfuil tús áite le tabhairt dóibh, an chonair trínar bhfaighfear rochtain orthu agus an t-ord inar cheart iad a leanúint, bunaithe ar láidreachtaí, riachtanais agus spéiseanna an scoláire.

Torthaí foghlama (féach Torthaí foghlama neamhshrianta freisin)

Sonraítear i dtorthaí foghlama an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí ar féidir leis an scoláire a léiriú gur fhoghlaim sé i ngach gné den ATF. Níltear ag súil go leanfar torthaí foghlama ar bhealach líneach ach ar an mbealach is fearr a oireann don scoláire. Cinntíonn cineál neamhshrianta na dtorthaí foghlama solúbthacht don oiriúint ionas gur féidir iad a dhéanamh níos sonraíche don scoláire aonair chun a spéiseanna, láidreachtaí agus riachtanais a léiriú.

Marc a dhéanamh

Tosaíonn an scoláire a thuras i dtreo na scríbhneoireachta trí mharcanna a dhéanamh. Is féidir iad seo a dhéanamh le baill choirp nó raon uirlisí. Go mall, b’fhéidir go mbeadh níos mó brí ag baint leis na marcanna. Céim thábhachtach é seo agus é ag foghlaim le scríobh.

Aonaid Tosaíochta Foghlama (ATF)

Sainaithnítear agus forbraítear go follasach sna hAonaid Tosaíochta Foghlama seo na príomhréimsí foghlama a theastaíonn chun na scoláirí a ullmhú dá saol amach anseo. Tá sé ATF i gClár Foghlama Leibhéal 1: Cumarsáid, teanga agus litearthacht; Cúram pearsanta agus folláine; A bheith rannpháirteach i bpobal; Uimhearthacht; Na healaíona; agus Corpoideachas. Ansin roinntear gach ATF ina ghnéithe agus ansin tuilleadh ina thorthaí foghlama.

Teagasc agus foghlaim bunaithe ar phróiseas

Cur chuige iomlánaíoch i leith teagaisc agus foghlama is ea teagasc agus foghlaim bunaithe ar phróiseas ina leagtar béim ar phróiseas na foghlama seachas spriocanna torthaí aonair. Áirítear béim sna CFL1anna ar fhoghlaim fíorshaoil don scoláire atá rannpháirteach i gCláir Foghlama Leibhéal 1.

Féinrialáil

Tagraíonn féinrialáil mar a úsáidtear anseo é don phróiseas trína nglacann an scoláire ceannas ar a iompar. Faigheann sé féinrialáil trína bheith cumasaithe le spreagthaí a shainaithint a spreagann iompair is mian leis a athrú agus trí straitéisí a fhoghlaim a thacaíonn leis i bhféinrialáil.

Comharthaí céadfacha

D’fhéadfaí a áireamh le comharthaí céadfacha aon fhoinse spreagtha/aschuir chéadfach ónar bhféadfaí freagairt a fháil (m.sh. fuaimeanna, blasanna, boladh, uigeachtaí nó íomhánna/soilse).

Gearrchúrsaí

Táthar ag súil go mbeidh neamhspleáchas ag scoileanna chun aonaid foghlama a fhorbairt go sonrach chun riachtanais a scoláirí féin a shásamh. Beidh na Téamaí
I measc na dtéamaí don Ghaeilge tá: mé féin, sa bhaile, an scoil, bia, an teilifís, siopadóireacht, caitheamh aimsire, éadaí, an aimsir agus ócáidí speisialta. Is féidir leis an múinteoir go leor topaicí a roghnú as na téamaí. D’fhéadfaí na topaicí seo a leathnú chun ábhar atá spéisiúil don pháiste a chur san áireamh freisin.
oiriúnach d’aois chróineolaíoch an scoláire agus léireoidh siad a spéiseanna. Ceadóidh siad do theagasc agus foghlaim thraschuraclaim agus beidh torthaí foghlama na ATFanna leabaithe iontu.

Gnásanna sóisialta príobháideachais

Meastar gur ‘noirm’ shochaíocha iad gnásanna sóisialta príobháideachais a bhaineann le hiompair, eolas agus áiteanna a mheastar a bheith príobháideach.

Scripteanna sóisialta

Déantar cur síos sna scripteanna sóisialta ar an timpeallacht fhisiciúil a dtabharfaidh an scoláire cuairt uirthi, agus áireofar ann sonraí den mhéid a tharlóidh ar an turas. Scríobhtar sa chéad phearsa go minic iad, m.sh. ‘Nuair a théimid in airde na gcéimeanna chuig an doras beidh mé in ann mo mhála a fhágáil i seomra, áit a mbeidh sé sábháilte go dtí go dtagaim ar ais’.

Sonraíocht

Tagann an focal seo in ionad an fhocail ‘siollabas’. Breac-chuntas ar an gcuraclam agus comhpháirteanna measúnaithe ábhair nó cláir foghlama is ea sonraíocht. Murab ionann agus siollabas, níl torthaí foghlama bunaithe ar an ábhar ach is ráitis iad a chuireann síos ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ba cheart don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh tréimhse foghlama.

Míreanna tagartha caighdeánaithe

Míreanna coincréite, tríthoiseacha iad míreanna tagartha caighdeánaithe atá caighdeánaithe i saol an scoláire chun cumarsáid a dhéanamh, m.sh. spúnóg adhmaid a úsáid lena thabhairt le fios go bhfuil sé ‘in am cócaireachta’.

Spreagthach/spreagthaigh

Is féidir spreagthach nó spreagthaigh a shainmhíniú amhail aon rud nó imeacht a d’fhéadfadh a bheith mar spreagadh le freagairt de chineál éigin. Mar shampla, d’fhéadfadh píosa ceoil freagairt mhothúchánach a spreagadh a mbeadh gáire scoláire mar thoradh air.

Scéalta

Sraith imeachtaí nasctha, a cumadh nó atá fíor, a thugtar chun cuimhne in ord in aon bhealach bríoch atá i scéalta sa chomhthéacs seo. D’fhéadfaí a áireamh anseo leabhair phictiúir, scéalta céadfacha, scéalta suathaireachta, tráidirí scéalta, scéalta grianghraif nó aon rud/cur chuige eile atá bríoch don scoláire.

Téacs

Síos trí na treoirlínte CFL1, cuimsíonn 'téacs' gach toradh ar úsáid teanga: caint, geáitsíocht, comharthaí, scríobh, amharc, leictreonach agus digiteach.

Torthaí foghlama neamhshrianta

Sonraítear i dtorthaí foghlama neamhshrianta an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí ar féidir leis an scoláire a léiriú gur fhoghlaim sé, trína gcur in iúl mar ráitis leathana a cheadaíonn do raon léirmhínithe ag leibhéal scoile oiriúnach do riachtanais an scoláire.

Léirithe amhairc ar rudaí

Córais phictiúir iad léirithe amhairc ar rudaí a úsáidtear chun cumarsáid an scoláire a chaighdeánú. Uaireanta tugtar córais cumarsáide bhreisitheacha orthu. Is foirm AMHÁIN de chórais cumarsáide bhreisitheacha iad.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.