Measúnú Rangbhunaithe 2: Cur i láthair
Tá dhá thosaÃocht ag baint leis an Measúnú Rangbhunaithe seo: deis a thabhairt don scoláire a chuid eolais, scileanna agus tuisceana a chur i bhfeidhm i suÃomhanna difriúla ón bhfÃorshaol, agus a chuid scileanna cumarsáide a fhorbairt. Le linn an Mheasúnaithe Rangbhunaithe seo cuirfidh an scoláire ábhar a d’fhoghlaim sé sa chúrsa i bhfeidhm ina shaol laethúil agus i saol na hoibre, nascfaidh sé smaointe teoiriciúla le comhthéacsanna praiticiúla agus tosóidh sé ag forbairt scileanna machnaimh. Tá sé i gceist leis an Measúnú Rangbhunaithe seo go mbeidh nÃos mó plé dearfach idir an scoláire agus an múinteoir ar ábhair spéise a bhaineann le cúrsaà gnó le linn na dtrà bliana staidéir.
ÉilÃtear sa Mheasúnú Rangbhunaithe seo ar an scoláire ábhar a bhaineann le cúrsaà gnó a iniúchadh agus é a chur i láthair. D’fhéadfadh go mbeadh baint dhÃreach ag an ábhar a roghnaÃtear le sain‑inneachar de chuid an chúrsa nó d’fhéadfadh an scoláire rogha a dhéanamh staidéar a dhéanamh ar shaincheist a bhfuil tábhacht phearsanta nó áitiúil léi, ar an gcuntar go mbaineann sà leis an timpeallacht ghnó. D’fhonn an Measúnú Rangbhunaithe seo a chur i gcrÃch, beidh ar an scoláire:
- tabhairt faoi bhuntaighde chun nÃos mó a fhoghlaim faoin ábhar
- a spéis san ábhar a mhÃniú
- measúnú a dhéanamh ar an méid a d’fhoghlaim sé faoin timpeallacht ghnó de thoradh a iniúchta
- machnamh a dhéanamh ar an léargas difriúil atá aige ar an domhan agus ar an gcaoi ar athraigh a iompar i ndiaidh dó dul i ngleic leis an ábhar
- forbairt a chuid scileanna cumarsáide a thaispeáint trà chur i láthair a dhéanamh.
Nà féidir leis an scoláire cur i láthair a dhéanamh ar a Mheasúnú Rangbhunaithe don Ghnó á chur i ngnÃomh.
Is tionscadal do dhuine aonair é an Cur i láthair. CuimsÃonn sé trà réimse gnÃomhaÃochta: iniúchadh, machnamh ar fhoghlaim agus cumarsáid. Is féidir leis an scoláire comhoibriú lena chomhscoláirà nuair atá faisnéis ábhartha á bailiú ach ba chóir don mhúinteoir a chinntiú go bhfuil gach scoláire ábalta fianaise a sholáthar ina aonar chun gnéithe cáilÃochta an mheasúnaithe seo a chomhlÃonadh.