Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Cuimsiú

Tugann Corpoideachas na hArdteistiméireachta taithí foghlama atá cothrom agus ionchuimsitheach don fhoghlaimeoir sa tsraith shinsearach. Tá sé mar aidhm aige dul i gcion ar scoláirí i gcoitinne agus ní hamháin ar an bhfoghlaimeoir sin a bhaineann an scoth amach ina chuid gníomhaíochta coirp. Spreagtar foghlaimeoir a bhfuil spéis aige i ngníomhaíocht choirp agus i spórt agus atá tiomanta dóibh staidéar a dhéanamh ar Chorpoideachas na hArdteistiméireachta. Tá na torthaí foghlama ceaptha a bheith ábhartha do spéis phearsanta, shóisialta, chultúrtha agus ghairme réimse leathan foghlaimeoirí. 

Déantar foráil mar is cuí chun gach foghlaimeoir a chuimsiú lena n-áirítear cailíní agus buachaillí/mná agus fir, iadsan a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus míchumais fhisiceacha agus scoláirí ó chúlraí cultúrtha, eitneacha agus teangeolaíocha éagsúla. Déantar é sin trí thimpeallacht dhearfach foghlama a leagan síos áit ina dtugtar deiseanna do gach foghlaimeoir ionas go n-éireoidh leis agus ionas go ndéanfaidh sé dul chun cinn pearsanta. Níl i dtaispeántas sa ghníomhaíocht choirp ach ceann amháin de na critéir i gcomhair rathúlachta nuair a bhíonn Corpoideachas na hArdteistiméireachta á mheasúnú. Is féidir leis an bhfoghlaimeoir a chuid scileanna agus tallanna a thaispeáint freisin sna róil cóitseálaí/cóiréagrafaí neamh-imeartha. Sa timpeallacht foghlama ionchuimsitheach caitear leas a bhaint as cuir chuige teagaisc éagsúla, difreáil éifeachtach, modhnú trealaimh lena n-áirítear cinn atá curtha in oiriúint nó cúntach, agus caitear úsáid a bhaint as lucht pearsanra ar bhealach tacúil comhoibritheach.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.