Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Díríonn an tsonraíocht do staidéar gnó na sraithe sóisearaí ar thuiscint an scoláire ar an timpeallacht ghnó a fheabhsú agus ar scileanna don saol, don obair agus do staidéar breise a fhorbairt trí na trí shnáithe idirnasctha: Airgeadas Pearsanta, Fiontraíocht agus Ár nGeilleagar.

overview of course diagram

Díríonn Airgeadas Pearsanta ar an scoláire a bheith ag forbairt sraith scileanna, eolais agus luachanna a chuireann ar a chumas cinntí eolasacha a dhéanamh chun a chuid acmhainní airgeadais a bhainistiú go héifeachtach agus go freagrach. 

Spreagann Fiontraíocht an scoláire chun deiseanna a shainaithint agus iad a thiontú ina ngníomhaíochtaí praiticiúla spriocdhírithe taobh istigh den ghnó agus den tsochaí i gcoitinne trína thuiscint, trína scileanna agus trína luachanna a fhorbairt agus a úsáid. Forbraíonn sí buntuiscint an scoláire ar fheidhmeanna airgeadais, margaíochta agus oibriúcháin eagraíochta. 

Cuireann Ár ngeilleagar ar chumas an scoláire an caidreamh dinimiciúil idir cúrsaí eacnamaíochta go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta a thuiscint. Forbraíonn sé cumas an scoláire chun bun‑choincheapa eacnamaíochta a shainaithint agus a thuiscint faoi mar a bhaineann siad le hairgeadas pearsanta, le fiontraíocht agus le geilleagar na hÉireann.

Cé go leagtar amach na torthaí foghlama a bhaineann le gach snáithe astu féin anseo, níor chóir go dtuigfí as sin go bhfuil staidéar le déanamh ar na snáitheanna ina n‑aonar. Is cuid de rannpháirtíocht agus d’fhoghlaim an scoláire í a thaithí ar Airgeadas Pearsanta, ar Fhiontraíocht agus ar Ár nGeilleagar agus iad comhtháite go hiomlán ina chéile. Chun níos mó béime arís a chur ar shaintréith chomhtháite na foghlama, cuirtear torthaí gach snáithe i ngrúpaí ach thagairt a dhéanamh do thrí ghné: mo chuid acmhainní a bhainistiú, cúrsaí gnó a fhiosrú, scileanna a úsáid don ghnó.

Mo chuid acmhainní a bhainistiú: Trasna na snáitheanna, díríonn na torthaí foghlama sa ghné seo ar fheasacht, ar eolas agus ar thuiscint an scoláire ar bhuntosca an airgeadais phearsanta, na fiontraíochta agus na heacnamaíochta a fhorbairt.

Cúrsaí gnó a fhiosrú: Díríonn an ghné seo ar an gcomhthéacs don ghnó, trí amharc ar théamaí an domhandaithe, na forbartha inbhuanaithe agus an tomhaltachais. Cuireann sí ar chumas an scoláire machnamh a dhéanamh ar idircheangailteacht an ghnó leis an ngeilleagar, leis an tsochaí agus leis an gcomhshaol, agus spreagann sí an scoláire le bheith gníomhach agus freagrach. 

Scileanna a úsáid don ghnó: Leathnaíonn an ghné seo tuiscint an scoláire trí chur ar a chumas a chuid eolais agus scileanna a chur i bhfeidhm go réamhghníomhach ina shaol féin agus sa timpeallacht dhinimiciúil ghnó. 

Déanann na gnéithe sin cur síos ar fhócas ina bhfuil trí chuid d’fhoghlaim i seomra ranga an ghnó. Díríonn gach gné ar spriocanna an phróisis foghlama go háirithe, is é sin, ar shealbhú eolais, scileanna agus luachanna nua. De réir mar a théann an scoláire chun cinn trí na snáitheanna uile, tiocfaidh forbairt chórasach ar a chuid eolas bunúsach, ar a phrionsabail agus ar a luachanna, agus ar na príomhscileanna trí gach ceann de na gnéithe seo.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.