Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Micreamhodúil a d’fhorbair CNCM

Tacú le Ráiteas Chlár na hIdirbhliana

Is iondúil go gceaptar micreamhodúl Idirbhliana chun eispéireas foghlama dírithe a chur ar fáil laistigh de pharaiméadair Ráiteas Chlár na hIdirbhliana, chun feabhas a chur ar an eispéireas foghlama don scoláire. Is féidir iad a cheapadh agus a chur ar fáil mar chomhpháirteanna aonair nó is féidir iad a cheapadh le comhtháthú i gcomhpháirteanna Idirbhliana eile. Is féidir micreamhodúil Idirbhliana a fhorbairt ar feadh tréimhse suas le 10, 20, nó 30 uair an chloig, agus cuirtear solúbthacht ar fáil do scoileanna cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcothromaíocht is feiliúnaí idir am teagmhála ranga agus foghlaim fhéintreoraithe, neamhspleách.Tugtar na hacmhainní laistigh de na micreamhodúil chun tacú le múinteoirí ionas go mbeidh siad féin in ann na heispéiris foghlama is fearr a chur ar fáil dá scoláirí.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.